Forbhreathnú
- Ról: Déanann EUSPA leasanna an phobail a bhainistiú maidir le cláir an Chórais Eorpaigh um Loingseoireacht Satailíte Dhomhanda (GNSS), EGNOS (Breis-chóras na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí) agus Galileo, an clár um fhaire na Cruinne (EO) Copernicus, agus clár an Aontais Eorpaigh um Chumarsáid Satailíte Rialtais (GOVSATCOM)
- Stiúrthóir Feidhmiúcháin: Rodrigo da Costa
- Comhpháirtithe: An Coimisiún Eorpach, an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis
- Bliain a bunaithe: 2004
- Baill foirne: 211
- Suíomh: Prág (Poblacht na Seice)
- Suíomh gréasáin: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis
Tacaíonn Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA) le sprioc an Aontais an toradh is fearr is féidir a fháil ar infheistíocht an Aontais Eorpaigh sa spás i dtaca le:
- an tslándáil
- tairbhe d’úsáideoirí
- fás eacnamaíoch
- an t-iomaíochas
Gníomhaíochtaí
Cinntíonn EUSPA go mbaineann an Eoraip a cuid cuspóirí amach i dtaca le GNSS agus go mbaineann an pobal tairbhe as Córais Eorpacha GNSS (EGNOS agus Galileo). Tacaíonn sé freisin le feidhmeanna a fhorbairt atá bunaithe ar Galileo, EGNOS agus Copernicus agus déanann sé comhordú ar ghnéithe a bhaineann le húsáideoirí GOVSATCOM chun tacú le príomhspriocanna beartais an Aontais.
Seo a leanas a cuid cúraimí sonracha:
- soláthar na seirbhísí EGNOS agus Galileo a bhainistiú
- feidhmeanna iartheachtacha agus comhtháite a chur chun cinn, iad bunaithe ar Galileo, EGNOS agus Copernicus
- pobal úsáideoirí GOVSATCOM a spreagadh chun páirt a ghlacadh i múnlú na seirbhíse
- seirbhísí agus bonneagar GNSS a fheabhsú
Chuige sin, déanann EUSPA an méid seo a leanas:
- cinntíonn sé go ndéantar bainistíocht shábháilte shlán ar na comhpháirteanna spáis go léir
- tacaíonn sé le taighde agus nuálaíocht
- spreagann sé páirtithe leasmhara sa mhargadh chun feidhmeanna nuálaíocha éifeachtacha le haghaidh GNSS a fhorbairt
- treisíonn sé sineirgí idir comhpháirteanna an chláir spáis
- cinntíonn sé go bhfuil seirbhísí na hEorpa atá bunaithe ar spás slán sábháilte insroichte
- cuireann sé anailís mhargaidh dhomhain ar fáil
Cé a bhaineann tairbhe as?
Tá spriocghrúpaí inmheánacha agus spriocghrúpaí seachtracha ann.
Na spriocghrúpaí inmheánacha:
- Ard-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin
- Tíortha den Aontas
- Feisirí Pharlaimint na hEorpa, coistí parlaiminteacha & teagmhálaithe
- Gníomhaireachtaí agus comhlachtaí Eorpacha a fhreastalaíonn ar an earnáil iompair agus spáis
- Rannpháirtithe institiúideacha sa chlár Eorpach um Chórais Dhomhanda Loingseoireachta Satailíte
Seachtrach:
- Baill den phobal
- Institiúidí náisiúnta i dtíortha an Aontais Eorpaigh a bhfuil baint acu le GNSS
- Gnólachtaí atá rannpháirteach in GNSS agus EO
- Institiúidí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí a bhfuil baint acu le GNSS agus EO
- Cainéil na meán cumarsáide a bhfuil baint acu le feidhm úsáideoirí GNSS agus EO
- Údaráis náisiúnta
Tuilleadh eolais
Teagmháil
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA)
- Ainm
- Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA)
- Suíomh gréasáin
- https://www.euspa.europa.eu/
- Uimhir ghutháin
- +420 234 766 000
- Uimhir facs
- +32 2 296 72 38
- Seoladh poist
Janovskeho 438/2
170 00 Prág 7
An tSeicia- Na meáin shóisialta
