Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Lá na hEorpa 2020

Rinneadh 70 bliain ó tugadh dearbhú Schuman a chomóradh an 9 Bealtaine 2020, dearbhú a chuir tús leis an aistear as ar fhás an tAontas Eorpach. Is mó an aithne atá ar shaol agus ar shaothar Robert Schuman mar gheall ar a dhúthracht chun deireadh a chur leis an gcogadh san Eoraip. Ar an ábhar sin, ómós cuí a bhí ann go ndearnamar 75 bliana ó tugadh an Dara Cogadh Domhanda chun deiridh san Eoraip a chomóradh chomh maith. Sa lá atá inniu ann, oibrímid as lámh a chéile ar mhaithe le domhan níos sábháilte a chinntiú.

Rinne saoránaigh san Eoraip agus ar fud an domhain ceiliúradh ar Lá na hEorpa in éineacht lenár n-oifigí, agus chuir ealaíontóirí Eorpacha leis an gceiliúradh sin trí cheol a sheinm lena linn. Féach na buaicphointí eile atá ar fáil ag na naisc thíos.

Parlaimint na hEorpa

An Chomhairle Eorpach

An Coimisiún Eorpach

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Coiste Eorpach na Réigiún