Forléargas
- Ról: Éiceachóras Sár-ríomhaireachta den chéad scoth a fhorbairt trí acmhainní an Aontais, na dtíortha Eorpacha agus na gcomhpháirtithe príobháideacha a chomhthiomsú
- An Stiúrthóir Feidhmiúcháin: Anders Dam Jensen
- Bliain a bhunaithe: 2020
- An líon foirne: 15
- Láthair: Lucsamburg, Lucsamburg
- Suíomh gréasáin: An Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach
An méid a dhéanann sé
Cuireann Comhghnóthas EuroHPC ar chumas an Aontais Eorpaigh, a thíortha rannpháirteacha agus a gcomhpháirtithe príobháideacha a n-iarrachtaí a chomhordú agus a n-acmhainní a chomhthiomsú chun ceannaire domhanda sa tsár-ríomhaireacht a dhéanamh den Eoraip.
Cuirfidh sé sin borradh faoi shármhaitheas eolaíoch agus neart tionsclaíoch na hEorpa, tacóidh sé le haistriú digiteach a geilleagair agus cinnteoidh sé ceannasacht theicneolaíoch don mhór-roinn.
Ar bhealach níos beaichte, is é is aidhm do Chomhghnóthas EuroHPC:
- éiceachóras bonneagair cónasctha slán hipirnasctha den chéad scoth um shár-ríomhaireacht, ríomhaireacht chandamach, seirbhísí agus sonraí a fhorbairt, chur in úsáid, a leathnú agus a chothabháil san Aontas Eorpach
- tacú le forbairt córais sár-ríomhaireachta éileamh-bhunaithe atá dírithe ar an úsáideoir, bunaithe ar shlabhra soláthair lena ráthófar soláthar na gcomhpháirteanna ábhartha, na dteicneolaíochtaí ábhartha agus an eolais ábhartha, agus teorainn a chur leis an mbaol go gcuirfí isteach ar an gcóras dá réir sin
- raon leathan fheidhmchlár a fhorbairt atá optamaithe do na córais sin
- úsáid an bhonneagair sár-ríomhaireachta seo a leathnú chuig líon mór úsáideoirí poiblí agus príobháideacha
- tacú le forbairt scileanna lárnacha sa ríomhaireacht ardfheidhmíochta san eolaíocht agus sa tionsclaíocht Eorpach.
Cé a bhaineann tairbhe as?
An pobal
Is iomaí feidhmeanna úsáideacha atá leis an tsár-ríomhaireacht, mar shampla:
- taighde leighis, drugaí nua a aimsiú, teiripí leighis a fhorbairt agus a dhíriú ar riachtanais agus riochtaí aonair na n-othar
- dálaí adhaimsire a thuar agus monatóireacht a dhéanamh ar an athrú aeráide
- an chibearchoireacht a chomhrac (fioscaireacht, goid chéannachta, etc.)
- an chibearshlándáil a mhéadú, go háirithe chun bonneagar criticiúil a chosaint (fóntais, etc.).
Tionscal
Le sár-ríomhairí is féidir nuálaíocht agus táirgí agus seirbhísí ar luach níos airde a mhéadú in earnálacha tionsclaíocha, agus costais a íoslaghdú, timthriallta táirgthe a laghdú agus an éifeachtúlacht a fheabhsú ag an am céanna. Réitíonn sé sin an bealach do theicneolaíochtaí níos sábháilte agus níos glaise san earnáil tionsclaíochta.
An eolaíocht agus taighde
Is i gcroílár an aistrithe dhigitigh san eolaíocht atá an sár-ríomhaireacht, rud a chumasaíonn tuiscint eolaíoch níos doimhne agus fionnachtain i ngach réimse eolaíoch, nach mór, amhail:
- an fhisic bhunúsach (ár gcuid eolais a chur chun cinn maidir le damhna, taiscéalaíocht a dhéanamh ar an gcruinne)
- eolaíocht na n-ábhar (e.g. comhpháirteanna ríthábhachtacha nua a dhearadh don earnáil cógaisíochta nó don earnáil fuinnimh)
- an domhaneolaíocht (feiniméin atmaisféaracha agus aigéanacha a shamhaltú ar leibhéal an phláinéid).
Tuilleadh eolais
Tuilleadh eolais maidir le Comhghnóthas EuroHPC
Rochtain ar ár sár-ríomhairí
Tionscadail atá ar siúl
Preaseisiúintí
Teagmháil
An Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (Comhghnóthas EuroHPC)
- Ainm
- An Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (Comhghnóthas EuroHPC)
- Suíomh gréasáin
- https://eurohpc-ju.europa.eu/index_en
- Uimhir ghutháin
- (+352) 28 12 45 00
- Seoladh poist
Áras Drosbach (DRB) – Sciathán E – An chéad urlár 12E Rue Guillaume Kroll
2920 Lucsamburg
Lucsamburg- Na meáin shóisialta