Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
European External Action Service - Logo

Forléargas

  • Ról: Bainistíonn sí caidreamh taidhleoireachta an Aontais le tíortha eile lasmuigh den bhloc agus cuireann sí beartas eachtrach agus slándála an Aontais i gcrích
  • An tArd-Ionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála: Josep Borrell
  • Bliain a bhunaithe: 2011
  • Suíomh: An Bhruiséil (an Bheilg)
  • Suíomh GréasáinAn tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

Is í an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí seirbhís taidhleoireachta an Aontais Eorpaigh. Is éard atá mar aidhm aici beartas eachtrach an Aontais a dhéanamh níos soiléire agus níos éifeachtaí, ag cur le tionchar domhanda an Aontais ar an gcaoi sin.

Cad a dhéanann SEGS?

  • tacaíonn sí le hArd-Ionadaí an Aontais beartas eachtrach agus slándála an Aontais a chur i gcrích
  • bainistíonn sí caidreamh taidhleoireachta agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha le tíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach
  • oibríonn sí le seirbhísí taidhleoireachta na mBallstát, leis na Náisiúin Aontaithe agus le mórchumhachtaí eile.

Ar na samplaí praiticiúla tá an méid a leanas:

  • cothú na síochána – trí thacaíocht pholaitiúil, eacnamaíoch agus phraiticiúil a thabhairt
  • an tslándáil a chinntiú – faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta
  • dea-chaidreamh a chothú le comharsana béil dorais an Aontais Eorpaigh trí Bheartas Comharsanachta na hEorpa
  • forbairt agus cabhair dhaonnúil agus freagairt ar ghéarchéimeanna
  • dul i ngleic le ceisteanna a bhaineann leis an athrú aeráide agus cearta an duine

Comhdhéanamh

Is é ceannaire gnóthaí eachtracha an Aontais a stiúrann an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí – nó an tArd-Ionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus Slándála. Tá sé comhdhéanta de:

Cén chaoi a n-oibríonn SEGS?

Tá an tArd-Ionadaí ina Leas-Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach freisin. Déanann sé ionadaíocht ar bheartas eachtrach agus slándála an Aontais ar fud an domhain, comhordaíonn sé obair an Choimisiúin Eorpaigh maidir le caidreamh seachtrach an Aontais agus bíonn sé ina chathaoirleach ar chruinnithe Airí Gnóthaí Eachtracha, Airí Cosanta agus Airí Forbartha. Is é an tArd-Ionadaí/Leas Uachtarán, mar aon leis na Ballstáit, a chuireann beartas eachtrach agus slándála an Aontais i bhfeidhm ag baint úsáide as acmhainní náisiúnta agus acmhainnaí an Aontais. Cuidíonn an méid sin le comhleanúnachas sa bheartas eachtrach a chinntiú ar fud an bhloic.

Lasmuigh dá theorainneacha, is iad na hoifigí sna tíortha féin a dhéanann ionadaíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh – toscaireachtaí an Aontais – a bhfuil ról cosúil le hambasáid acu.

Tusa agus SEGS

Tá beartais agus cláir ghnóthaí eachtracha an Aontais ann le tú a chosaint – mar shaoránach den Aontas – nuair atá tú lasmuigh de theorainneacha an Aontais agus cuireann siad deiseanna oideachais agus gairmréime ar fáil freisin.

Seo na rudaí is féidir a phlé le SEGS:

  • achainí a dhéanamh ar cheisteanna maidir le beartas eachtrach
  • páirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin phoiblí ar bheartas eachtrach
  • ceisteanna faoi SEGS trí ríomhphost.

Tuilleadh eolais

Tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí SEGS

Teagmháil

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS)

Ainm
An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS)
Suíomh gréasáin
https://www.eeas.europa.eu/_en
Uimhir ghutháin
+32 2 584 11 11
Na meáin shóisialta