An leagan amach agus na suíomhanna
Is uathúil an leagan amach institiúideach atá ag an Aontas Eorpach agus bíonn a chóras cinnteoireachta ag forbairt de shíor. Tá 7 n-institiúid Eorpacha, 7 gcomhlacht de chuid an Aontais agus os cionn 30 gníomhaireacht dhíláraithe ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Bíonn siad ag obair le chéile chun aghaidh a thabhairt ar chomhleasanna an Aontais agus mhuintir na hEorpa.
Ó thaobh an riaracháin de, tá 20 gníomhaireacht agus eagraíocht eile de chuid an Aontais ann a dhéanann feidhmeanna dlíthiúla ar leith, sin agus 4 sheirbhís idirinstitiúideacha a thacaíonn leis na hinstitiúidí.
Tá róil shonracha ag na heagraíochtaí sin ar fad, cuir i gcás dlíthe an Aontais a fhorbairt, beartais a cheapadh, beartais a chur chun feidhme agus obair a dhéanamh ar shainréimsí ar nós na sláinte, an leighis, an iompair agus an chomhshaoil.
Tá 4 phríomhinstitiúid chinnteoireachta ann atá i gceannas ar riarachán an Aontais. Ag obair dóibh i dteannta a chéile, cuireann na hinstitiúidí sin treoir ar fáil don Aontas maidir le beartais agus is éagsúil na róil atá acu sa phróiseas reachtóireachta:
- Parlaimint na hEorpa (an Bhruiséil/Strasbourg/Lucsamburg)
- an Chomhairle Eorpach (an Bhruiséil)
- Comhairle an Aontais Eorpaigh (an Bhruiséil/Lucsamburg)
- an Coimisiún Eorpach (an Bhruiséil/Lucsamburg/Ionadaíochtaí ar fud an Aontais)
Comhlánaíonn institiúidí agus comhlachtaí eile a gcuid oibre, cuir i gcás:
- Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (Lucsamburg)
- an Banc Ceannais Eorpach (Frankfurt)
- Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (Lucsamburg)
Is mór an comhoibriú a dhéanann institiúidí agus comhlachtaí an Aontais leis an líonra gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí atá ag an Aontas ar fud na mBallstát. Is í príomhfheidhm na gcomhlachtaí agus na ngníomhaireachtaí sin na beartais a chur i bhfeidhm ar bhonn praiticiúil ar an láthair.
Tá thart ar 60,000 státseirbhíseach agus ball foirne eile de chuid an Aontais ann a fhreastalaíonn ar an 450 milliún Eorpach (agus ar an iliomad daoine eile ar fud an domhain). Tá an líon sin measartha beag i gcomparáid le córais eile – tá thart ar 140,000 ball foirne ag Aireacht Airgeadais na Fraince, tír ag a bhfuil daonra 67 milliún.
Institiúidí
Cumhachtaí, freagrachtaí agus nósanna imeachta institiúidí an Aontais, tá siad leagtha síos i gconarthaí bunaidh an Aontais Eorpaigh: an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (1957) agus an Conradh ar an Aontas Eorpach (1992). Níos déanaí ná sin, le Conradh Liospóin (2007) tugadh isteach roinnt leasuithe agus breisithe maidir lena n-inniúlachtaí.
Oibríonn na 4 phríomhinstitiúid de chuid an Aontais go dlúth le chéile, faoina bhfeidhmeanna éagsúla, chun clár oibre an Aontais a shocrú agus chun reachtóireacht an Aontais a thionscnamh agus a chomhordú.
Ní dhéanann an Chomhairle Eorpach dlíthe ar an mórgóir. Mar sin féin, is féidir léi teacht ar chomhaontú maidir le hathruithe ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Is é an príomhról atá aici treo polaitiúil an Aontais a chinneadh. I bhformhór na gcásanna, is iad Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach a cheapann na beartais agus na dlíthe a bhfuil feidhm acu ar fud an Aontais. Tugtar an Gnáthnós Imeachta Reachtach ar an bpróiseas a leanann siad.
