Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
European Data Protection Supervisor - Logo

Forléargas

  • Ról: Cinntíonn sé go mbíonn meas ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais ar cheart an duine chun príobháideachta agus iad i mbun a shonraí pearsanta a phróiseáil
  • An Maoirseoir: Wojciech Wiewiórowski
  • Bliain a bhunaithe: 2004
  • Suíomh: An Bhruiséil (an Bheilg)
  • Suíomh GréasáinAn Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Ó am go ham, agus iad i mbun a ndualgas, déanann institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, faisnéis phearsanta na saoránach a phróiseáil – i bhfoirm leictreonach, scríofa nó físe. Baineann próiseáil le sonraí a bhailiú, a thaifeadadh, a stóráil, a athfháil, a sheoladh, a bhlocáil nó a scriosadh. Tá sé de chúram ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí na rialacha príobháideachta dochta atá ann, lena rialaítear na gníomhaíochtaí sin, a chur i bhfeidhm.

Cad a dhéanann an MECS?

  • maoirsíonn sé an chaoi a bpróiseálann riarachán an Aontais sonraí pearsanta chun comhlíonadh na rialacha príobháideachta a chinntiú
  • tugann sé comhairle d'institiúidí agus comhlachtaí an Aontais faoi gach gné de phróiseáil sonraí pearsanta agus faoi bheartais agus reachtaíocht atá gaolmhar
  • déileálann sé le gearáin agus déanann sé fiosrúcháin
  • oibríonn sé i gcomhar le húdaráis náisiúnta na mBallstát le comhsheasmhacht ó thaobh cosaint sonraí de a chinntiú
  • déanann sé monatóireacht ar theicneolaíochtaí nua a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chosaint sonraí.

Cén chaoi a n-oibríonn MECS?

Is i gcomhair tréimhse oifige 5 bliana a cheaptar an Maoirseoir, tréimhse is féidir a athnuachan. Is ann do dhá phríomheintiteas MECS le haghaidh oibríochtaí ó lá go chéile:

  • Maoirseacht agus Forfheidhmiú – déanann sé measúnú ar chomhlíonadh cosanta sonraí ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais.
  • Beartas agus Comhairliúchán - tugann sé comhairle do reachtóirí an Aontais maidir le saincheisteanna a bhaineann le cosaint sonraí i réimsí beartais éagsúla agus maidir le tograí reachtacha nua.

Tusa agus MECS

Ní ceart d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais do shonraí pearsanta a phróiseáil a bhaineann le do

  • bhunadh cineeitneach
  • do thuairimí polaitiúla
  • do chreidimh reiligiúnachafealsúnacha
  • nó do bhallraíocht i gceardchumann

Ní cead dóibh sonraí faoi do shláintedo chlaonadh gnéis a phróiseáil ach oiread, ach amháin nuair is gá é sin a dhéanamh ar mhaithe le do chúram sláinte. Fiú sa chás sin, caithfidh gairmí sláinte na sonraí a phróiseáil, nó duine eile atá faoi mhionn rúndachta gairme.

Má cheapann tú gur sháraigh institiúid nó comhlacht an Aontais do cheart chun príobháideachta, ba cheart duit dul i dteagmháil ar dtús le baill foirne an Aontais atá freagrach as do shonraí a phróiseáil agus a cheapann tú a rinne an sárú. Mura bhfuil tú sásta leis an toradh, téigh i dteagmháil leis an oifigeach um chosaint sonraí de chuid na hinstitiúide nó an chomhlachta den Aontas a cheapann tú a rinne an sárú.

Má theipeann ort, is féidir leat gearán a dhéanamh chuig MECS, ag baint úsáide as foirm le haghaidh gearán a dhéanamh. Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí fiosrúchán agus inseoidh sé duit an aontaíonn sé leat, agus má aontaíonn, conas atáthar ag réiteach cúrsaí.

Mura n-aontaíonn tú le cinneadh an Mhaoirseora, is féidir leat an t-ábhar a chur faoi bhráid Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Tuilleadh eolais

Cé hé cé

Tuairimí

Foilseacháin

Leabharlann thagartha

Poist

Teagmháil

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)

Ainm
An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)
Suíomh gréasáin
https://edps.europa.eu/_en
Uimhir ghutháin
+32 2 283 19 00
Uimhir facs
+32 2 283 19 50
Seoladh poist
Rue Wiertz/Wiertzstraat 60, 1047 Bruxelles/Brussel, An Bheilg
Na meáin shóisialta