Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Toghcháin agus ceapacháin le haghaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh

1 of 1

Treoirphrionsabail

Conarthaí

Tá conarthaí bunaidh an Aontais Eorpaigh, i dteannta a chéile, ina mbonn taca don phrionsabal nach mór nósanna imeachta toghcháin agus próisis roghnúcháin ceannaireachta do phríomhinstitiúidí an Aontais a dhéanamh ar bhealach trédhearcach daonlathach.

Is iad Conarthaí an Aontais – an Conradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh – an mórchreat oibríochtúil do phríomhinstitiúidí an Aontais Eorpaigh agus léirítear iontu gurb é an daonlathas ionadaíoch an fhoirm rialtais ar a bhfuil an tAontas bunaithe.

Soiléirítear an méid seo a leanas sa Chonradh ar an Aontas Eorpach:

  • déantar ionadaíocht do na saoránaigh go díreach ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa
  • Déantar ionadaíocht ar thíortha an Aontais ar dhá bhealach:

Le Conradh Liospóin (2007) tugadh isteach roinnt leasuithe suntasacha – ina measc, mar shampla, Uachtarán buan lánaimseartha a chruthú don Chomhairle Eorpach, agus ról agus cumhachtaí Pharlaimint na hEorpa a neartú.

Ionadaíocht

Tá saoránaigh an Aontais lárnach i bpróiseas daonlathach an Aontais Eorpaigh agus tá ceart vótála acu uile sna toghcháin Eorpacha.

Ar an gcaoi chéanna a gcuireann siad a dtuairimí in iúl ina dtíortha féin trí vótáil i dtoghcháin náisiúnta, bíonn tionchar díreach nó indíreach acu ar thoghcháin agus ar cheapacháin an Aontais freisin.

Tá Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh comhdhéanta d’ionadaithe tofa agus de chomhaltaí rialtais ó gach Ballstát, faoi seach.

Agus déanann an tAontas aithris ar phróisis rialaithe pharlaiminteacha na 27 mBallstát ina chóras daonlathach rialtais féin. Mar shampla, tá gá ag an gCoimisiún Eorpach le muinín shainithe Pharlaimint na hEorpa sular féidir leis dul i mbun oifige go foirmiúil ag tús a théarma.

Riarachán

Dála rialtais ar fud an domhain, tugann státseirbhís tacaíocht d’fheidhmeannas an Aontais. Is féidir le saoránaigh uile an Aontais dul isteach sa státseirbhís sin trí pháirt a ghlacadh i gcomórtais earcaíochta a reáchtálann an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne.

 

Institiúidí an Aontais

Tá próisis roghnúcháin ceannaireachta éagsúla ag institiúidí an Aontais.

Parlaimint na hEorpa

Comhdhéanamh: faoi láthair tá 705 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) inti, ar feisirí iad a thogh saoránaigh an Aontais go díreach, de réir na ndlíthe agus na dtraidisiúin toghcháin náisiúnta i ngach Ballstát.

Féadfaidh FPEnna dul isteach i ngrúpaí polaitiúla laistigh den Pharlaimint, bunaithe ar a gcleamhnachtaí polaitiúla. Iad siúd nach bhfuil ceangailte le grúpaí polaitiúla, tugtar FPEnna ‘neamhcheangailte’ orthu.

Toghann saoránaigh an Aontais Parlaimint nua na hEorpa gach 5 bliana. Beidh na chéad toghcháin Eorpacha eile ar siúl an 6-9 Meitheamh 2024.

Feidhm: ina cáil mar an ‘comhreachtóir’, déanann an Pharlaimint cinntí maidir le reachtaíocht nua arna moladh ag an gCoimisiún – agus déantar é sin ar chomhchéim le Comhairle an Aontais Eorpaigh i mórchuid na gcásanna. Vótálann sí freisin ar chomhaontuithe trádála nua agus déanann sí grinnscrúdú ar institiúidí an Aontais agus ar an gcaoi a gcaitear buiséad an Aontais. Faigheann an Chomhairle tacaíocht óna riarachán féin, atá comhdhéanta de státseirbhísigh.