I bprionsabal, is é an Coimisiún a mholann dlíthe nua agus is iad an Pharlaimint agus Comhairle an Aontais Eorpaigh a ghlacann iad. Cuireann na Ballstáit na dlíthe chun feidhme ina dhiaidh sin, agus cinntíonn an Coimisiún go gcuirtear i bhfeidhm i gceart iad.
Déanann Parlaimint na hEorpa ionadaíocht ar shaoránaigh thíortha an Aontais agus is iad na saoránaigh a thoghann na Feisirí go díreach. Déanann sí cinntí maidir le dlíthe Eorpacha go comhpháirteach le Comhairle an Aontais Eorpaigh. Déanann an Pharlaimint buiséad an Aontais a fhormheas freisin. Tá líonra oifigí idirchaidrimh á reáchtáil aici i bpríomhchathracha an Aontais, i Londain, i nDún Éideann agus i Washington D.C.
Tagann cinn stáit nó rialtais thíortha an Aontais le chéile sa Chomhairle Eorpach chun treo polaitiúil agus tosaíochtaí ginearálta an Aontais a shainiú. Tá uachtarán ina chathaoirleach ar an gComhairle Eorpach agus toghtar é ar feadh tréimhse 2.5 bliain, a fhéadtar a athnuachan aon uair amháin. Ní ghlacann an Chomhairle dlíthe seachas leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar chonarthaí an Aontais.
Déanann sí ionadaíocht ar rialtais thíortha an Aontais. Is éard atá i gComhairle an Aontais Eorpaigh teacht le chéile airí náisiúnta gach rialtais de chuid an Aontais chun dlíthe a ghlacadh agus polasaithe a chomhordú. Is i bhfoirmíochtaí éagsúla a bhuaileann na hairí le chéile, ag brath ar an ábhar atá le plé. Déanann Comhairle an Aontais Eorpaigh cinntí maidir le dlíthe Eorpacha go comhpháirteach le Parlaimint na hEorpa.
Déanann an Coimisiún Eorpach ionadaíocht ar leasanna coiteanna an Aontais Eorpaigh agus is é príomhchomhlacht feidhmiúcháin an Aontais é. Úsáideann sé an ‘ceart tionscnaimh’ atá aige chun tograí le haghaidh dlíthe nua a chur chun cinn, tograí a ndéanann Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh a ghrinnscrúdú agus a ghlacadh. Déanann an Coimisiún bainistiú ar bheartais an Aontais freisin, (seachas an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála atá á stiúradh ag Ardionadaí don CBES, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh), agus ar bhuiséad an Aontais. Ina theannta sin cinntíonn sé go gcuireann tíortha dlí an Aontais i bhfeidhm i gceart. Is iad oifigí ionadaíochta an Choimisiúin guth an Choimisiúin ar fud an Aontais. Déanann siad monatóireacht agus anailís ar thuairimí an phobail ina dtír óstach, cuireann siad eolas ar fáil faoi bheartais an Aontais agus faoin gcaoi a bhfeidhmíonn an tAontas, agus éascaíonn siad comhar an Choimisiúin leis an mBallstát óstach.
Clúdaíonn obair na gceithre phríomhinstitiúid sin de chuid an Aontais tascanna reachtacha agus feidhmiúcháin an Aontais, agus is obair í a bhíonn á comhlánú ag trí institiúid eile de chuid an Aontais: Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Is iad na trí institiúid sin atá freagrach as bainistiú a dhéanamh ar ghnéithe breithiúnacha, airgeadais agus iniúchóireachta seachtraí an Aontais Eorpaigh.
Cinntíonn an Chúirt go leantar dlí an Aontais agus go ndéantar na Conarthaí a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gceart: déanann sí athbhreithniú ar dhlíthiúlacht ghníomhartha institiúidí an Aontais, cinntíonn sí go gcomhlíonann tíortha an Aontais a n-oibleagáidí faoi na Conarthaí agus léirmhíníonn sí dlí an Aontais arna iarraidh sin ag na cúirteanna náisiúnta.
