An tábhacht a bhaineann le do vóta
Beidh na toghcháin Eorpacha in 2024 ar siúl ón Déardaoin go dtí an Domhnach, an 6-9 Meitheamh 2024. Más saoránach den Aontas Eorpach thú, tá sé de cheart agat vóta a chaitheamh sna toghcháin sin, in éineacht le tuairim is 400 milliún Eorpach eile. Agus tá tábhacht le do vóta. Is dlúthchuid den Eoraip thú, agus is eiseamláir thú de luachanna na hEorpa – cuideoidh do vóta chun ár dtodhchaí choiteann a mhúnlú agus a chothú.
Cad a chinntear le do vóta?
Reáchtáiltear toghcháin Eorpacha gach cúig bliana chun d’ionadaithe i bParlaimint na hEorpa a thoghadh, an t-aon tionól trasnáisiúnta ar domhan a thoghtar go díreach. Déanann na hionadaithe sin ionadaíocht ar do leasanna agus is féidir leo reachtaíocht nua de chuid an Aontais a mhúnlú agus cinneadh a dhéanamh ina leith. Vótálann siad freisin ar chomhaontuithe trádála nua, déanann siad grinnscrúdú ar institiúidí an Aontais agus ar an dóigh a gcaitear airgead na gcáiníocóirí.
Faigh amach faoi chistí an Aontais i do réigiún féin agus faoin gcaoi a gcuireann an tAontas feabhas ar do shaol
An dul chun cinn atá déanta maidir le príomhthosaíochtaí an Aontais ó 2019 i leith
Tá treoir agus spriocanna an Aontais á bplé ag ceannairí an Aontais le haghaidh na gcúig bliana amach romhainn.
Conas agus cathain vóta a chaitheamh?
Más saoránach den Aontas Eorpach thú, tá sé de cheart agat vóta a chaitheamh agus seasamh mar iarrthóir sna toghcháin Eorpacha. Roghnaíonn gach tír den Aontas lá toghcháin ón Déardaoin go dtí an Domhnach, an 6-9 Meitheamh 2024.
Dátaí, rialacha, sprioc-amanna agus socruithe praiticiúla maidir le vótáil
Do cheart chun vótáil i do thír féin nó thar lear
Eolas agus imeachtaí do dhaoine óga maidir leis na toghcháin
Conas a cheaptar ceannairí an Aontais?
Tar éis na dtoghchán, vótálann Parlaimint na hEorpa chun Uachtarán nua an Choimisiúin Eorpaigh, chomh maith le Coláiste iomlán na gCoimisinéirí, a fhaomhadh. Is í an Chomhairle Eorpach a cheapann an Coimisiún Eorpach nua ansin.
Ceisteanna agus freagraí faoi Pharlaimint na hEorpa, faoi na Feisirí agus faoi na toghcháin
Toghcháin agus ceapacháin le haghaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh
Ar mhaith leat an scéal a scaipeadh?
Is féidir leat ról gníomhach a imirt maidir leis an scéal a scaipeadh faoi na toghcháin, faoi bhuntáistí an Aontais agus faoi na deiseanna a bhaineann leis. Spreag daoine eile le vóta a chaitheamh agus a gcuid smaointe faoi na toghcháin a chomhroinnt.
Bí páirteach i bpobal lecheile.eu, cláraigh le haghaidh nuashonruithe, aimsigh imeachtaí gar duit, agus íoslódáil acmhainní ar an ardán
Glac páirt i bPainéal Saoránach Eorpach, cuir leis na díospóireachtaí agus déan beartais an Aontais a mhúnlú
Ábhar teagaisc, cluichí agus go leor eile faoin Aontas Eorpach agus na toghcháin do pháistí, do dhéagóirí, do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí
Má tá tuilleadh ceisteanna agat faoi na toghcháin Eorpacha, déan teagmháil leis an Aontas Eorpach i scríbhinn nó trí ghlao a chur ar 00 800 6 7 8 9 10 11 ó laistigh den Aontas (saorghlao) nó ar 0032 2 2 299 96 96 ó lasmuigh den Aontas (ráta caighdeánach idirnáisiúnta).