Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
European Ombudsman

Forbhreathnú

  • Ról: Imscrúdaíonn an tOmbudsman gearáin in aghaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh
  • An tOmbudsman Emily O'Reilly
  • Bliain a bhunaithe: 1995
  • Suíomh: Strasbourg (an Fhrainc)
  • Suíomh gréasáin: An tOmbudsman Eorpach

Imscrúdaíonn an tOmbudsman Eorpach gearáin faoi dhrochriar ag institiúidí an Aontais agus comhlachtaí eile an Aontais. Féadfaidh saoránaighcónaitheoirí i mBallstát nó comhlachais nó gnólachtaí atá bunaithe san Aontas Eorpach gearáin a dhéanamh.

Cad a dhéanann an tOmbudsman?

Imscrúdaíonn an tOmbudsman cineálacha éagsúla drochriaracháin, mar shampla:

  • iompraíocht éagórach
  • idirdhealú
  • mí-úsáid cumhachta
  • easpa eolais nó diúltiú é a sholáthar
  • moill mhíchuí
  • nósanna imeachta míchearta

Conas a roghnaítear an tOmbudsman?

Is í Parlaimint na hEorpa a thoghann an tOmbudsman Eorpach ar feadh téarma 5 bliana in-athnuaite. Tá sé ar cheann de na chéad chúraimí atá ar an bParlaimint nua-thofa.

Cén chaoi a n-oibríonn an tOmbudsman?

Déanann oifig an Ombudsman Eorpaigh imscrúduithe a sheoladh mar fhreagairt ar ghearáin nó ar a tionscnamh féin. Mar chomhlacht neamhchlaonta, ní ghlacann sí orduithe ó rialtas ar bith ná ó aon eagraíocht eile. Cuireann sí tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.

B'fhéidir go bhféadfadh an tOmbudsman d'fhadhb a réiteach gan dua trí scéala a chur chuig an institiúid lena mbaineann. Más gá níos mó a dhéanamh, déantar gach iarracht teacht ar réiteach cairdiúil a chuirfidh an scéal ina cheart. Má theipeann ar an mbeart sin, is féidir leis an Ombudsman moltaí a chur faoi bhráid na hinstitiúide. Mura nglactar leo, is féidir leis an Ombudsman tuarascáil speisialta a ullmhú le cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, a chaithfidh beart iomchuí a dhéanamh ansin.

Tusa agus an tOmbudsman

Má tá tú míshásta le hinstitiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh, ba cheart duit seans a thabhairt dó ar dtús an rud a chur ina cheart. Má theipeann air sin, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman.

Ní mór duit do ghearán a dhéanamh laistigh de 2 bhliain ón dáta ar chuir tú eolas ar an bhfadhb atá ann. Déan cinnte de go luann tú tú féin, cén institiúid nó comhlacht a bhfuil tú ag gearán faoi, agus cén fáth. Is féidir leat a iarraidh go bhfanfaidh an gearán faoi rún.

Mura féidir leis an Ombudsman déileáil le do ghearán, cuirfear ar an eolas tú faoi chomhlachtaí eile a d'fhéadfadh cuidiú leat.

Féach freisin

An bhféadfadh an tOmbudsman cuidiú leatsa?

Gearán a thaisceadh

Foilseacháin

Oifigí ombudsman náisiúnta

Poist

Cé hé cé

Teagmháil

An tOmbudsman Eorpach

Ainm
An tOmbudsman Eorpach
Suíomh gréasáin
https://www.ombudsman.europa.eu/ga/home/
Uimhir ghutháin
+33 3 88 17 23 13
Uimhir facs
+33 3 88 17 90 62
Seoladh poist
1 avenue du Président Robert Schuman, 67001 Strasbourg CS 30403, An Fhrainc
Na meáin shóisialta