Is iad an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus an Córas Eorpach Banc Ceannais atá freagrach as praghsanna a choimeád cobhsaí sa limistéar euro. Tá siad freagrach freisin as an mbeartas airgeadaíochta agus as an mbeartas ráta malairte sa limistéar euro agus tacaíonn siad le beartais eacnamaíocha an Aontais.
Cabhraíonn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) chun bainistíocht airgeadais an Aontais a fheabhsú, cuireann sí cuntasacht agus trédhearcacht chun cinn agus feidhmíonn sí mar chaomhnóir neamhspleách leasanna airgeadais shaoránaigh an Aontais. Déanann sí cinnte de go mbíonn an cuntas ceart ar chistí an Aontais, go ndéantar iad a thiomsú agus a chaitheamh i gcomhréir leis na rialacha agus na rialacháin ábhartha, agus go mbaineann luach ar airgead leo.
Comhlachtaí
Chomh maith leis na hinstitiúidí, tá roinnt comhlachtaí ann a bhfuil róil speisialaithe acu maidir le cabhrú leis an Aontas a chúraimí a chomhlíonadh. Tá sé de chúram ar roinnt comhlachtaí comhairle a chur ar na hinstitiúidí (Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún); tá comhlachtaí eile ann a chinntíonn go gcomhlíonann na hinstitiúidí rialacha agus nósanna imeachta an Aontais (an tOmbudsman Eorpach, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí). Is é atá sa tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí comhlacht poiblí seachtrach a thacaíonn leis an Aontas Eorpach i gcúrsaí gnóthaí eachtracha.
Is í an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) seirbhís taidhleoireachta an Aontais Eorpaigh. Cabhraíonn sí leis an Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála/Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais a chur i bhfeidhm, agus cinntíonn sí comhsheasmhacht agus comhordú ghníomhaíocht eachtrach an Aontais. Reáchtálann SEGS líonra Toscaireachtaí de chuid an Aontais ar fud an domhain.
Déanann CESE ionadaíocht ar réimse páirtithe leasmhara ón tsochaí shibhialta ar fud na hEorpa, lena n-áirítear fostóirí, oibrithe agus ionadaithe ó eagraíochtaí sóisialta, gairme, eacnamaíocha agus cultúrtha eile. Téann Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach i gcomhairle le CESE nuair a dhéanann siad cinntí faoi chúrsaí beartais atá faoina shainchúram.
Déanann Coiste na Réigiún ionadaíocht ar údaráis réigiúnacha agus áitiúla. Téann Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach i gcomhairle le Coiste na Réigiún maidir le hábhair atá ábhartha d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha.
Is é an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) brainse iasachta an Aontais Eorpaigh. Díríonn sé a chuid gníomhaíochtaí ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, ar an bhforbairt, ar an nuálaíocht agus scileanna, ar ghnólachtaí beaga agus meánmhéide, ar an mbonneagar agus ar an gcomhtháthú.
Is comhlacht neamhspleách neamhchlaonta é an tOmbudsman Eorpach a thugann institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais chun cuntais agus a chuireann an dea-riarachán chun cinn. Cuidíonn an tOmbudsman le daoine, gnólachtaí agus eagraíochtaí a bhfuil fadhbanna acu leis an Aontas trí ghearáin faoi dhrochriarachán a imscrúdú, agus trí shaincheisteanna córasacha níos leithne a fhiosrú go réamhghníomhach.
Cinntíonn an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) go n-urramaíonn institiúidí agus comhlachtaí an Aontais ceart an duine chun príobháideachais agus iad i mbun a shonraí pearsanta a phróiseáil.
Is comhlacht neamhspleách é an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (BECS) a chinntíonn go gcuirtear rialacha cosanta sonraí i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an Aontais, agus cuireann sé comhar chun cinn idir na húdaráis náisiúnta sonraí san Aontas.
Is oifig ionchúisimh phoiblí neamhspleách de chuid an Aontais Eorpaigh í Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE). Tá sí freagrach as coireanna in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais.
