Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
logo of European Banking Authority

Forbhreathnú

  • Ról: creat rialála agus maoirseachta aonair a bhunú don earnáil baincéireachta iomlán san Aontas
  • Cathaoirleach: José Manuel Campa
  • Stiúrthóir Feidhmiúcháin: François-Louis Michaud
  • Bliain a bhunaithe: 2011
  • Líon na mball foirne: 208
  • Suíomh: Páras (na Fraince)
  • Suíomh gréasáin: ÚBE 

Is gníomhaireacht de chuid an Aontais ÚBE a bhfuil sé de chúram air a tacar rialacha caighdeánach a chur chun feidhme chun baincéireacht a rialáil agus a mhaoirsiú i dtíortha uile an Aontais. Is é atá mar aidhm dó margadh aonair cobhsaí trédhearcach éifeachtúil a chur ar fáil le haghaidh táirgí baincéireachta an Aontais.

A ndéanann sé

  • Cuidiú leis an bpróiseas chun tacar rialacha caighdeánach aonair maidir le baincéireacht san Aontas – an Leabhar Rialacha Aonair  - a chruthú.
  • Nochtadh lárnaithe faisnéise maoirseachta maidir le bainc de chuid an Aontais a chur ar fáil (chun trédhearcacht, rialú margaidh agus cobhsaíocht airgeadais a fheabhsú ar fud an Aontais).
  • Comhoibriú idir údaráis idirnáisiúnta maidir le grúpaí baincéireachta a fheidhmíonn i níos mó ná tír amháin a chur chun cinn, agus idirghabháil a dhéanamh i ndíospóidí a bhaineann le níos mó ná tír amháin.
  • Margadh cothrom simplí trédhearcach a chur chun cinn do thomhaltóirí táirgí agus seirbhísí airgeadais san Aontas, agus a chinntiú go gcosnaítear na tomhaltóirí uile ar fud an Aontais.agus go ndéileáiltear go cothrom leo.

Iad sin a bhaineann leas as

  • Institiúidí an Aontais Eorpaigh
  • Gnólachtaí agus tomhaltóirí san earnáil baincéireachta
  • Geilleagar an Aontais i gcoitinne.

Féach freisin

Nuacht agus preaseisiúintí

Tuarascálacha bliantúla

Rialáil agus beartais

Anailís riosca agus sonraí

Cúinne na dtomhaltóirí

Poist

Teagmháil

Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE)

Ainm
Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE)
Suíomh gréasáin
https://www.eba.europa.eu/languages/home_en/
Seoladh ríomhphoist
infoateba [dot] europa [dot] eu
Uimhir ghutháin
+33 (0)1 86 52 70 00
Seoladh poist
Tour Europlaza, 20 Avenue André-Prothin, 92400 Courbevoie, An Fhrainc
Na meáin shóisialta