Cumhachtaí ceapacháin

  • Vótálann an Pharlaimint dá hUachtarán féin
    • post a mhaireann ar feadh téarma 2.5 bliain, agus ar féidir a athnuachan aon uair amháin
    • is iad na grúpaí polaitiúla, nó 38 FPE ar a laghad, a ainmníonn é
    • toghchán a reáchtáiltear le ballóid rúnda
    • 4 bhallóid ar a mhéad
    • ní mór don iarrthóir tromlach glan de na vótaí a chaitear a fháil, i.e. 50% móide a haon
  • Toghann sí a Leas-Uachtaráin, a caestóirí féin agus a cathaoirligh agus a leas-chathaoirligh féin ar choistí agus ar thoscaireachtaí
  • Toghann sí Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
    • Ní mór don Pharlaimint Uachtarán nua an Choimisiúin, arna mholadh ag an gComhairle Eorpach, a fhormheas trí thromlach glan (leath na bhFeisirí uile móide duine amháin).
  • Déanann sí grinnscrúdú ar Choimisinéirí
    • ní mór do gach Coimisinéir ainmnithe (arna mholadh ag an gComhairle, i gcomhaontú le hUachtarán toghaí an Choimisiúin Eorpaigh) dul os comhair coistí parlaiminteacha ina réimsí freagrachta ionchasacha
    • d’fhéadfaí iarrthóir a tharraingt siar ón bpróiseas mar thoradh ar mheastóireacht dhiúltach. Sa chás sin, ní mór iarrthóir nua le haghaidh ról an Choimisinéara a chur ar aghaidh lena ghrinnscrúdú.
  • Formheasann sí an Coimisiún Eorpach (na Coimisinéirí, an tUachtarán agus an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála)
    • trí vóta aonair um thoiliú (is í an Chomhairle Eorpach a cheapann iad go hoifigiúil ansin)
  • cumhachtaí maoirseachta agus rialaithe ag an bParlaimint ar institiúidí eile an Aontais, agus tugann na hinstitiúidí cuntas di. Féadfaidh sí vóta mímhuiníne a ghlacadh, cuir i gcás, chun an Coimisiún a cháineadh agus, ar deireadh, a chur as oifig.

Conas a líontar poist thábhachtacha sa Pharlaimint

Conas a chuirtear grúpaí polaitiúla le chéile sa Pharlaimint

Grafaic faisnéise: an bealach a ndéantar Uachtarán Pharlaimint na hEorpa a thoghadh

An Chomhairle Eorpach

Comhdhéanamh: cinn stáit nó rialtais Bhallstáit an Aontais, Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. Faigheann an Chomhairle tacaíocht óna riarachán féin, atá comhdhéanta de státseirbhísigh.

Feidhm: sainíonn sí treo polaitiúil foriomlán agus tosaíochtaí foriomlána an Aontais.

Cumhachtaí ceapacháin

  • Toghann an Chomhairle a hUachtarán féin
    • trí thromlach cáilithe sa Chomhairle Eorpach (55% de na Ballstáit agus 65% de dhaonra iomlán an Aontais)
    • post a mhaireann ar feadh téarma 2.5 bliain, agus ar féidir a athnuachan aon uair amháin
  • Molann sí iarrthóir le haghaidh phost Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
    • trí thromlach cáilithe sa Chomhairle Eorpach
    • post a mhaireann ar feadh téarma inathnuaite 5 bliana
    • ní mór an t-iarrthóir a mholann an Chomhairle Eorpach a bheith formheasta ag tromlach i bParlaimint na hEorpa
    • mura bhformheasann an Pharlaimint an t-iarrthóir, ní mór don Chomhairle Eorpach iarrthóir eile a mholadh. Caithfidh tromlach i bParlaimint na hEorpa an t-iarrthóir nua a fhormheas freisin
  • Ceapann sí an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (atá freagrach as gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh (‘gníomhaíocht sheachtrach’) agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh freisin)
    • trí thromlach cáilithe, le comhaontú ó Uachtarán an Choimisiúin
    • ar feadh téarma 5 bliana
  • Is í an Chomhairle a cheapann an Coimisiún Eorpach (na Coimisinéirí, an tUachtarán agus an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála)
  • Ceapann sí Bord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE)
    • tá 6 chomhalta ar an mbord: Uachtarán BCE, Leas-Uachtarán + 4 chomhalta eile
    • déantar an ceapachán tar éis moladh a bheith déanta ag an gComhairle leis an gComhairle Eorpach, ar thángthas air tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle Rialaithe BCE
    • déantar ceapacháin a fhormheas trí thromlach cáilithe sa Chomhairle Eorpach

