Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union

Tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh don tréimhse 2024-2029

Tar éis na dtoghchán Eorpach i mí an Mheithimh 2024, leag an tAontas Eorpach amach roinnt tosaíochtaí lena múnlófar an clár oibre polaitiúil agus beartais go dtí 2029. Tugann siad aghaidh ar na príomhdhúshláin atá os comhair an Aontais agus a shaoránaigh.

Eascraíonn na tosaíochtaí as plé idir ceannairí an Aontais, airí náisiúnta, institiúidí an Aontais agus na grúpaí polaitiúla a toghadh chuig Parlaimint na hEorpa. I mí an Mheithimh 2024 leag an Chomhairle Eorpach a tosaíochtaí amach i gclár oibre straitéiseach an Aontais don tréimhse 2024-2029. Is ábhar inspioráide é sin do thosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin Eorpaigh, ar tosaíochtaí iad a dhréachtaíonn sé sula dtéann sé i mbun oifige go ceann téarma 5 bliana.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a socraítear tosaíochtaí an Aontais

Clár oibre straitéiseach an Aontais le haghaidh 2024-2029

Ina gclár oibre straitéiseach don tréimhse 2024-2029, leag ceannairí an Aontais amach 3 réimse tosaíochta chun obair institiúidí an Aontais sna 5 bliana sin a threorú. Tá an gá le plean straitéiseach soiléir níos práinní ná mar a bhí riamh. Le blianta beaga anuas, bhí ar an Aontas aghaidh a thabhairt ar go leor géarchéimeanna, idir an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, phaindéim COVID-19 agus tacaíocht a thabhairt don Úcráin tar éis chogadh foghach na Rúise. Trí dhíriú ar réimsí tosaíochta nua, cuideoidh an tAontas leis an Eoraip a bheith níos ceannasaí agus níos cumasaí chun déileáil le dúshláin a bheidh ann amach anseo.

Seo a leanas na trí thosaíocht:

Eoraip atá saor agus daonlathach

  • luachanna Eorpacha a chaomhnú laistigh den Aontas
  • seasamh le luachanna an Aontais ar an leibhéal domhanda

Eoraip atá láidir agus slán

  • gníomhaíocht sheachtrach atá comhleanúnach agus ag a bhfuil tionchar a chinntiú
  • slándáil agus cosaint an Aontais a neartú, agus saoránaigh an Aontais a chosaint
  • ullmhú d’Aontas níos mó agus níos láidre
  • cur chuige cuimsitheach a shaothrú maidir leis an imirce agus bainistiú teorainneacha

Eoraip atá rathúil agus iomaíoch

  • iomaíochas an Aontais a threisiú
  • an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chur i gcrích
  • timpeallacht atá fabhrach don nuálaíocht agus don ghnó a chur chun cinn
  • ag dul chun cinn le chéile

Tosaíochtaí an Choimisiúin do 2024-2029

Chinn Uachtarán an Choimisiúin 7 dtosaíocht do shainordú 2024-2029 ón gCoimisiún Eorpach. Tógann na tosaíochtaí sin ar chlár oibre straitéiseach na Comhairle agus ar phlé leis na grúpaí polaitiúla i bParlaimint na hEorpa.

Seo a leanas na tosaíochtaí:

Plean nua chun go mbeidh rathúnas agus iomaíochas na hEorpa inbhuanaithe

Gnó a dhéanamh níos éasca chun fás eacnamaíoch a chothú, tacú le tionscail iomaíocha an Aontais agus poist ardcháilíochta a chruthú, geilleagar ciorclach athléimneach a fhorbairt a bhfuil taighde agus nuálaíocht ina chroílár agus a chuireann dlús leis an infheistíocht, dul i ngleic leis na bearnaí scileanna agus saothair agus a bheith ar thús cadhnaíochta i nuálaíocht na teicneolaíochta digití.

Ré nua maidir le Cosaint agus Slándáil na hEorpa

A chinntiú go bhfuil saoránaigh na hEorpa níos sábháilte agus níos sláine trí Aontas Eorpach um Chosaint a thógáil, aghaidh a thabhairt ar gach bagairt ar líne agus as líne agus a bheith ullamh chun freagairt do ghéarchéimeanna. Ár gcomhtheorainneacha a neartú agus an imirce a bhainistiú go cothrom daingean.

Tacú le daoine agus ár sochaithe agus ár múnla sóisialta a neartú

An cháilíocht saoil atá againn san Eoraip sa lá atá inniu ann a chothú agus a fheabhsú trí chothroime shóisialta a chur chun cinn sa gheilleagar nua-aimseartha, dlúthpháirtíocht i measc na saoránach a neartú trínár sochaithe a athaontú agus trí thacú le daoine óga, agus comhionannas deiseanna a chinntiú do chách.

Ár gcáilíocht saoil a chothabháil: Slándáil bia, uisce agus an dúlra

Córas talmhaíochta agus bia iomaíoch athléimneach a thógáil agus an bhithéagsúlacht a chosaint chun tacú lenár bhfeirmeoirí agus chun ár mbia sláintiúil a chosaint. Oiriúnú agus ullmhú d’aeráid atá ag athrú chun bheith réidh agus chun cabhrú leo siúd a bheidh buailte.

Ár ndaonlathas a chosaint, ár luachanna a chaomhnú

An daonlathas a chosaint agus athléimneacht agus ullmhacht na sochaí a mhéadú, an smacht reachta a neartú ar mhaithe le sochaí chothrom dhea-fheidhmiúil, tacú le rannpháirtíocht shibhialta chun smaointe na saoránach a chur i gcroílár an cheaptha beartas.

An Eoraip dhomhanda: Ár gcumhacht agus ár gcomhpháirtíochtaí a ghiaráil

Obair a dhéanamh chun an tAontas a mhéadú lenár dtionchar ar an leibhéal domhanda a mhéadú; díriú ar ár gcomharsanacht níos leithne chun síocháin, comhpháirtíochtaí agus cobhsaíocht eacnamaíoch a chur chun cinn; beartas eachtrach eacnamaíoch nua a shaothrú agus an córas idirnáisiúnta a athchóiriú chun é a chur in oiriúint do shaol an lae inniu.

Torthaí a bhaint amach le chéile agus ár nAontas a ullmhú don todhchaí

Buiséad níos simplí, a mbeidh tionchar níos mó aige, a fhorbairt don Aontas chun cistí a chur ar fáil sna háiteanna is mó a bhfuil tábhacht leo; athchóirithe a chur chun feidhme chun dea-fheidhmiú aontais níos mó a chinntiú agus an chomhpháirtíocht idir an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa a neartú chun cabhrú linn beart a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí le chéile.

Tosaíochtaí an Choimisiúin do 2024-2029

Scéal físiúil: An Coimisiún Eorpach 2024-2029: Ár dtosaíochtaí maidir le neart agus aontacht na hEorpa

Gníomhaíochtaí an Choimisiúin de réir ábhair