Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Blianta Eorpacha

Cad atá i gceist le Bliain Eorpach?

Feachtas feasachta atá ann maidir le saincheist shonrach chun díospóireacht agus plé a spreagadh i dtíortha an Aontais agus eatarthu. Leis an tionscnamh cuirtear saincheist ar leith in iúl do rialtais náisiúnta agus tá sé de sprioc aige eolas a thabhairt do dhaoine agus dearcthaí a athrú i leith na saincheiste.

Ina dhiaidh sin, molann an Coimisiún Eorpach téama le haghaidh ‘Bliain Eorpach’, agus glacann Parlaimint na hEorpa agus rialtais na mBallstát é. Cé go bhfuil Blianta Eorpacha ar an bhfód le nach mór dhá scór bliain, ní hionann sin agus a rá go mbíonn siad ann gach bliain.

Cén fáth a bhfuil gá le Blianta Eorpacha?

Le Blianta Eorpacha cuirtear maoiniú breise ar fáil do thionscadail áitiúla, náisiúnta agus trasteorann lena dtéitear i ngleic le saincheist shonrach.

Ina theannta sin tugtar teachtaireacht láidir pholaitiúil ó institiúidí an Aontais agus ó rialtais na mBallstát go dtabharfar aghaidh ar an ábhar mar chuid de cheapadh beartas amach anseo. I gcásanna ar leith, féadfaidh an Coimisiún reachtaíocht nua a mholadh ar an téama sin.

Cad iad na téamaí?

Cuireadh tús le Blianta Eorpacha siar in 1983. Is iad seo a leanas cuid de na Blianta a reáchtáladh le déanaí, téama na bliana seo san áireamh:

2023–2024Bliain Eorpach um Scileanna

Ar fud an Aontais, reáchtálfar imeachtaí agus gníomhaíochtaí chun cuidiú le daoine na scileanna cearta a fháil le haghaidh poist ardcháilíochta agus chun cuidiú le cuideachtaí aghaidh a thabhairt ar ghanntanas scileanna. Gheobhaidh cuardaitheoirí poist agus fostóirí araon rochtain ar dheiseanna éagsúla, comhroinnfidh siad taithí agus léargais, agus gheobhaidh siad eolas faoin gcaoi ar féidir le tionscnaimh agus deiseanna maoinithe de chuid an Aontais cuidiú leo.

2022Bliain Eorpach na hÓige

Le linn 2022 tabharfar a lán deiseanna d’aos óg na hEorpa páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí foghlama agus rannpháirtíochta sibhialta, bualadh le daoine nua, eolas a chur ar chultúir eile, a n-ionchais fostaíochta a fheabhsú agus smaointe a chomhroinnt le chéile, mar aon le neart gníomhaíochtaí eile. 

2021Bliain Eorpach an Iarnróid

Imeachtaí agus tionscnaimh chun an t-iarnród a chur chun cinn mar mhodh iompair atá inbhuanaithe, nuálach agus sábháilte, sin agus na tairbhí a bhaineann leis do dhaoine, don gheilleagar agus don aeráid a chur i dtábhacht.

2018Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha

Faigh eolas faoi na 23,000 imeacht a reáchtáladh ar fud na hEorpa chun feasacht a ardú i leith oidhreacht chultúrtha na hEorpa mar acmhainn, chun an oidhreacht sin a chosaint agus chun a hinbhuanaitheacht a chinntiú don am atá le teacht.

2015Bliain Eorpach na Forbartha

Faigh amach faoin gcaoi ar chuir an tAontas muintir na hEorpa ar an eolas faoi chomhar forbartha, rud a spreag iad le páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí forbartha. D’fhoghlaim siad freisin faoin gcaoi a dtéann sé chun tairbhe dóibh féin agus do thairbhithe araon.

2013–2014Bliain Eorpach na Saoránach

Comhphléití leis na saoránaigh, sin an príomhthoradh a bhí ar an mBliain Eorpach sin, tráth a díríodh ar an bpobal a spreagadh le páirt a ghlacadh sna hiarrachtaí chun Aontas a thógáil atá níos láidre agus níos polaitiúla.