Ról Uachtarán na Comhairle

Ról na Comhairle i gceapacháin na ceannaireachta

Próiseas ainmniúcháin do cheannairí nua institiúidí an Aontais Eorpaigh in 2019

Grafaic faisnéise – Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a thoghadh

Grafaic faisnéise – Bord Feidhmiúcháin BCE a cheapadh

Tosaíochtaí an Aontais, 2019-2024

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Comhdhéanamh: cruinnithe tréimhsiúla d’airí rialtais ó gach Ballstát, ag brath ar an réimse beartais atá á phlé. Nuair a bhíonn beartais talmhaíochta ar an gclár oibre, cuir i gcás, freastalaíonn aire talmhaíochta gach tíre ar na cruinnithe.

Faigheann sí tacaíocht ó riarachán na Comhairle, atá comhdhéanta de státseirbhísigh.

Feidhm: cuireann na hairí tuairimí rialtais na mBallstát in iúl agus tagann siad le chéile chun dlíthe an Aontais a chaibidliú agus a ghlacadh agus chun beartais an Aontais a chomhordú.

Ceannaireacht

Níl uachtarán aonair ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, déanann ‘uachtaránacht’ cathaoirleacht uirthi, rud a rothlaítear idir na Ballstáit gach 6 mhí.

An t-aon eisceacht amháin atá ann ná réimse an bheartais eachtraigh agus slándála – tá buanoifigeach i gceannas air sin, an tArdionadaí, a dtacaíonn an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) leis.

Foirmíochtaí

Is eintiteas dlíthiúil amháin í Comhairle an Aontais Eorpaigh, ach tagann sí le chéile i ndeich gcinn d’fhoirmíochtaí éagsúla, ag brath ar an ábhar a bhíonn á phlé. Bíonn an uachtaránacht ina cathaoirleach ar chruinnithe a thionóltar ar gach leibhéal laistigh de Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Is é an ról atá aici a chinntiú go leantar d’obair an Aontais san fhóram sin.

Oibríonn an Ballstát a bhfuil an uachtaránacht aige go dlúth leis an dá thír a bheidh ina gcathaoirligh ina dhiaidh. Na grúpaí sin de 3 Bhallstát, ar a dtugtar ‘foirne trí uachtaránacht’, déanann siad clár oibre coiteann a chur i dtoll a chéile ina gcumhdaítear na príomh-shaincheisteanna a dtabharfaidh Comhairle an Aontais aghaidh orthu thar thréimhse 18 mí. Bunaithe ar an gclár oibre comhaontaithe, cinneann gach tír a clár oibre féin, ar clár oibre 6 mhí é a bhíonn níos mionsonraithe agus a bheidh le cur i bhfeidhm nuair a théann sí i mbun na huachtaránachta.

Faigheann an Chomhairle Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh tacaíocht ó Ardrúnaíocht na Comhairle.

Cinnteoireacht i gComhairle an Aontais Eorpaigh

Tuilleadh eolais faoi Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais

An Coimisiún Eorpach

Comhdhéanamh: Is foireann ar a bhfuil 27 gcomhalta (duine as gach Ballstát) a thugann ceannaireacht pholaitiúil air, Uachtarán an Choimisiúin ina measc, agus is eisean a chinneann cé atá freagrach as gach réimse beartais. Faigheann siad tacaíocht ó státseirbhís.

