Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
  • Gníomhaireacht dhíláraithe

An Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER)

ACER

Forléargas

  • Ról: Tá ról lárnach ag an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh maidir le comhtháthú méadaithe an mhargaidh fuinnimh a chur chun cinn ar fud na hEorpa chun go mbeidh gnólachtaí agus saoránaigh na hEorpa in ann leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann le fuinneamh inacmhainne, slán agus dícharbónaithe.
  • Stiúrthóir: Christian Zinglersen
  • Comhaltaí:  Is iad ballúdaráis na Gníomhaireachta um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh údaráis rialála fuinnimh náisiúnta Bhallstáit an Aontais. 
  • Bliain a bhunaithe: 2011
  • An líon foirne: An líon foirne reachtúla – 141; líon an phearsanra ar fad (idirthréimhsí, céimithe agus oiliúnaithe ina measc) - 177.
  • Láthair: Liúibleána na Slóivéine
  • Suíomh gréasáin: ACER

An méid a dhéanann sé 

Oibríonn an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh ar na nithe seo a leanas:

  • Na margaí náisiúnta fuinnimh a chomhtháthú i margadh fuinnimh níos iomaíche san Aontas, agus ar an gcaoi sin soláthar iontaofa fuinnimh a chinntiú ar chostas níos ísle do thomhaltóirí.
  • Cuidiú leis an Eoraip aistriú chuig fuinneamh glan chun an geilleagar níos leithne a dhícharbónú.
  • Rannchuidiú le bonneagar fuinnimh tras-Eorpach éifeachtúil, fuinneamh a chumasú chun gluaiseacht go héasca thar theorainneacha agus leathadh amach níos mó foinsí in-athnuaite fuinnimh a éascú.
  • Monatóireacht a dhéanamh ar mhargaí fuinnimh chun a chinntiú go bhfuil siad iontaofa, rud a chuireann bac ar chúbláil mhargaidh agus ar mhí-úsáid.
  • Comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíocht rialála fuinnimh ar fud an Aontais (i gcás inar gá).

Cé a bhaineann tairbhe as? 

Cothaíonn an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh margadh fuinnimh Eorpach atá comhtháite go hiomlán agus a fheidhmíonn go maith, ina ndéantar leictreachas agus gás a thrádáil agus a sholáthar de réir na gcaighdeán sláine agus trédhearcachta is airde, ionas gur féidir le tomhaltóirí agus gnólachtaí an Aontais tairbhe a bhaint as rogha níos leithne, praghsanna cothroma agus cosaint níos fearr.

Chun an sprioc sin a bhaint amach, oibríonn an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh go dlúth le raon leathan páirtithe leasmhara fuinnimh, le hinstitiúidí an Aontais agus le lucht ceaptha beartas.

Tuilleadh eolais 

Eolas faoi ACER

Misean

Folúntais

Tuarascáil faireacháin margaidh ACER

An nuacht is déanaí

Nuachtlitir

Teagmháil

An Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh

Ainm
An Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh
Suíomh gréasáin
https://www.acer.europa.eu/
Seoladh ríomhphoist
infoatacer [dot] europa [dot] eu
Uimhir ghutháin
+386 8 205 34 00
Uimhir facs
+386 8 205 34 13
Seoladh poist

Trg republike 3
1000 Liúibleána (Ljubljana)
An tSlóivéin

Na meáin shóisialta