Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Gníomhaireacht dhíláraithe

An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound)

Logo of Eurofound

Forbhreathnú

  • Ról: Cuireann Eurofound ionchur ar bhonn taighde ar fáil le haghaidh forbairt beartas sóisialta, fostaíochta agus saothair
  • Stiúrthóir Feidhmiúcháin: Ivailo Kalfin 
  • Bliain a bhunaithe: 1975
  • Líon na mball foirne: 100
  • Suíomh: Baile Átha Cliath (Éire)
  • Suíomh gréasáin: Eurofound

Is gníomhaireacht thrípháirteach de chuid an Aontais é an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), a cuireadh ar bun in 1975. Tá sé mar phríomhchúram aige eolas a chur ar fáil le cabhrú chun beartais shóisialta, fostaíochta agus saothair níos fearr a fhorbairt de réir Rialachán (AE) 2019/127.

Cad a dhéanann Eurofound?

Is iad na príomhdhúshláin a bhaineann le comhtháthú sóisialta agus le haistrithe i dtimpeallacht atá ag athrú i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 a mhúnlaíonn tosaíochtaí Eurofound. Gach ceithre bliana déanann Eurofound athbhreithniú ar a straitéis agus ar na haidhmeanna atá aici. Tar éis comhairliúcháin fhorleathana a dhéanamh lena Bhord Bainistíochta agus le hinstitiúidí an Aontais, dréachtaíonn sí doiciméad clársceidealaithe ceithre bliana.

Príomhghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta:

  • Taighde a dhéanamh ar cheisteanna sóisialta, fostaíochta agus saothair a chlúdaíonn réimse ábhar
  • Torthaí an taighde sin, conclúidí atá bunaithe ar thaighde ina measc, a chur in iúl do lucht ceaptha beartas an Aontais agus na mBallstát chun cabhrú leo beartais a cheapadh lena bhfeabhsófaí dálaí maireachtála agus oibre, lena bhforbrófaí beartais fostaíochta agus lena gcuirfí an t-idirphlé sóisialta chun cinn
  • Éascaíocht a dhéanamh ar eolas a roinnt idir daoine a bhfuil baint acu leis an réimse sin ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta

Déanann an Ghníomhaireacht tionscadail taighde agus 3 shuirbhé ar fud an Aontais maidir le:

Mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, rinne Eurofound coigeartú ar a chuid taighde chun monatóireacht a dhéanamh ar an staid agus chun sonraí a bhailiú maidir leis an tionchar ar shaol shaoránaigh an Aontais agus maidir le freagairtí beartais chun na héifeachtaí sin a mhaolú. Gné lárnach den taighde is ea an ríomhshuirbhé ‘Living, Working and COVID-19’ [Maireachtáil, Obair agus COVID-19], a seoladh den chéad uair in Aibreán 2020.

Úsáidtear obair Eurofound chun bonn faisnéise a chur ar fáil le beartais a cheapadh – cuir i gcás an Straitéis Eorpach maidir le Comhionannas Inscne 2020–2025, Treoir an Aontais maidir le cothromaíocht oibre agus saoil, na tionscnaimh Eorpacha maidir le dífhostaíocht i measc na hóige agus an Ráthaíocht don Aos Óg.

Scaipeann Eurofound torthaí a chuid taighde agus eolas a bhaineann le beartais tríd na bealaí seo a leanas:

Cé a bhaineann tairbhe as?

Is é cinnteoirí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh an príomh-spriocghrúpa le haghaidh obair Eurofound, go háirithe:

  • institiúidí an Aontais Eorpaigh
  • fostóirí ar leibhéal an Aontais
  • grúpaí ceardchumann ar leibhéal an Aontais

Ar na heagraíochtaí eile a ndéanann sé freastal orthu, tá:

  • rialtais náisiúnta, eagraíochtaí fostóirí, ceardchumainn agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta
  • parlaimintí
  • institiúidí taighde
  • ollscoileanna

Féach freisin

Cé sinn

An méid a dhéanaimid

Na foilseacháin is déanaí agus na foilseacháin a bheidh ann gan mhoill

Ag cónaí agus ag obair san Eoraip - Bliainiris

Bróisiúr corparáideach

Cláir oibre ilbhliantúla agus bhliantúla

Físeán corparáideach

Liostáil chun an fhaisnéis is deireanaí a fháil

Folúntais

Teagmháil

An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú

Ainm
An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú
Suíomh gréasáin
https://www.eurofound.europa.eu/ga
Seoladh ríomhphoist
postmasterateurofound [dot] europa [dot] eu
Uimhir ghutháin
+353 1 204 31 00
Uimhir facs
+353 1 282 64 56
Seoladh poist

Wyattville Road
Loughlinstown Co. Dublin D18 KP65
Éire

Na meáin shóisialta