Uachtarán Pharlaimint na hEorpa – Roberta Metsola
Téarma oifige: Iúil 2024 – Eanáir 2027
Arna thoghadh ag: Feisirí Pharlaimint na hEorpa
Ról:
- féachaint chuige go leantar nósanna imeachta parlaiminteacha go cuí
- maoirseoir ar ghníomhaíochtaí agus ar choistí éagsúla na Parlaiminte
- ionadaí thar ceann na Parlaiminte i ngach ábhar dlíthiúil agus i gcaidreamh idirnáisiúnta
- faomhadh deiridh a thabhairt do bhuiséad an Aontais Eorpaigh
Tuilleadh eolais faoi ról Uachtarán Pharlaimint na hEorpa

Uachtarán na Comhairle Eorpaí – António Costa
Téarma oifige: Nollaig 2024 – Bealtaine 2026
Arna cheapadh ag: ceannairí náisiúnta (cinn stáit agus rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh)
Ról:
- obair na Comhairle Eorpaí a stiúradh maidir le treoir pholaitiúil ghinearálta agus tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh a leagan síos, i gcomhar leis an gCoimisiún
- comhtháthú agus comhdhearcadh a chur chun cinn sa Chomhairle Eorpach
- ionadaíocht idirnáisiúnta a dhéanamh don Aontas Eorpach maidir le saincheisteanna eachtracha agus slándála
Tuilleadh eolais faoi ról Uachtarán na Comhairle Eorpaí

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh – Ursula von der Leyen
Téarma oifige: Nollaig 2024 – Samhain 2029
Arna cheapadh ag: ceannairí náisiúnta (cinn stáit agus rialtais Bhallstáit an Aontais), ar fhormheas Pharlaimint na hEorpa
Ról:
- treoir pholaitiúil a thabhairt don Choimisiún
- cruinnithe choláiste na gCoimisinéirí a ghairm agus cathaoirleacht a dhéanamh orthu
- obair an Choimisiúin a stiúradh maidir le beartais an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme
- páirt a ghlacadh i gcruinnithe G7
- páirt a ghlacadh i mórdhíospóireachtaí i bParlaimint na hEorpa agus idir rialtais an Aontais i gComhairle an Aontais Eorpaigh
Tuilleadh eolais faoi ról Uachtarán an Choimisiúin

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Níl uachtarán buan amháin ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, mar a ndéanann na hairí náisiúnta plé ar reachtaíocht an Aontais. Is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle ina seilbh aici a stiúrann an obair sin. Bíonn sealaíocht 6 mhí ag na Ballstáit ar a chéile sa ról sin. Mar shampla, is iad ionadaithe thír na huachtaránachta a bhíonn ina gcathaoirligh ar na cruinnithe.