Forléargas
- Ról: Is é misean na Scoile Riaracháin Eorpaí deiseanna foghlama ar ardchaighdeán a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar riachtanais institiúidí uile an Aontais agus a bhfoirne.
- Ceann na Foirne: Anna Mitelman
- Bliain a bunaithe: 2005
- An líon foirne: 20
- Suíomh: An Bhruiséil agus Lucsamburg
- Suíomh Gréasáin: An Scoil Riaracháin Eorpach
An méid a dhéanann sí
Cuireann an Scoil Riaracháin Eorpach deiseanna foghlama ar fáil d’fhoireann an Aontais. San áireamh leis an tairiscint foghlama tá an méid seo a leanas:
- Cláir forbartha bainistíochta agus ceannaireachta
- Cúrsaí oiliúna do nuatheachtaithe
- Deimhniúchán: nós imeachta trínar féidir le hoifigigh aistriú ó fheidhmghrúpa na gcúntóirí (AST) go dtí feidhmghrúpa na riarthóirí (AD)
- Oiliúint príomhscileanna d’fhoireann an Aontais (cúrsaí agus ceardlanna athléimneachta san áireamh)
- Clár Erasmus don Riarachán Poiblí: cuairteanna gearra staidéir do státseirbhísigh náisiúnta óga ó Bhallstáit an Aontais a mbaineann a bpoist le saincheisteanna an Aontais.
- DISPA: líonra de Stiúrthóirí Institiúidí agus Scoileanna Riaracháin Phoiblí na mBallstát, mar aon leis an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí (EIPA). Is iad an Scoil Riaracháin Eorpach agus Aonad an Choimisiúin Eorpaigh um Fhoghlaim agus um Fhorbairt a dhéanann ionadaíocht d’institiúidí an Aontais Eorpaigh. Is é is cuspóir don líonra sin comhar agus malartú dea-chleachtais a chur chun cinn i réimse na hoiliúna le haghaidh seirbhísigh phoiblí.
Cé a bhaineann tairbhe as?
Baineann foireann institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais tairbhe as an tairiscint foghlama sin, rud a chuidíonn le baill foirne an Aontais forbairt ghairmiúil a dhéanamh, scileanna nua a fhorbairt agus barr a gcumais a bhaint amach ar deireadh thiar.
Tuilleadh eolais
Teagmháil
An Scoil Riaracháin Eorpach
- Ainm
- An Scoil Riaracháin Eorpach
- Suíomh gréasáin
- https://commission.europa.eu/about-european-commission/departments-and-executiv…
- Seoladh ríomhphoist
- Uimhir ghutháin
- + 32 (0)2 29 68 323
- Seoladh poist
An Scoil Riaracháin Eorpach Rue Philippe le Bon, 3 (PLB3 06)
1000 Bruxelles/An Bhruiséil
An Bheilg- Oifig
- Rue Adolphe Fischer 135 (FISR), 1521, Luxembourg
- Na meáin shóisialta