Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Europe's Rail Joint Undertaking

Forléargas

  • Ról: Is é is aidhm don Chomhghnóthas um Iarnród na hEorpa (EU-Rail), trí chur chuige comhtháite córais, líonra iarnróid an Aontais a sheachadadh do phaisinéirí agus do lastas Eorpach ar líonra iarnróid ardtoillte, solúbtha, ilmhódach, inbhuanaithe, iontaofa agus comhtháite é.
  • Stiúrthóir Feidhmiúcháin ad interim: Giorgio Travaini
  • Comhpháirtithe: An tAontas Eorpach (arna ionadú ag an gCoimisiún Eorpach) agus ballchuideachtaí
  • Bliain a bhunaithe: 2021 (bunaíodh Shift2Rail, a tháinig roimhe, in 2014)
  • An líon foirne: 29
  • Láthair: An Bhruiséil, an Bheilg
  • Suíomh Gréasáin: An Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa

Is í EU-Rail an chomhpháirtíocht Eorpach le haghaidh taighde agus nuálaíocht iarnróid faoin gclár Fís Eorpach (2020-2027) agus comharba Chomhghnóthas Shift2Rail. 

Is é is aidhm don chomhpháirtíocht sin dlús a chur leis an taighde agus leis an bhforbairt i dteicneolaíochtaí nuálacha agus i réitigh oibríochtúla. Tacaíonn sé le beartais agus cuspóirí an Aontais don earnáil iarnróid, d’iomaíochas na hearnála sin, agus do thionscal soláthair iarnróid na hEorpa. Cuireann EU-Rail dlús leis an úsáid a bhaintear as nuálaíochtaí teicneolaíochta comhtháite, idir-inoibritheacha agus caighdeánaithe, ar nuálaíochtaí iad a bhfuil gá leo chun tacú leis an Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid.
 

An méid a dhéanann sé

Tá sé d’aidhm ag EU-Rail líonra iarnróid Eorpach comhtháite ardtoillte a chur ar fáil trí dheireadh a chur le bacainní ar an idir-inoibritheacht, trí réitigh a chur ar fáil maidir le comhtháthú iomlán (lena gcumhdaítear bainistiú tráchta, feithiclí, bonneagar agus seirbhísí), agus trí ghlacadh níos tapa a bhaint amach agus an nuálaíocht a chur chun úsáide trí thionscadail mhaoinithe. Cuireann sé digitiú agus uathoibriú chun cinn chun costais a laghdú don tionscal iarnróid , acmhainneacht a mhéadú, agus solúbthacht agus iontaofacht a neartú. Tá a chuid oibre bunaithe ar struchtúr córais feidhme a dhéanann an earnáil a chomhroinnt, i gcomhar le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh.

Ba cheart an córas iarnróid Eorpach a chomhtháthú sa chóras iompair níos leithne freisin. Tacaíonn EU-Rail le forbairt tionscal iarnróid Eorpach atá láidir agus iomaíoch go domhanda. 

Tá cuspóirí EU-Rail ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí beartais an Aontais, ar an bhfís atá aige don tionscal iarnróid, agus ar na dúshláin a bhaineann go dlúth le hathrú an chórais iarnróid ó bhonn.

Féachann comhpháirtíocht EU-Rail lena cinntiú go ndéanfar aistriú tapa chuig córas iarnróid Eorpach a dhéanfaidh an méid seo a leanas: 

  • riachtanais athraitheacha na gcustaiméirí a chomhlíonadh
  • feidhmíocht agus cumas a fheabhsú
  • costais a laghdú
  • cur le hiompar níos inbhuanaithe
  • cur chuige comhchuibhithe a chur ar fáil chun oiriúnú don athrú sa tionscal 
  • ról níos láidre don iarnród a chur ar fáil maidir le hiompar agus taisteal na hEorpa
  • cur le tionscal soláthair iarnróid an Aontais atá níos iomaíche 

Cé a bhaineann tairbhe as?

  • Paisinéirí
  • Custaiméirí lastais
  • Cuideachtaí iompair 
  • Cuideachtaí bainistíochta bonneagair
  • Tionscal soláthair iarnróid

Tuilleadh eolais

Glaonna ar thograí

Glaonna ar thairiscintí

Nuacht

Nuachtlitir

Teagmháil

An Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa

Ainm
An Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa
Suíomh gréasáin
https://rail-research.europa.eu/
Seoladh ríomhphoist
communicationatrail-research [dot] europa [dot] eu
Seoladh poist
Avenue de la Toison d’Or 56-60/Gulden-Vlieslaan 56-60, 1060 An Bhruiséil, An Bheilg
Na meáin shóisialta