Seirbhísí idirinstitiúideacha
Chruthaigh institiúidí an Aontais Eorpaigh 4 sheirbhís idirinstitiúideacha chun freastal ar obair institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus chun tacú leis an obair sin, mar aon lena ghníomhaireachtaí agus a chomhlachtaí. Tá sainchúraimí ar gach ceann acu, ar sainchúraimí iad a chlúdaíonn riachtanais bhunúsacha institiúidí an Aontais, cuir i gcás an earcaíocht, foghlaim agus forbairt foirne, TF agus an fhoilsitheoireacht. Bunaíodh Oifig na bhFoilseachán in 1969, ach bunaíodh na hoifigí eile níos déanaí – an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne in 2003, an Scoil Riaracháin Eorpach in 2005 agus an Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire in 2012.
Déanann CERT-EU bagairtí ar chórais ríomhairí institiúidí an Aontais a bhainistiú – tacaíonn sí le foirne slándála TF i ngach institiúid de chuid an Aontais agus téann sí i gcomhairle le macasamhla CERT san earnáil phoiblí i dtíortha an Aontais.
Cuireann an Scoil Riaracháin Eorpach oiliúint ar fáil i réimsí sonracha do bhaill foirne an Aontais agus oibríonn sí i ndlúthchomhar le ranna oiliúna na n-institiúidí go léir chun dúbláil iarrachtaí a sheachaint.
Is é EPSO oifig an Aontais um roghnú foirne. Eagraíonn sí comórtais chun iarrthóirí a earcú le bheith ag obair d’institiúidí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh.
Is é Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh an soláthraí oifigiúil seirbhísí foilsitheoireachta d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais. Dá bhrí sin, is í an pointe lárnach rochtana ar dhlí an Aontais Eorpaigh, foilseacháin, sonraí oscailte, torthaí taighde, fógraí soláthair agus faisnéis oifigiúil eile.
Gníomhaireachtaí díláraithe
Tá os cionn 30 gníomhaireacht dhíláraithe ann faoi láthair. Tá a bpearsantachtaí dlíthiúla féin acu, cuirtear ar bun iad ar feadh tréimhse éiginnte agus tá siad éagsúil le hinstitiúidí an Aontais.
Cuidíonn gníomhaireachtaí díláraithe chun beartais an Aontais a chur i bhfeidhm. Tacaíonn siad freisin leis an gcomhar idir an tAontas agus na rialtais náisiúnta trí shaineolas agus eolas teicniúil agus speisialaithe a chomhthiomsú ó institiúidí an Aontais agus ó údaráis náisiúnta araon.
Tá gníomhaireachtaí díláraithe scaipthe ar fud na hEorpa agus oibríonn siad ar shaincheisteanna a théann i bhfeidhm ar ghnáthshaol an 450 milliún duine, nach mór, atá ina gcónaí san Aontas Eorpach. I measc na saincheisteanna sin tá bia, leigheas, ceartas, sábháilteacht iompair, andúil i ndrugaí agus an comhshaol.
Mar shampla:
Is gníomhaireacht dhíláraithe í an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, atá lonnaithe in Amstardam. Bunaíodh í sa bhliain 1995 chun éifeachtúlacht agus sábháilteacht na gcógas don duine agus na gcógas tréidliachta a chinntiú ar fud na hEorpa. Cuireann an Ghníomhaireacht taighde agus nuálaíocht chun cinn i bhforbairt cógas freisin. Chuir sí go mór le forbairt cógas leanaí, leigheasanna ar ghalair neamhchoitianta, teiripí ardfhorbartha, agus cógais luibhe agus tréidliachta. Tá ról le himirt aici freisin maidir le dul i ngleic le dúshláin sláinte poiblí ar nós SEIF, na hailse, galair Alzheimer agus diaibéitis.
Féach na gníomhaireachtaí díláraithe ar fad
Féach obair na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí i réimse na ngalar víreasach
An comhbheartas eachtrach agus slándála
Tá 3 ghníomhaireacht curtha ar bun ag an Aontas chun cúraimí teicniúla, eolaíochta agus bainistíochta atá sainithe go soiléir a dhéanamh. Is é misean uileghabhálach na dtrí ghníomhaireacht cabhrú leis an Aontas agus lena Bhallstáit an comhbheartas eachtrach agus slándála a chur chun feidhme, lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta, agus gnéithe eile de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.
