Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union
  • Gníomhaireacht nó comhlacht de chuid an chomhbheartais eachtraigh agus slándála

Institiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála (EUISS)

European Union Institute for Security Studies

Forbhreathnú

  • Ról: anailís a dhéanamh ar chúrsaí a bhaineann leis an mbeartas eachtrach, slándála agus cosanta
  • Stiúrthóir: Steven Everts
  • Bliain a bunaithe: 2002
  • Baill foirne: 40
  • Suíomh: ceanncheathrú i bPáras (An Fhrainc) agus oifig idirchaidrimh sa Bhruiséil (An Bheilg)
  • Suíomh gréasáin: EUISS

An méid a dhéanann sí

Is í Institiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála (EUISS) meitheal mhachnaimh an Aontais maidir leis an mbeartas eachtrach agus slándála. Cuireann sí anailís chriticiúil agus léargais chriticiúla ar fáil chun bonn eolais a chur faoi roghanna straitéiseacha an Aontais.

Is é an misean atá aici an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • anailís a dhéanamh: diantaighde agus diananailís a dhéanamh chun tuiscint shoiléir chuimsitheach a thabhairt do lucht déanta beartas ar thírdhreach na slándála domhanda
  • eolas a chur ar fáil: moltaí atá ábhartha ó thaobh beartais de a chur ar fáil chun beartais eachtracha, slándála agus cosanta éifeachtacha an Aontais a mhúnlú
  • naisc a chothú: a bheith ina nasc idir saol na smaointe (meithleacha machnaimh agus pobal léinn na hEorpa) agus saol an cheaptha beartas (oifigigh an Aontais agus na mBallstát).

Cé a bhaineann tairbhe aisti?

Mar chuid dá misean, táirgeann EUISS foilseacháin a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu maidir leis na saincheisteanna eachtracha, slándála agus cosanta a mhúnlaíonn clár oibre straitéiseach an Aontais.

Cuireann na himeachtaí a eagraíonn sí le cumas anailíseach an Aontais Eorpaigh agus cabhraíonn siad chun cineálacha cur chuige coiteanna a cheapadh. Tugtar le chéile iontu oifigigh de chuid an Aontais, saineolaithe náisiúnta, lucht léinn, lucht déanta cinntí, na meáin agus ionadaithe ar an tsochaí shibhialta, ó na Ballstáit agus ón gcuid eile den domhan.

Tuilleadh eolais

Foilseacháin

Gníomhaíochtaí

Teagmháil

Institiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála

Ainm
Institiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála
Suíomh gréasáin
https://www.iss.europa.eu/
Seoladh ríomhphoist
infoatiss [dot] europa [dot] eu
Uimhir ghutháin
+33 1 56 89 19 30
Uimhir facs
+33 1 56 89 19 31
Seoladh poist

100 avenue de Suffren
75015 Páras
An Fhrainc

Na meáin shóisialta