Cad atá i gceist le Bliain Eorpach?
Feachtas feasachta atá i gceist le Bliain Eorpach maidir le saincheist shonrach arb é is aidhm di díospóireacht agus plé a spreagadh i mBallstáit den Aontas agus eatarthu. Leis an tionscnamh cuirtear saincheist ar leith in iúl do rialtais náisiúnta agus tá sé de sprioc aige eolas a thabhairt do dhaoine agus dearcthaí a athrú i leith na saincheiste.
Ina dhiaidh sin, molann an Coimisiún Eorpach téama le haghaidh ‘Bliain Eorpach’, agus glacann Parlaimint na hEorpa agus Ballstáit den Aontas í. Cé go bhfuil Blianta Eorpacha ar an bhfód le nach mór dhá scór bliain, ní hionann sin agus a rá go mbíonn siad ann gach bliain.
Cén fáth a bhfuil siad de dhíth orainn?
Is minic a chuireann Blianta Eorpacha maoiniú breise ar fáil do thionscadail áitiúla, náisiúnta agus trasteorann a thugann aghaidh ar an téama roghnaithe.
Ina theannta, leis an mBliain Eorpach, tugtar teachtaireacht láidir pholaitiúil ó institiúidí an Aontais agus ó na Ballstáit go dtabharfar aghaidh ar an ábhar mar chuid de cheapadh beartas amach anseo. I gcásanna ar leith, féadfaidh an Coimisiún reachtaíocht nua a mholadh ar an téama sin.
Cad iad na téamaí?
Cuireadh tús le Blianta Eorpacha siar in 1983. Is iad seo a leanas cuid de na Blianta a reáchtáladh le bliana beaga anuas:
2023-2024 – An Bhliain Eorpach um Scileanna
Ó mhí na Bealtaine 2023 go mí na Bealtaine 2024, leis na mílte imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar fud an Aontais, spreagadh daoine chun na scileanna cearta a fháil le haghaidh poist ardcháilíochta agus chuidigh siad le cuideachtaí aghaidh a thabhairt ar ghanntanais scileanna.
2022 – Bliain Eorpach na hÓige
Ghlac daoine óga páirt i mbreis agus 13,000 gníomhaíocht ar fud 67 dtír, agus leag siad béim ar a rannchuidiú tábhachtach le todhchaí níos glaise, níos cuimsithí agus níos digití a fhorbairt.
2021 – Bliain Eorpach an Iarnróid
Leis an mBliain Eorpach sin, cuireadh an t-iarnród i lár an aonaigh ar fud na hEorpa, agus léiríodh an ról lárnach atá aige maidir le cuidiú leis an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.
2018 – Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha
Reáchtáladh 23,000 imeacht ar fud 37 dtír chun feasacht a mhúscailt faoi oidhreacht chultúrtha na hEorpa mar acmhainn, conas í a chosaint agus a hinbhuanaitheacht a ráthú don todhchaí.
2015 – Bliain Eorpach na Forbartha
Leis an mBliain Eorpach sin, ardaíodh feasacht faoi na tairbhí a bhaineann le comhoibriú forbraíochta an Aontais, ní hamháin dá thairbhithe ach do shaoránaigh an Aontais freisin, agus chuidigh sí le braistint freagrachta comhroinnte agus dlúthpháirtíochta a fhorbairt le tíortha nach bhfuil san Aontas.
2013-2014 – Bliain Eorpach na Saoránach
Comhphléití leis na saoránaigh, sin an príomhthoradh a bhí ar an mBliain Eorpach sin, tráth a díríodh ar an bpobal a spreagadh le páirt a ghlacadh sna hiarrachtaí chun Aontas a thógáil atá níos láidre agus níos polaitiúla.