Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Seirbhís idirinstitiúideach AE

Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh

Publications Office of the European Union logo

Forléargas

  • Ról: Tacú le beartais an Aontais agus seirbhísí foilsitheoireachta a sholáthar d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais.
  • Ard-Stiúrthóir: Hilde Hardeman
  • Bliain a bhunaithe: 1969
  • An líon foirne: 615
  • Láthair: Lucsamburg
  • Suíomh GréasáinOifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh

Gníomhaíochtaí

Is é Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh an soláthraí oifigiúil seirbhísí foilsitheoireachta d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais. Dá bhrí sin, is é an príomhphointe rochtana ar dhlí, foilseacháin, sonraí oscailte, torthaí taighde, fógraí soláthair agus faisnéis oifigiúil eile an Aontais. 

Is é an misean atá aige tacú le beartais an Aontais agus raon leathan faisnéise a chur ar fáil go poiblí mar shonraí inrochtana in-athúsáidte. Is é an cuspóir foriomlán atá aige trédhearcacht agus gníomhaíocht eacnamaíoch a éascú agus eolas a scaipeadh.

Cé a bhaineann tairbhe as?

Is ar an bpobal i gcoitinne (daoine aonair agus gnólachtaí) is mó a fhreastalaíonn an Oifig Foilseachán. 

A bhuí lenár gcuid oibre, tá fáil ag an bpobal i gcoitinne ar raon leathan d'fhaisnéis oifigiúil an Aontais mar shonraí atá so-aimsitheach, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte (FAIR) – rud atá fíor-riachtanach i ngeilleagar sonraíbhunaithe an lae inniu. Mar sin, tacaíonn an Oifig Foilseachán le trédhearcacht, gníomhaíocht eacnamaíoch agus forbairt teicneolaíochtaí nua-aimseartha, cuir i gcás an intleacht shaorga agus rochtain ar eolas i gcoitinne. 

Is éard is brí leis sin go bhfuil ról nach beag againn maidir le roinnt tosaíochtaí polaitiúla an Aontais: an daonlathas, an geilleagar agus an claochlú digiteach.

Tuilleadh eolais

EUR-Lex – Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh

Ted – Soláthar poiblí laistigh den Aontas Eorpach

CORDIS – Tioncadail taighde a fhaigheann maoiniú ón Aontas agus a dtorthaí

EU Whoiswho – Eolaire oifigiúil an Aontais

An Tairseach Sonraí Eorpach – Faisnéis ón earnáil phoiblí arna saothrú ó thairsí sonraí poiblí ar fud an Aontais

Oiliúint maidir le hinrochtaineacht

Teagmháil

Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh

Ainm
Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh
Suíomh gréasáin
https://op.europa.eu/ga/home
Uimhir ghutháin
+352 29 291
Seoladh poist
20, rue de Reims, 2417 Lucsamburg, Lucsamburg
Na meáin shóisialta