Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Aidhmeanna agus luachanna

Aidhmeanna

Is iad seo a leanas aidhmeanna an Aontais Eorpaigh laistigh dá theorainneacha:

  • an tsíocháin, luachanna an Aontais agus folláine na saoránach a chur chun cinn
  • saoirse, slándáil agus ceartas a bheith ann laistigh de theorainneacha an Aontais, agus san am céanna na bearta iomchuí a dhéanamh ag teorainneacha seachtracha an Aontais chun an tearmann agus an imirce a rialú agus an choireacht a chosc agus a chomhrac
  • margadh inmheánach a bhunú
  • forbairt inbhuanaithe a bhaint amach agus í fothaithe ar fhás eacnamaíoch cothrom agus ar chobhsaíocht praghsanna, ar gheilleagar margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar maille le lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta
  • feabhas a chur ar cháilíocht an chomhshaoil agus é a chosaint
  • dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch a chur chun cinn
  • an t-eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú a chomhrac
  • ceartas sóisialta agus cosaint shóisialta, comhionannas idir fir agus mná agus cosaint chearta an linbh a chur chun cinn
  • comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a chur chun cinn
  • saibhreas éagsúlacht chultúrtha agus teanga an Aontais a urramú
  • aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhfuil an euro mar airgeadra aige a bhunú

Is iad seo a leanas aidhmeanna an Aontais sa domhan i gcoitinne:

  • luachanna agus leasanna an Aontais a urramú agus a chur chun cinn
  • cur leis an tsíocháin agus an tslándáil agus le forbairt inbhuanaithe an Domhain
  • cur leis an dlúthpháirtíocht agus cóimheas ar a chéile, an trádáil shaor agus chothrom, an bhochtaineacht a dhíothú agus cearta an duine a chosaint
  • an dlí idirnáisiúnta a urramú go docht

Leagtar amach aidhmeanna an Aontais in Airteagal 3 de Chonradh Liospóin.

Luachanna

Bunaíodh an tAontas Eorpach ar na luachanna seo a leanas:

Dínit an Duine
Tá dínit an duine dosháraithe. Ní mór an dínit sin a urramú agus a chosaint agus is í is bonn, dáiríre, do na cearta bunúsacha.

An tSaoirse
Tá saoirse gluaiseachta ag gach saoránach, rud a thugann an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh den Aontas. Ar na saoirsí aonair atá cosanta faoi Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh tá meas ar an saol príobháideach, saoirse smaoinimh, reiligiúin, comhthionóil agus saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.

An Daonlathas
Tá oibriú an Aontais fothaithe ar an daonlathas ionadaíoch. Tá cearta polaitiúla ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh go huathoibríoch. Tá ag gach saoránach fásta den Aontas an ceart chun vótáil agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa. Tá sé de cheart acu vótáil agus seasamh mar iarrthóir sa Bhallstát ina gcónaíonn siad, nó ina mBallstát tionscnaimh.

An Comhionannas
Is é rud é comhionannas na cearta céanna a bheith ag gach saoránach os comhair an dlí. Tá prionsabal an chomhionannais idir mná agus fir mar bhonn le beartais uile an Aontais agus le comhtháthú na hEorpa. Tá feidhm aige i ngach réimse. Cuireadh prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann le Conradh na Róimhe in 1957.

An Smacht Reachta
Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar phrionsabal an smachta reachta. Tá gach rud a dhéanann an tAontas fothaithe ar chonarthaí, conarthaí lenar aontaigh na Ballstáit go toiliúil agus go daonlathach. Tá an dlí agus an ceartas faoi chosaint ag breithiúna neamhspleácha. Chinn na Ballstáit gur ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bheadh an dlínse chríochnaitheach agus ní mór do gach saoránach breitheanna na Cúirte sin a urramú.

Cearta an Duine
Tá cearta an duine cosanta ag Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. I measc na gceart sin tá an ceart chun bheith saor ó idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, cine, tionscnamh eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach, an tsaoirse chun sonraí pearsanta a chosaint, agus an ceart rochtain a fháil ar an gceartas.

 

Leagtar amach luachanna an Aontais in Airteagal 2 de Chonradh Liospóin agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

In 2012 bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an Aontas Eorpach as an tsíocháin, an t-athmhuintearas, an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn san Eoraip.