Feidhm: comhlacht feidhmiúcháin atá neamhspleách ó thaobh na polaitíochta de agus a mholann dlíthe nua, a bhainistíonn beartais an Aontais de réir na gcumhachtaí a shainmhínítear sna conarthaí, a chuireann buiséad an Aontais chun feidhme agus a chuireann dlí an Aontais i bhfeidhm.

Ceannaireacht

Is é Uachtarán an Choimisiúin atá i gceannas ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na 26 Choimisinéir, duine amháin in aghaidh na tíre.

Uachtarán

Déanann Parlaimint na hEorpa Uachtarán an Choimisiúin a thoghadh ar feadh téarma 5 bliana, tar éis na dtoghchán Eorpach.

Molann an Chomhairle Eorpach (cinn stáit nó rialtais an Aontais Eorpaigh) iarrthóir le haghaidh na huachtaránachta don Pharlaimint. Toisc nach mór torthaí na dtoghchán Eorpach a chur san áireamh agus iarrthóir á roghnú, is gnách gur ón ngrúpa polaitiúil is mó sa Pharlaimint a thagann an t-iarrthóir a mholtar.

Caithfidh an Pharlaimint Uachtarán nua an Choimisiúin a fhormheas le tromlach glan (leath na bhFeisirí go léir, móide duine amháin). Nuair a fhormheastar an tUachtarán nua, ceapann an Chomhairle Eorpach go hoifigiúil é.

Mura bhfaigheann an t-iarrthóir formheasadh ó Pharlaimint na hEorpa, ní mór don Chomhairle Eorpach iarrthóir nua a mholadh laistigh de mhí amháin.

Coimisinéirí

Leithdháileann an tUachtarán toghaí cúraimí beartais ar na Coimisinéirí is iarrthóirí, duine amháin as gach Ballstát.

Comhlíonann na Coimisinéirí a ndualgais don Choimisiún go neamhspleách ar rialtais náisiúnta na dtíortha as a dtagann siad.

Ní mór do na Coimisinéirí ainmnithe ansin dul os comhair an choiste pharlaimintigh atá freagrach as a gcúraimí, chun go ndéanfar meastóireacht orthu ar a oiriúnaí atá siad don phost.

Nuair atá na 26 Choimisinéir ainmnithe go léir formheasta (féadfaidh na Coimisinéirí ainmnithe tarraingt siar mura bhfaigheann siad meastóireacht dhearfach), ní mór dóibh, in éineacht leis an Uachtarán toghaí agus leis an Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, iad a fhormheas i vóta aonair toilithe ag Parlaimint na hEorpa.

Déanann an Chomhairle Eorpach na Coimisinéirí uile a cheapadh go foirmiúil ina róil faoi seach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe.

Próiseas ceapacháin ceannaireachta an Choimisiúin Eorpaigh

Mar a dtoghann feisirí na Parlaiminte an Coimisiún Eorpach nua (grafaic faisnéise)

Grafaic faisnéise – Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a thoghadh

Ceannasaíocht an Choimisiúin Eorpaigh

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Comhdhéanamh: Tá dhá chúirt i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:

  • An Chúirt Bhreithiúnais – tugann sí breithiúnas maidir le hiarratais ar réamhrialuithe ó chúirteanna náisiúnta, caingne áirithe le haghaidh neamhniú, imeachtaí um shárú arna dtionscnamh in aghaidh thíortha an Aontais toisc nár chloígh siad le dlí an Aontais, agus achomhairc.
  • An Chúirt Ghinearálta – tugann sí breithiúnas i gcaingne le haghaidh neamhniú a thógann daoine aonair, comhlachtaí agus, i roinnt cásanna, rialtais na mBallstát. Go praiticiúil, feidhmíonn sí mar chúirt riaracháin ghinearálta an Aontais Eorpaigh agus déileálann sí le go leor réimsí éagsúla de dhlí an Aontais, lena n-áirítear dlí na hiomaíochta, státchabhair (tacaíocht rialtais), trádáil, talmhaíocht, maoin intleachtúil agus bearta sriantacha a ghlac an Chomhairle i gcoinne daoine aonair agus i gcoinne Ballstáit den Aontas nó tíortha nach Ballstáit iad.