Tacaíonn an Ghníomhaireacht um Chosaint le hinniúlachtaí cosanta agus comhar míleata a fhorbairt idir tíortha an Aontais. Spreagann sí taighde agus teicneolaíocht na cosanta, neartaíonn sí tionscal cosanta na hEorpa agus feidhmíonn sí mar chomhéadan míleata maidir le beartais an Aontais.
Déanann an Institiúid anailís ar shaincheisteanna beartais a bhaineann le gnóthaí eachtracha, leis an tslándáil agus leis an gcosaint. Cuireann sí anailís ar fáil, eagraíonn sí fóraim phlé le cabhrú chun beartas an Aontais a cheapadh, agus cuireann sí le díospóireachtaí ar an straitéis slándála laistigh agus lasmuigh den Eoraip.
Soláthraíonn an Lárionad Satailíte táirgí agus seirbhísí faisnéise geospásúla, go príomha trí anailís a dhéanamh ar shonraí ó shatailítí Domhanbhreathnóireachta. Géarchéimeanna a d’fhéadfadh a theacht chun cinn, tugann sé luathrabhaidh fúthu do lucht déanta cinntí ionas gur féidir bearta taidhleoireachta, eacnamaíocha agus daonnúla a dhéanamh in am trátha.
Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
Tá 6 ghníomhaireacht feidhmiúcháin curtha ar bun ag an gCoimisiún Eorpach ar feadh tréimhse theoranta chun cúraimí sonracha a bhaineann le cláir an Aontais a bhainistiú. Déanann na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin sin, ar eintitis dhlíthiúla iad, obair ar thionscnaimh de chuid an Choimisiúin, lena n-áirítear sláinte agus oideachas, nuálaíocht agus taighde.
Mar shampla:
Bhunaigh an Coimisiún Eorpach Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (EISMEA) chun an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach a fhorbairt agus a chur chun feidhme, ar comhairle í a shainaithníonn agus a thacaíonn le teicneolaíochtaí ceannródaíocha agus nuálaíochtaí. Tá an Ghníomhaireacht freagrach freisin as cláir an Aontais a bhainistiú i dtaca le tacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, le héiceachórais nuálaíochta, leis an margadh aonair, le beartas tomhaltóirí agus le hinfheistíochtaí nuálaíochta idir-réigiúnacha. Cinntíonn sí go mbaintear torthaí amach leis an obair a mhaoinítear leis na cláir sin agus go dtugtar ionchur luachmhar don Choimisiún le haghaidh a chúraimí beartais.
Gníomhaireachtaí agus comhlachtaí Euratom
Tá 2 ghníomhaireacht agus chomhlacht de chuid Euratom ann a bunaíodh chun tacú le haidhmeanna an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (EURATOM, 1957). Seo a leanas aidhmeanna an Chonartha: cláir náisiúnta um thaighde ar fhuinneamh núicléach a chomhordú, chun críoch síochánta; eolas, bonneagar agus maoiniú a chur ar fáil don fhuinneamh núicléach; agus soláthar leordhóthanach agus slán fuinnimh núicléach a chinntiú.
Cinntíonn an ghníomhaireacht go soláthraítear breoslaí núicléacha go rialta agus go cothrom d’úsáideoirí an Aontais. Neartaíonn sí slándáil an tsoláthair d’úsáideoirí san Aontas Eorpach.
Bainistíonn an comhghnóthas rannchuidiú an Aontais leis an tionscadal ITER (an tImoibreoir Trialach Teirmeanúicléach Idirnáisiúnta ar dtús), a dearadh chun féidearthacht eolaíoch agus theicneolaíoch na cumhachta comhleá a léiriú, agus comhoibríonn sé leis an tSeapáin maidir le tionscadail taighde agus forbartha comhleá.