Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union
 
European Banking Authority logo

Forbhreathnú

  • Ról: creat rialála agus maoirseachta aonair a bhunú don earnáil baincéireachta iomlán san Aontas
  • Cathaoirleach: François-Louis Michaud
  • Bliain a bunaithe: 2011
  • Baill foirne: 261
  • Láthair: Páras (an Fhrainc)
  • Suíomh gréasáin: ÚBE

Is gníomhaireacht de chuid an Aontais ÚBE a bhfuil sé de chúram air tacar rialacha caighdeánach a chur chun feidhme chun baincéireacht a rialáil agus a mhaoirsiú i dtíortha uile an Aontais. Is é atá mar aidhm dó margadh aonair cobhsaí trédhearcach éifeachtúil a chur ar fáil le haghaidh táirgí baincéireachta an Aontais.

Gníomhaíochtaí

  • cuidiú leis an bpróiseas chun tacar rialacha caighdeánach aonair maidir le baincéireacht san Aontas – an Leabhar Rialacha Aonair – a chruthú
  • nochtadh lárnach faisnéise maoirseachta maidir le bainc de chuid an Aontais a chur ar fáil (chun trédhearcacht, rialú margaidh agus cobhsaíocht airgeadais a fheabhsú ar fud an Aontais)
  • comhomhar idir údaráis idirnáisiúnta maidir le grúpaí baincéireachta a fheidhmíonn i níos mó ná tír amháin a chur chun cinn, agus idirghabháil a dhéanamh i ndíospóidí a bhaineann le níos mó ná tír amháin
  • margadh cothrom simplí trédhearcach a chur chun cinn do thomhaltóirí táirgí agus seirbhísí airgeadais san Aontas, agus a chinntiú go gcosnaítear na tomhaltóirí uile ar fud an Aontais.agus go ndéileáiltear go cothrom leo.

Cé a bhaineann tairbhe as?

  • Institiúidí den Aontas Eorpach
  • gnólachtaí agus tomhaltóirí san earnáil baincéireachta
  • geilleagar an Aontais i gcoitinne

Tuilleadh eolais

Nuacht agus preaseisiúintí

Tuarascálacha bliantúla

Rialáil agus beartais

Anailís riosca agus sonraí

Cúinne na dtomhaltóirí

Poist

Teagmháil

An tÚdarás Baincéireachta Eorpach

Ainm
An tÚdarás Baincéireachta Eorpach
Suíomh gréasáin
https://www.eba.europa.eu/
Seoladh ríomhphoist
infoateba [dot] europa [dot] eu
Uimhir ghutháin
+33 (0)1 86 52 70 00
Seoladh poist

Tour Europlaza 20 Avenue André-Prothin
92400 Courbevoie
An Fhrainc

Na meáin shóisialta