Feidhm: léirmhíníonn an Chúirt Bhreithiúnais dlí an Aontais chun a chinntiú go gcuirtear i bhfeidhm é ar an tslí chéanna i ngach Ballstát, agus réitíonn sí díospóidí dlíthiúla idir rialtais náisiúnta agus institiúidí an Aontais. I gcásanna áirithe is féidir le daoine aonair, gnólachtaí nó eagraíochtaí cásanna a chur faoina bráid chun gníomh a dhéanamh in aghaidh institiúid de chuid an Aontais, má cheapann siad gur sháraigh an institiúid sin a gcearta.

Comhaltaí: Is le haghaidh téarma in-athnuaite 6 bliana a cheaptar gach breitheamh agus abhcóide ginearálta, de thoil a chéile ag rialtais thíortha an Aontais, tar éis dul i gcomhairle le painéal dlíodóirí a bhfuil meas orthu agus a thugann tuairim maidir le hoiriúnacht na n-iarrthóirí ionchasacha. I ngach Cúirt, roghnaíonn na breithiúna uachtarán as a measc féin le haghaidh téarma in-athnuaite 3 bliana.

Bord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Tá an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta d’Uachtarán agus Leas-Uachtarán an Bhainc agus na 4 chomhalta eile, agus is í an Chomhairle Eorpach a cheapann é le vótáil trí thromlach cáilithe.

Déanann an Chomhairle an cinneadh sin tar éis moladh ón gComhairle a fháil agus tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle Rialaithe an Bhainc (na 6 chomhalta den Bhord Feidhmiúcháin, móide gobharnóirí na mbanc ceannais ó 19 dtír an limistéir euro).

Grafaic faisnéise – Bord Feidhmiúcháin BCE a cheapadh

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

Is institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh í seo a fheidhmíonn mar chomhlacht coláisteach ina bhfuil 27 mball, duine as gach Ballstát. Is iad na rialtais náisiúnta a ainmníonn na comhaltaí agus ceapann an Chomhairle iad (ar feadh téarma in-athnuaite 6 bliana) tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Ní mór do na Feisirí a gcuid dualgas a chomhlíonadh go neamhspleách ar leasanna náisiúnta nó leasanna eile, agus ionadaíocht a dhéanamh ar leas ginearálta an Aontais. Tá an Chúirt Iniúchóirí faoi cheannas uachtaráin a dtoghann na comhaltaí as a measc féin é ar feadh téarma in-athnuaite 3 bliana.

Ceapacháin eile

Dála institiúidí an Aontais Eorpaigh, rialaítear ceapacháin shinsearacha (e.g. Stiúrthóirí, Uachtaráin) i gcomhlachtaí eile de chuid an Aontais le rialacha mionsonraithe ar leith, a bhfuil bunús leo i gconarthaí an Aontais. Tá cuid de na rialacha sin infheidhme maidir le comhlachtaí uile an Aontais, ach is ceanglais inmheánacha iad roinnt eile díobh le haghaidh institiúidí sonracha.

De ghnách, is é bord bainistíochta na gníomhaireachta lena mbaineann a cheapann stiúrthóirí feidhmiúcháin ghníomhaireachtaí díláraithe an Aontais, bunaithe ar ghearrliosta a bhíonn curtha le chéile ag an gCoimisiún, tar éis próiseas roghnúcháin oscailte. Ó am go chéile, is é an Coimisiún nó Comhairle an Aontais Eorpaigh an t-údarás ceapacháin. I gcásanna áirithe, ní mór don iarrthóir a roghnófar dul faoi éisteacht ó Pharlaimint na hEorpa sula gceapfar go foirmiúil é.

Féach na gníomhaireachtaí díláraithe ar fad