Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Community Plant Variety Office - Logo

Forbhreathnú

  • Ról: an córas Eorpach um chearta cineálacha plandaí a stiúradh
  • Uachtarán: Francesco Mattina 
  • Bliain a bunaithe: 1995
  • Líon foirne: 50
  • Suíomh: Angers na Fraince
  • Suíomh gréasáin: CPVO 

Is é a dhéanann an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí (CPVO) an nuálaíocht i gcineálacha plandaí a spreagadh trí iarratais ar chearta Comhphobail i ndáil le cineálacha plandaí a phróiseáil go cúramach ar chostas réasúnta, agus tugann baill foirne na hOifige treoir maidir le cúrsaí beartais agus cúnamh do pháirtithe leasmhara maidir leis na cearta sin a fheidhmiú. Trí chineálacha nua plandaí a chosaint ar fud an Aontais Eorpaigh, caomhnaítear leasanna na bpóraitheoirí agus féachtar chuige go mbeidh brabús le fáil acu ar a gcuid infheistíochta i dtaighde agus i nuálaíocht.

A ndéanann sé

  • Bronnann CPVO cearta maoine intleachtúla i leith cineálacha nua plandaí. Bíonn na cearta sin bailí ar feadh tréimhse 25 bliana (nó ar feadh 30 bliain i gcás cineálacha áirithe prátaí, fíniúnacha agus crann) i mBallstáit uile an Aontais Eorpaigh.
  • Treoir maidir le cúrsaí beartais agus cúnamh a thabhairt do pháirtithe leasmhara maidir leis na cearta sin a fheidhmiú.

Iad sin a bhaineann leas as

Seo na príomhghrúpaí:

  • póraitheoirí plandaí
  • saothróirí
  • an pobal i gcoitinne.

Féach freisin

Iris Oifigiúil CPVO 

Tuarascálacha bliantúla 

An Nuachtlitir 

Preaseisiúintí agus teachtaireachtaí 

Fógraí teicniúla 

Comhdhálacha agus imeachtaí speisialta 

Teagmháil

An Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí (CPVO)

Ainm
An Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí (CPVO)
Suíomh gréasáin
https://cpvo.europa.eu/en/
Seoladh ríomhphoist
cpvoatcpvo [dot] europa [dot] eu
Uimhir ghutháin
+33 2 41 25 64 00
Uimhir facs
+33 2 41 25 64 10
Seoladh poist
3 boulevard Maréchal Foch, 49101 Angers 02, An Fhrainc
Na meáin shóisialta