Beartas, dlí – an próiseas cinnteoireachta | an tAontas Eorpach
Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An chaoi a gcinntear beartas an Aontais

Próiseas cinnteoireachta an Aontais

Na trí phríomhinstitiúid a bhfuil lámh acu i gcinnteoireacht an Aontais ná:

  1. Parlaimint na hEorpa, a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh an Aontais
  2. Comhairle an Aontais Eorpaigh, a dhéanann ionadaíocht ar rialtais na mBallstát
  3. an Coimisiún Eorpach, a dhéanann ionadaíocht ar leasanna foriomlána an Aontais

Is tríd an ngnáthnós imeachta reachtach a chinntear beartais an Aontais de ghnáth, próiseas ina dtagann na trí phríomhinstitiúid ar chomhaontú maidir le reachtaíocht. 

Dlíthe an Aontais a dhréachtú

Sula molann an Coimisiún tionscnaimh nua, déantar measúnú ar an tionchar eacnamaíoch agus an tionchar sóisialta a d’fhéadfaidís a imirt, mar aon leis an tionchar ar an gcomhshaol.

Is trí thuarascáil a ullmhú a dhéanann an Coimisiún amhlaidh, tuarascáil ar a dtugtar an ‘measúnú tionchair’, ina leagtar amach na buntáistí agus na míbhuntáistí atá sna roghanna beartais. Ar an méid a bhíonn i gceist leis an measúnú tionchair tá ionchur ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, ó údaráis náisiúnta agus ó lucht tionscail, chomh maith le grúpaí saineolaithe a thugann comhairle faoi shaincheisteanna teicniúla.

Is féidir le daoine aonair, gnólachtaí agus eagraíochtaí aiseolas a thabhairt maidir le tionscnaimh atá beartaithe trí chomhairliúcháin phoiblí (ceistneoirí) agus freagra a thabhairt ar ghlaonna ar fhianaise ar thairseach an Choimisiúin ‘Cloisimis uait!’ – comhairliúcháin phoiblí agus aiseolas.

Nuair a dhréachtaíonn an Coimisiún tionscnaimh nua nó nuair a dhéanann sé athbhreithniú ar bheartais agus ar dhlíthe atá ann cheana, cuireann sé san áireamh meastóireachtaí ar na beartais agus na dlíthe atá ann cheana sa réimse. Chomh maith leis sin bailíonn sé ionchur trí idirphlé cur chun feidhme leis an tionscal, le FBManna, le comhpháirtithe sóisialta, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, agus trí sheiceálacha oiriúnachta ar dhlíthe an Aontais.

Féadfaidh na parlaimintí náisiúnta amhras a chur in iúl nó tuairim a eisiúint go foirmiúil má mheasann siad gurbh fhearr déileáil le saincheist ar an leibhéal náisiúnta seachas ar leibhéal an Aontais.

An chaoi a ndéanann an Coimisiún tionscnaimh nua a phleanáil agus a chinneadh

Dlí an Aontais a athbhreithniú agus a ghlacadh

Féadfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle araon an moladh a athbhreithniú ach a mbeidh sé tíolactha ag an gCoimisiún, agus féadfaidh siad leasuithe a mholadh air. De réir na nósmhaireachta, tagann an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún le chéile ansin féachaint an féidir leo teacht ar chomhaontú maidir le sraith iomlán leasuithe.

Is féidir leis an gComhairle agóidí an Choimisiúin a chur ar neamhní trí chinneadh d’aon toil. Is féidir leis an gCoimisiún togra a tharraingt siar freisin má mheasann sé go bhfuil an Pharlaimint tar éis é a athrú go hiomarcach. I gcás nach bhfuil na trí institiúid ar aon fhocal le chéile faoin téacs coiteann deiridh, tugtar an dara léamh i gceist.

Nuair atá an dara léamh á dhéanamh, féadfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle leasuithe eile a mholadh. Chomh maith leis sin, is féidir leis an bParlaimint bac a chur ar an togra mura féidir léi aontú leis an gComhairle.

Má bhíonn comhaontú ann idir an Pharlaimint agus an Chomhairle, is féidir an moladh a ghlacadh. Má theipeann ar chomhaontú eatarthu, cuirtear coiste idir-réitigh ar bun le réiteach a fháil. An Pharlaimint nó an Chomhairle, féadfaidh ceachtar acu bac a chur ar an moladh le linn an dara léamh deiridh seo.

Glactar togra sa dlí nuair a thagann an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach, agus foilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Nósanna imeachta reachtacha speisialta

I gcásanna áirithe, is féidir leis an gComhairle dlíthe an Aontais a ghlacadh ina haonar, gan an Pharlaimint. Chuige sin, ní mór ceann amháin den dá chineál nós imeachta reachtaigh speisialta a leanúint:

  • Toiliú: Is féidir leis an gComhairle dlí a ghlacadh tar éis toiliú a fháil ón bParlaimint, nach féidir léi an togra a leasú ach díreach glacadh leis nó diúltú dó mar atá.
  • Comhairliúchán: Is féidir leis an gComhairle dlí a ghlacadh tar éis tuairim a fháil ón bParlaimint. Ní gá don Chomhairle tuairim den sórt sin a chur san áireamh ach ní mór di fanacht uirthi sula nglacfaidh sí dlí.

Na cineálacha reachtaíochta atá ag an Aontas

Féach ar sheisiúin bheo Pharlaimint na hEorpa

Féach ar phreasráitis ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Treoir amhairc maidir leis an gcaoi a ndéantar dlí an Aontais a chinneadh

An reachtóireacht a rianú

Is féidir le gach duine súil a choinneáil ar fhorbairt dhlíthe an Aontais atá beartaithe i rith phróiseas na reachtóireachta, ó chéim na pleanála agus an ghlactha go céim an chur chun feidhme agus an athbhreithnithe.

Rianaire Dlí an Aontais Eorpaigh

Cuardaigh nósanna imeachta reachtacha

Páirt a ghlacadh sa reachtóireacht

An clár oibre atá ag an gCoimisiún i dtaca le rialáil níos fearr, is clár é a chuireann ar a gcumas do dhaoine aonair, gnólachtaí, páirtithe leasmhara, údaráis náisiúnta agus eagraíochtaí nach iad páirt a ghlacadh i gceapadh bheartais an Aontais. Seo an chaoi ar féidir leat do thuairim a chur in iúl

Bí páirteach, bí idirghníomhach, bí ag vótáil

Gailearaí na bhfíseán