Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
European Investment Bank - Logo

Forléargas

  • Ról: cuireann sé maoiniú ar fáil do thionscadail a chuidíonn le cuspóirí an Aontais Eorpaigh a bhaint amach, laistigh agus lasmuigh den Aontas araon
  • Uachtarán: Nadia Calviño
  • Bord Stiúrthóirí: tá stiúrthóir amháin in aghaidh an Bhallstáit, móide stiúrthóir amháin ón gCoimisiún Eorpach
  • Bliain a bhunaithe: 1958
  • Suíomh: Lucsamburg
  • Suíomh GréasáinAn Banc Eorpach Infheistíochta

Tá an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) faoi chomhúinéireacht na mBallstát. Tá sé d’aidhm aige an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • borradh a chur faoi acmhainneacht na hEorpa ó thaobh post agus fáis de
  • tacú le gníomhaíocht chun an t-athrú aeráide a mhaolú
  • beartais an Aontais a chur chun cinn lasmuigh den Aontas

An méid a dhéanann BEI

Faigheann an Banc airgead ar iasacht ar mhargaí caipitil agus tugann sé ar iasacht é ar théarmaí fabhracha do thionscadail a thacaíonn le cuspóirí an Aontais. Tugtar tuairim is 90% d’iasachtaí laistigh den Aontas Eorpach. Ní thagann aon chuid den airgead ó bhuiséad an Aontais.

Cuireann BEI trí chineál táirgí agus seirbhísí ar fáil:

  • iasachtaí a thabhairt – tuairim is 90% dá ghealltanas airgeadais iomlán. Tugann an banc iasachtaí do chustaiméirí de gach méid chun tacú le fás agus cruthú post, agus is minic a mhealltar infheisteoirí eile de bharr na tacaíochta sin.
  • ‘cumasc’ – lenar féidir le custaiméirí maoiniú BEI a cheangal le hinfheistíocht bhreise.
  • comhairle agus cúnamh teicniúil – an luach ar airgead is fearr a fháil.

Tugann BEI iasachtaí os cionn €25 mhilliún go díreach. Nuair a bhaineann sé le hiasachtaí níos lú, osclaíonn sé línte creidmheasa d’institiúidí airgeadais a thugann an t-airgead do chreidiúnaithe.

Comhdhéanamh

Tá na Ballstáit uile ina scairshealbhóirí sa BEI. Is iad na comhlachtaí seo a leanas a dhéanann na cinntí:

  • an Bord Gobharnóirí, ar a bhfuil airí (airí airgeadais den chuid is mó) ó na Ballstáit uile. Is é an Bord a shainíonn an beartas iasachtaithe ginearálta.
  • an Bord Stiúrthóirí, ar a bhfuil Uachtarán BEI ina chathaoirleach, agus ar a bhfuil 28 gcomhalta arna gceapadh ag na Ballstáit agus comhalta amháin arna cheapadh ag an gCoimisiún Eorpach. Déanann sé oibríochtaí chun iasachtaí a thabhairt agus a fháil a fhormheas.
  • an Coiste Bainistíochta, comhlacht feidhmiúcháin an Bhainc, a bhíonn ag plé leis an ngnó laethúil.

Féachann an Coiste Iniúchóireachta chuige go ndéantar oibríochtaí BEI go cuí.

Is iad rannóga an Bhainc a chuireann cinntí bainistíochta i bhfeidhm.

An chaoi a n-oibríonn BEI

Déanann sé cinntí maidir le hiasachtaí a thabhairt agus a fháil, ar bhonn fhiúntas gach tionscadail agus na ndeiseanna atá ar fáil sna margaí airgeadais. Laistigh den Aontas Eorpach, tá tosaíochtaí iasachtaithe sonracha ag BEI. Lasmuigh den Aontas Eorpach, tacaíonn sé le beartais forbartha agus comhair an Aontais ar fud an domhain.

Mar chomhlacht neamhspleách, déanann an Banc a chuid cinntí féin maidir le hiasachtaí a fháil agus a thabhairt. Oibríonn sé i gcomhar le hinstitiúidí eile an Aontais, go háirithe an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, agus Comhairle an Aontais Eorpaigh.

Tusa agus BEI

Má reáchtálann tú gnólacht nó má oibríonn tú san earnáil phoiblí agus má tá tionscadal agat a d’fhéadfadh cuidiú le cuspóirí bheartais an Aontais a bhaint amach, d’fhéadfá a bheith i dteideal iasacht á fháil ó BEI. Le cur isteach air, déan teagmháil le BEI trí infoatbei [dot] org (subject: EIB%20info) (ríomhphost), foirm ar líne nó trína chuid oifigí, agus tabhair dóthain eolais le gur féidir leis an mBanc a chinneadh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an tionscadal a chuspóirí iasachtaithe agus a bhfuil nó nach bhfuil plean gnó dea-fhorbartha ann.

 

European Investment Fund - Logo

 

An Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI)

Is é BEI an príomh-scairshealbhóir sa Chiste Eorpach Infheistíochta (CEI) a thugann maoiniú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) trí chaipiteal fiontair agus ionstraimí maoinithe riosca. Is iad an Coimisiún Eorpach agus institiúidí airgeadais ar fud na hEorpa na scairshealbhóirí eile. Bunaíodh an Ciste i 1994, agus tá sé gníomhach sna Ballstáit uile, i dtíortha is iarrthóirí bheith ina mBallstáit, i Lichtinstéin agus san Iorua.

Ar tháirgí CEI tá an méid seo a leanas:

caipiteal fiontair agus micreamhaoiniú do FBManna, go háirithe cuideachtaí nua agus nuálacha
ráthaíochtaí d’institiúidí airgeadais, chun iasachtaí do FBManna a chlúdach
– cabhair do Bhallstáit agus do thíortha atá ag ullmhú do theacht isteach san Aontas chun a margaí maoinithe riosca a fhorbairt

Más fiontraí thú atá ag lorg maoiniú, déan teagmháil le hidirghabhálaithe CEI i do thír féin féachaint an bhfuil tú i dteideal chothromas agus tháirgí fiachais CEI.

Tuilleadh eolais

Cé atá i BEI?

Cé atá sa Chiste Eorpach Infheistíochta (CEI)?

Foilseacháin de chuid BEI

Nuacht faoi CEI agus foilseacháin

Poist i BEI

Poist i CEI

Teagmháil

An Banc Eorpach Infheistíochta (BEI)

Ainm
An Banc Eorpach Infheistíochta (BEI)
Suíomh gréasáin
https://www.eib.org/ga/index.htm
Uimhir ghutháin
+352 43 79 1
Uimhir facs
+352 43 77 04
Seoladh poist
98-100 boulevard Konrad Adenauer, 2950 Lucsamburg, Lucsamburg
Na meáin shóisialta