Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
European Personnel Selection Office - Logo

Forléargas

  • Ról: Eagraíonn sé próisis roghnúcháin ar ardchaighdeán chun baill foirne a earcú d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh
  • Stiúrthóir: Minna Vuorio
  • Bliain a bhunaithe: 2002
  • An líon foirne: 120
  • Suíomh: An Bhruiséil (le ball foirne amháin i Lucsamburg)
  • Suíomh gréasáin: An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne

Gníomhaíochtaí

Eagraíonn EPSO comórtais oscailte agus próisis roghnúcháin chun baill foirne a earcú d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, cuir i gcás:

  • Parlaimint na hEorpa
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • An Coimisiún Eorpach
  • Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
  • Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
  • An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí
  • Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
  • Coiste Eorpach na Réigiún
  • An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí
  • An tOmbudsman Eorpach.

Déanann EPSO timpeall 46,000 iarratas a phróiseáil in aghaidh na bliana ar thart ar 1,300 post in Institiúidí an Aontais. Déantar an tástáil i 24 theanga – rud nach dtarlaíonn i gcúrsaí roghnúcháin in aon áit eile. Sa bhreis air sin, déanann sé bainistiú ar bhunachar sonraí ina bhfuil níos mó ná 70,000 iarrthóirí cláraithe le haghaidh nach mór 800 post ar conradh in aghaidh na bliana faoin Uirlis um Roghnúcháin maidir le Gníomhairí ar Conradh (CAST).

Oibríonn EPSO i ndlúthchomhar le hionadaithe na mBallstát atá freagrach as gairmréimeanna in institiúidí an Aontais a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta. Is é EPSO a bhainistíonn an clár Ambasadóirí Mac Léinn um Ghairmeacha AE. Thairis sin, is minic a chomhroinneann EPSO dea-chleachtas le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail na Náisiúin Aontaithe (UN), Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO) agus an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (OSCE).

Cé a bhaineann tairbhe as?

Is iad seirbhísí earcaíochta institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh a bhfuil EPSO ag obair dóibh, chomh maith le hiarrthóirí ionchasacha ar phoist bhuana agus shealadacha i státseirbhís an Aontais Eorpaigh, na príomh-eagraíochtaí a bhaineann tairbhe as obair EPSO. Baineann siad tairbhe as próisis roghnúcháin EPSO, próisis atá cothrom trédhearcach éifeachtúil. Cuireann na próisis sin ar a gcumas d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh an duine ceart a earcú sa phost ceart, ag an am ceart.

Is éifeachtúla agus is éifeachtaí ó thaobh costais de aon oifig amháin a bheith ann chun baill foirne a earcú in ionad é a fhágáil faoi gach institiúid, comhlacht agus gníomhaireacht de chuid an Aontais a bpróisis roghnúcháin nó a gcomórtais féin a eagrú.

Tuilleadh eolais

Nósanna imeachta roghnúcháin do phoist bhuana agus shealadacha

Poist le hinstitiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh

Tréimhsí oiliúna le hinstitiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh

Teagmháil

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

Ainm
An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)
Suíomh gréasáin
https://eu-careers.europa.eu/ga/contact-us
Uimhir ghutháin
+ 32 (0) 2 299 11 11
Seoladh poist
107, Rue de la Loi, 1000 Bruxelles/An Bhruiséil, An Bheilg
Na meáin shóisialta