Forléargas
- Ról: Is é is aidhm don Chomhghnóthas um Iarnród na hEorpa (EU-Rail), trí chur chuige comhtháite córais, líonra iarnróid an Aontais a sheachadadh do phaisinéirí agus do lastas Eorpach ar líonra iarnróid ardtoillte, solúbtha, ilmhódach, inbhuanaithe, iontaofa agus comhtháite é.
- Stiúrthóir Feidhmiúcháin ad interim: Giorgio Travaini
- Comhpháirtithe: An tAontas Eorpach (arna ionadú ag an gCoimisiún Eorpach) agus ballchuideachtaí
- Bliain a bhunaithe: 2021 (bunaíodh Shift2Rail, a tháinig roimhe, in 2014)
- An líon foirne: 29
- Láthair: An Bhruiséil, an Bheilg
- Suíomh Gréasáin: An Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa
Is í EU-Rail an chomhpháirtíocht Eorpach le haghaidh taighde agus nuálaíocht iarnróid faoin gclár Fís Eorpach (2020-2027) agus comharba Chomhghnóthas Shift2Rail.
Is é is aidhm don chomhpháirtíocht sin dlús a chur leis an taighde agus leis an bhforbairt i dteicneolaíochtaí nuálacha agus i réitigh oibríochtúla. Tacaíonn sé le beartais agus cuspóirí an Aontais don earnáil iarnróid, d’iomaíochas na hearnála sin, agus do thionscal soláthair iarnróid na hEorpa. Cuireann EU-Rail dlús leis an úsáid a bhaintear as nuálaíochtaí teicneolaíochta comhtháite, idir-inoibritheacha agus caighdeánaithe, ar nuálaíochtaí iad a bhfuil gá leo chun tacú leis an Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid.
An méid a dhéanann sé
Tá sé d’aidhm ag EU-Rail líonra iarnróid Eorpach comhtháite ardtoillte a chur ar fáil trí dheireadh a chur le bacainní ar an idir-inoibritheacht, trí réitigh a chur ar fáil maidir le comhtháthú iomlán (lena gcumhdaítear bainistiú tráchta, feithiclí, bonneagar agus seirbhísí), agus trí ghlacadh níos tapa a bhaint amach agus an nuálaíocht a chur chun úsáide trí thionscadail mhaoinithe. Cuireann sé digitiú agus uathoibriú chun cinn chun costais a laghdú don tionscal iarnróid , acmhainneacht a mhéadú, agus solúbthacht agus iontaofacht a neartú. Tá a chuid oibre bunaithe ar struchtúr córais feidhme a dhéanann an earnáil a chomhroinnt, i gcomhar le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh.
Ba cheart an córas iarnróid Eorpach a chomhtháthú sa chóras iompair níos leithne freisin. Tacaíonn EU-Rail le forbairt tionscal iarnróid Eorpach atá láidir agus iomaíoch go domhanda.
Tá cuspóirí EU-Rail ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí beartais an Aontais, ar an bhfís atá aige don tionscal iarnróid, agus ar na dúshláin a bhaineann go dlúth le hathrú an chórais iarnróid ó bhonn.
Féachann comhpháirtíocht EU-Rail lena cinntiú go ndéanfar aistriú tapa chuig córas iarnróid Eorpach a dhéanfaidh an méid seo a leanas:
- riachtanais athraitheacha na gcustaiméirí a chomhlíonadh
- feidhmíocht agus cumas a fheabhsú
- costais a laghdú
- cur le hiompar níos inbhuanaithe
- cur chuige comhchuibhithe a chur ar fáil chun oiriúnú don athrú sa tionscal
- ról níos láidre don iarnród a chur ar fáil maidir le hiompar agus taisteal na hEorpa
- cur le tionscal soláthair iarnróid an Aontais atá níos iomaíche
Cé a bhaineann tairbhe as?
- Paisinéirí
- Custaiméirí lastais
- Cuideachtaí iompair
- Cuideachtaí bainistíochta bonneagair
- Tionscal soláthair iarnróid
Tuilleadh eolais
Teagmháil
An Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa
- Ainm
- An Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa
- Suíomh gréasáin
- https://rail-research.europa.eu/
- Seoladh ríomhphoist
- communication
rail-research [dot] europa [dot] eu
- Seoladh poist
Avenue de la Toison d’Or 56-60/Gulden-Vlieslaan 56-60
1060 An Bhruiséil
An Bheilg- Na meáin shóisialta