Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
European Central Bank - Logo

Forléargas

  • Ról: An euro a bhainistiú, praghsanna a choimeád cobhsaí agus beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm
  • Uachtarán: Christine Lagarde
  • Comhaltaí: Uachtarán agus Leas-Uachtarán BCE agus gobharnóirí banc ceannais náisiúnta ó Bhallstáit uile an Aontais.
  • Bliain a bhunaithe: 1998
  • Suíomh: Frankfurt (an Ghearmáin)
  • Suíomh GréasáinAn Banc Ceannais Eorpach

Is é an Banc Ceannais Eorpach (BCE) a bhainistíonn an euro agus a cheapann agus a chuireann i bhfeidhm beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta an Aontais Eorpaigh. Is é an phríomhaidhm atá aige praghsanna a choimeád cobhsaí, agus ar an dóigh sin tacaíonn sé leis an bhfás eacnamaíoch agus leis an gcruthú fostaíochta.

Cad a dhéanann BCE?

  • socraíonn sé na rátaí úis ar a dtabharfaidh sé iasachtaí do bhainc thráchtála sa limistéar euro, agus rialaíonn sé an soláthar airgid agus an boilsciú ar an dóigh sin
  • bainistíonn sé cúlchistí airgeadra eachtraigh an limistéir euro agus ceannach nó díol airgeadraí chun rátaí malairte a chothromú
  • cinntíonn sé go ndéanann na húdaráis náisiúnta maoirseacht mhaith ar mhargaí agus institiúidí airgeadais, agus go bhfeidhmíonn córais íocaíochta go maith
  • cinntíonn sé sábháilteacht agus stuamacht an chórais baincéireachta Eorpaigh
  • údaraíonn sé do na tíortha sa limistéar euro nótaí bainc euro a tháirgeadh
  • déanann sé monatóireacht ar threochtaí praghsanna agus measúnú ar rioscaí do chobhsaíocht praghsanna.

Liosta iomlán chúraimí BCE

Comhdhéanamh

Déanann Uachtarán BCE ionadaíocht don Bhanc ag cruinnithe ardleibhéil an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Tá na 3 chomhlacht cinnteoireachta seo a leanas ag BCE:

  • An Chomhairle Rialaithe – an príomhchomhlacht cinnteoireachta.
    Is éard atá inti an Bord Feidhmiúcháin (féach thíos) agus gobharnóirí na mbanc ceannais náisiúnta ó thíortha an limistéir euro.
  • An Bord Feidhmiúcháin – bíonn sé ag déileáil le reáchtáil laethúil BCE.
    Tá Uachtarán agus Leas-Uachtarán BCE ar an mBord chomh maith le 4 chomhalta eile arna gceapadh ag ceannairí an limistéir euro ar feadh téarmaí 8 mbliana.
  • An Chomhairle Ghinearálta – is ról comhairleach agus comhordúcháin atá aici den chuid is mó.
    Tá Uachtarán agus Leas-Uachtarán BCE agus gobharnóirí na mbanc ceannais ó Bhallstáit uile an Aontais ar an gComhairle.

Cén chaoi a n-oibríonn BCE?

Oibríonn BCE leis na bainc cheannais náisiúnta de chuid na mBallstát go léir. Tugtar Córas Eorpach na mBanc Ceannais orthu agus iad le chéile.

Stiúraíonn an Córas comhar idir na bainc cheannais sa limistéar euro. Tugtar an Eurochóras air sin.

Obair na gcomhlachtaí rialaithe

  • An Chomhairle Rialaithe – déanann sí measúnú ar fhorbairtí eacnamaíocha agus airgeadaíochta, sainíonn sí beartas airgeadaíochta an limistéir euro agus socraíonn sí na rátaí úis ar ar féidir le bainc thráchtála iasachtaí a fháil ó BCE.
  • An Bord Feidhmiúcháin – cuireann sé beartas airgeadaíochta i bhfeidhm, bainistíonn sé oibríochtaí laethúla, ullmhaíonn sé cruinnithe na Comhairle Rialaithe agus feidhmíonn sé cumhachtaí arna dtarmligean chuige ag an gComhairle Rialaithe.
  • An Chomhairle Ghinearálta – glacann sí páirt in obair chomhairleach agus chomhordúcháin agus cuidíonn sí le tíortha nua agus iad ag ullmhú le dul isteach sa limistéar euro.

Tusa agus BCE

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le BCE trí ríomhphost chun faisnéis theicniúil nó fógraíochta a fháil.

Rochtain ar dhoiciméid

Rochtain ar fhaisnéis

Sceideal seachtainiúil BCE na n-ócáidí labhartha go poiblí agus gníomhaíochtaí eile

Sceidil do chruinnithe Chomhairle Rialaithe agus agus Chomhairle Ghinearálta BCE

Tuilleadh eolais

Cé hé cé

An euro

Maoirseacht baincéireachta

Ábhair oideachasúla

Foilseacháin

Poist

Teagmháil

An Banc Ceannais Eorpach (BCE)

Ainm
An Banc Ceannais Eorpach (BCE)
Suíomh gréasáin
https://www.ecb.europa.eu/home/html/index.ga.html
Uimhir ghutháin
+49 69 13 44 0
Uimhir facs
+49 69 13 44 60 00
Seoladh poist
Sonnemannstrasse 20, 60314 Frankfurt-am-Main, An Ghearmáin
Na meáin shóisialta