Skip to main content
Comhlacht de chuid an AE

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)

European Data Protection Supervisor - Logo

Forléargas

  • Ról: Cinntíonn sé go mbíonn meas ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais ar cheart an duine chun príobháideachta agus iad i mbun a shonraí pearsanta a phróiseáil
  • An Maoirseoir: Wojciech Wiewiórowski
  • Bliain a bhunaithe: 2004
  • Suíomh: An Bhruiséil (an Bheilg)
  • Suíomh GréasáinAn Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Ó am go ham, agus iad i mbun a ndualgas, déanann institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, faisnéis phearsanta na saoránach a phróiseáil – i bhfoirm leictreonach, scríofa nó físe. Baineann próiseáil le sonraí a bhailiú, a thaifeadadh, a stóráil, a athfháil, a sheoladh, a bhlocáil nó a scriosadh. Tá sé de chúram ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí na rialacha príobháideachta dochta atá ann, lena rialaítear na gníomhaíochtaí sin, a chur i bhfeidhm.

Cad a dhéanann an MECS?

  • maoirsíonn sé an chaoi a bpróiseálann riarachán an Aontais sonraí pearsanta chun comhlíonadh na rialacha príobháideachta a chinntiú
  • tugann sé comhairle d'institiúidí agus comhlachtaí an Aontais faoi gach gné de phróiseáil sonraí pearsanta agus faoi bheartais agus reachtaíocht atá gaolmhar
  • déileálann sé le gearáin agus déanann sé fiosrúcháin
  • oibríonn sé i gcomhar le húdaráis náisiúnta na mBallstát le comhsheasmhacht ó thaobh cosaint sonraí de a chinntiú
  • déanann sé monatóireacht ar theicneolaíochtaí nua a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chosaint sonraí.

Cén chaoi a n-oibríonn MECS?

Is i gcomhair tréimhse oifige 5 bliana a cheaptar an Maoirseoir, tréimhse is féidir a athnuachan. Is ann do dhá phríomheintiteas MECS le haghaidh oibríochtaí ó lá go chéile:

  • Maoirseacht agus Forfheidhmiú – déanann sé measúnú ar chomhlíonadh cosanta sonraí ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais.
  • Beartas agus Comhairliúchán - tugann sé comhairle do reachtóirí an Aontais maidir le saincheisteanna a bhaineann le cosaint sonraí i réimsí beartais éagsúla agus maidir le tograí reachtacha nua.

Tusa agus MECS

Ní ceart d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais do shonraí pearsanta a phróiseáil a bhaineann le do

  • bhunadh cineeitneach
  • do thuairimí polaitiúla
  • do chreidimh reiligiúnachafealsúnacha
  • nó do bhallraíocht i gceardchumann

Ní cead dóibh sonraí faoi do shláintedo chlaonadh gnéis a phróiseáil ach oiread, ach amháin nuair is gá é sin a dhéanamh ar mhaithe le do chúram sláinte. Fiú sa chás sin, caithfidh gairmí sláinte na sonraí a phróiseáil, nó duine eile atá faoi mhionn rúndachta gairme.

Má cheapann tú gur sháraigh institiúid nó comhlacht an Aontais do cheart chun príobháideachta, ba cheart duit dul i dteagmháil ar dtús le baill foirne an Aontaisatá freagrach as do shonraí a phróiseáil agus a cheapann tú a rinne an sárú. Mura bhfuil tú sásta leis an toradh, téigh i dteagmháil leis an oifigeach um chosaint sonraí de chuid na hinstitiúide nó an chomhlachta den Aontas a cheapann tú a rinne an sárú.

Má theipeann ort, is féidir leat gearán a dhéanamh chuig MECS, ag baint úsáide as foirm le haghaidh gearán a dhéanamh. Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí fiosrúchán agus inseoidh sé duit an aontaíonn sé leat, agus má aontaíonn, conas atáthar ag réiteach cúrsaí.

Mura n-aontaíonn tú le cinneadh an Mhaoirseora, is féidir leat an t-ábhar a chur faoi bhráid Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Tuilleadh eolais

Cé hé cé

Tuairimí

Foilseacháin

Leabharlann thagartha

Poist

Teagmháil

Ainm
An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)
Suíomh gréasáin
https://edps.europa.eu/_en
Uimhir ghutháin
+32 2 283 19 00
Uimhir facs
+32 2 283 19 50
Seoladh poist
Rue Wiertz/Wiertzstraat 60, 1047 Bruxelles/Brussel, An Bheilg
Na meáin shóisialta