Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Comhghnóthas an AE

An Comhghnóthas um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe (CBC JU)

Circular Bio-based Europe Joint Undertaking (CBE JU)

Forléargas

  • Ról: tionscadail taighde agus nuálaíochta a mhaoiniú lena gcuirtear tionscail bhithbhunaithe iomaíocha, inbhuanaithe agus chiorclacha chun cinn san Eoraip
  • Stiúrthóir Feidhmiúcháin: Nicoló Giacomuzzi-Moore
  • Comhaltaí nó páirtithe: An tAontas Eorpach (arna ionadú ag an gCoimisiún Eorpach) agus Cuibhreannas na dTionscal Bithbhunaithe
  • Bliain a bhunaithe: 2021
  • An líon foirne: 29
  • Suíomh: An Bhruiséil (an Bheilg)
  • Suíomh Gréasáin: An Comhghnóthas um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach

Is comhpháirtíocht phoiblí phríobháideach €2 bhilliún é an Comhghnóthas um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe (Comhghnóthas CBE) idir an tAontas Eorpach agus Cuibhreannas na dTionscal Bithbhunaithe (BIC).

Gníomhaíochtaí

Seo a leanas príomhchuspóirí an Chomhghnóthais um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe:

  • dlús a chur le próiseas na nuálaíochta, réitigh bhithbhunaithe nuálacha a fhorbairt
  • dlús a chur le húsáid réiteach bithbhunaithe aibí agus nuálach sa mhargadh
  • ardleibhéal feidhmíochta comhshaoil a chinntiú maidir le córais thionsclaíocha bhithbhunaithe.

Go nithiúil, tá tionscadail ar fud na hEorpa á maoiniú ag an gcomhpháirtíocht arb é is aidhm dóibh:

  • tacú le taighde agus nuálaíocht i réitigh bhithbhunaithe inbhuanaithe
  • laghdú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le hinfheistíocht i ngléasraí táirgthe ciorclacha bithbhunaithe
  • aghaidh a thabhairt ar na dúshláin theicneolaíocha, rialála agus mhargaidh atá roimh an mbithgheilleagar
  • comhar a neartú idir na grúpaí uile in earnáil an bhithgheilleagair
  • teagmháil a dhéanamh le níos mó páirtithe leasmhara feadh na slabhraí luacha.

Faigh amach faoi na tionscadail atá á gcistiú ag Comhghnóthas CBE

Féach leat an méid atá bainte amach ag na tionscadail sin

Tuilleadh eolais faoi dheiseanna maoinithe Chomhghnóthas CBE

Cé a bhaineann tairbhe as?

Tá sé ríthábhachtach don Aontas aistriú ó amhábhair iontaise agus mianraí neamh-inathnuaite chun a neamhspleáchas acmhainní a neartú, chun tacú le fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus chun a spriocanna uaillmhianacha aeráide a bhaint amach. Tá sé mar aidhm ag Comhghnóthas CBE é sin a dhéanamh trí phróisis táirgthe chiorclacha an-nuálach a úsáid bunaithe ar amhábhair in-athnuaite, cuir i gcás plandaí, agus dramhaíl orgánach thionsclaíoch ó tháirgeadh talmhaíochta, muirí agus foraoiseachta.

Tionscail láidre bhithbhunaithe atá tíosach ar acmhainní agus iomaíoch, is gníomhaithe tábhachtacha iad i ndáil leis sin. Trí tháirgí agus ábhair in-athnuaite ó dhramhaíl agus ó bhithmhais a tháirgeadh ar bhealach nuálach, inbhuanaithe agus ciorclach, is féidir leo poist a chruthú, foinsí ioncaim malartacha a thairiscint do tháirgeoirí príomhúla agus borradh a chur faoi gheilleagair áitiúla ar fud na hEorpa agus rannchuidiú go suntasach leis an aeráidneodracht ag an am céanna.

Is é ról an Chomhghnóthais CBE grúpaí éagsúla a thabhairt le chéile ó thionscail bhithbhunaithe, ó fheirmeoirí go heolaithe agus tionscail mhóra, chun na dúshláin teicneolaíochta, rialála agus mhargaidh atá roimh an earnáil a réiteach. Cuireann a scéim cistiúcháin phríobháideach phoiblí borradh faoin nuálaíocht agus faoin gcur in úsáid ar an margadh agus réitíonn sé an bealach don infheistíocht amach anseo.

Teagmháil

An Comhghnóthas um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe (CBC JU)

Ainm
An Comhghnóthas um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe (CBC JU)
Suíomh gréasáin
https://www.cbe.europa.eu/
Seoladh poist

TO56 – an tríú hurlár Avenue de la Toison d'Or/Guldenvlieslaan 56-60
1049 Bruxelles/An Bhruiséil
An Bheilg

Na meáin shóisialta