Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Innovative Health Initiative Joint Undertaking (IHI JU)

Forléargas

  • Ról: Taighde sláinte agus nuálaíocht sláinte a aistriú ina sochair fhollasacha d’othair agus don tsochaí, agus a chinntiú go mbeidh an Eoraip ar thús cadhnaíochta i gcónaí sa taighde sláinte idirdhisciplíneach, inbhuanaithe agus dírithe ar an othar.
  • Stiúrthóir Feidhmiúcháin ad interim:  An Dr. Hugh Laverty  
  • Comhpháirtithe: An tAontas Eorpach (arna ionadú ag an gCoimisiún Eorpach), COCIR (íomháú leighis, radaiteiripe, TFC sláinte agus tionscail leictrimhíochaine); EFPIA (tionscal na bithchógaisíochta), EuropaBio (tionscal na biteicneolaíochta); Medtech Europe (tionscal na teicneolaíochta leighis) agus Vaccines Europe (tionscal na vacsaíní).
  • Bliain a bhunaithe: 2021
  • An líon foirne: 55
  • Láthair: An Bhruiséil (an Bheilg)
  • Suíomh GréasáinComhghnóthas IHI

Is í an eolaíocht atá ag spreagadh forbairtí nua a bhaineann go minic le hearnálacha éagsúla laistigh de phobal na heolaíochta beatha. Mar thoradh air sin, tá méadú ag teacht ar líon na n-othar a úsáideann feistí leighis, teicneolaíochtaí digiteacha agus seirbhísí ríomhshláinte cheana féin, in éineacht le cógais, mar chuid dá gcúram sláinte. 

Ag féachaint chun cinn, is léir go mbeidh níos mó fionnachtana nua trasearnála ann, amhail comhcheangail de dhrugaí agus feistí leighis nó diagnóisic intleachta saorga. Mar sin féin, is ina n-aonar a oibríonn na hearnálacha tionsclaíocha a bhfuil baint acu le taighde sláinte agus cúram sláinte go rómhinic (cógaisíocht, digiteach, TF, feistí leighis, diagnóisic, etc.). Tá cur chuige nuálach, níos comhtháite maidir le taighde sláinte agus cúram sláinte de dhíth orainn go práinneach.

An méid a dhéanann sé

Tá sé mar aidhm ag IHI an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • fíorshochair a dhéanamh de thaighde sláinte agus de nuálaíocht sláine d’othair agus don tsochaí
  • nuálaíochtaí sláinte sábháilte éifeachtacha a sholáthar lena gcumhdaítear speictream iomlán an chúraim – ó chosc go diagnóis agus cóireáil – go háirithe i réimsí ina bhfuil gá sláinte poiblí nach bhfuiltear ag tabhairt aghaidh air 
  • féachaint chuige go mbeidh tionscail sláinte na hEorpa iomaíoch ar fud an domhain.

Maoiníonn sé tionscadail chomhoibríocha trasearnála taighde ina dtugtar le chéile gach páirtí ag a bhfuil baint le taighde sláinte, mar shampla:

  • ollscoileanna
  • tionscail a bhaineann leis an tsláinte
  • fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna)
  • eagraíochtaí othar
  • comhlachtaí rialála.

Tógann IHI ar an rath agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh tríd an Tionscnamh um Chógais Leighis Nuálacha, comhpháirtíocht idir an tAontas Eorpach agus an tionscal cógaisíochta. Léirigh an Tionscnamh um Chógais Leighis Nuálacha go mbíonn torthaí ar chur chuige comhpháirtíochta príobháidí poiblí i réimsí ina bhfuil easpa cóireálacha sábháilte éifeachtacha (e.g. néaltrú) agus/nó ina bhfuil an tionchar is mó ar shláinte phoiblí (e.g. diaibéiteas, frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach). 
 

Cé a bhaineann tairbhe as?

  • Is féidir le hothair tionchar a bheith acu ar an taighde atá á dhéanamh ar a riocht sláinte; san fhadtéarma bainfidh othair agus an tsochaí i gcoitinne tairbhe as fáil níos gasta a bheith acu ar leigheasra atá níos fearr agus níos sábháilte.
  • Faigheann taighdeoirí acadúla agus FBManna eolas agus rochtain ar mhaoiniú taighde.
  • Faigheann gnólachtaí móra eolas agus uirlisí lenar féidir leo feabhas a chur ar na gníomhaíochtaí taighde agus forbartha a dhéanann siad.
  • Baineann rannpháirtithe uile na dtionscadal tairbhe as saineolas na gcomhpháirtithe eile agus as an deis fionnachtana eolaíochta a iompú ina n-uirlisí fónta, rud a chuidíonn chun an cúram sláinte a fheabhsú dá réir sin.

Tuilleadh eolais

Déan iarratas ar mhaoiniú

Bileoga eolais an tionscadail

Nuachtlitir mhíosúil

Teagmháil

Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach (IHI JU)

Ainm
Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach (IHI JU)
Suíomh gréasáin
https://www.ihi.europa.eu/
Seoladh ríomhphoist
infodeskatihi [dot] europa [dot] eu
Uimhir ghutháin
+32 2 221 81 81
Seoladh poist
IHI JU, TO 56, 1049 Bruxelles / Brussel, An Bheilg
Na meáin shóisialta