Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Gníomhaireacht dhíláraithe

An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)

Logo of European Border and Coast Guard Agency (Frontex)

Forléargas

  • Ról: Tacaíonn Frontex, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, le tíortha an Aontais agus tíortha Schengen teorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú agus an choireacht trasteorann a chomhrac.

    Is ionad barr feabhais é Frontex le haghaidh gníomhaíochtaí rialaithe teorann ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Comhroinneann sé faisnéis agus saineolas le tíortha uile an Aontais, chomh maith leis na tíortha comharsanachta nach Ballstáit den Aontas iad ar a bhfuil tionchar ag treochtaí imirce agus coireacht trasteorann.

  • Stiúrthóir: Hans Leijtens
  • Bliain a bhunaithe: 2004
  • An líon foirne: os cionn 2,100 (Márta 2023)
  • Buiséad: €845.4 milliún (2023)
  • Suíomh: Vársá na Polainne
  • Suíomh Gréasáin: Frontex

Gníomhaíochtaí

Tacaíonn Frontex le tíortha an Aontais agus le tíortha Schengen i ngach gné a bhaineann le teorainneacha a bhainistiú, amhail tacaíocht ar an láthair agus an choireacht trasteorann a chomhrac, faireachas ón aer agus faisnéis a bhailiú, cabhrú le nósanna imeachta um fhilleadh, teicneolaíochtaí nua a shainaithint, agus go leor eile. 

Leis an mbuanchór, an chéad seirbhís faoi éide de chuid an Aontais Eorpaigh um fhorfheidhmiú an dlí, tá Frontex anois ina eite oibríochtúil de chuid an Aontais. Tá na céadta oifigeach ag glacadh páirte in oibríochtaí ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh agus níos faide i gcéin. 

Sa lá atá inniu ann, cuireann Frontex slándáil ar fáil agus cinntíonn sé go mbíonn na teorainneacha seachtracha sábháilte agus ag feidhmiú go maith. Is í an ghníomhaireacht is mó agus is tapúla fás de chuid an Aontais í.

Tá sainordú Frontex leagtha síos ina bhunús dlí.

Cé a bhaineann tairbhe as?

Is é an ról atá ag Frontex tacaíocht a chur ar fáil do thíortha agus do chomharsana na hEorpa chun limistéar Schengen an Aontais a dhéanamh níos sábháilte agus níos sláine.

Tá breis agus 2,000 oifigeach buanchóir agus ball foirne Frontex ag obair ag teorainneacha seachtracha an Aontais, sna carranna patróil, sna heitleáin agus sna báid a thacaíonn le húdaráis náisiúnta chun na teorannacha a rialú agus an choireacht a chomhrac. Tá Frontex anois ina fhíorchomhlacht oibríochtúil de chuid an Aontais Eorpaigh. 

Bímid ag feidhmiú ó cheann ceann an Aontais Eorpaigh, ó theorainneacha thoir an Aontais, trí na Balcáin Thiar, síos go dtí an Ghréig agus an Chipir. Tá an ghníomhaireacht gníomhach lasmuigh den Aontas, agus oibríochtaí sa Mholdóiv, sa tSeirbia, i Montainéagró agus san Albáin.

Agus na céadta milliún taistealaithe ag teacht isteach i limistéar Schengen gach bliain, ceann de na dúshláin is mó atá roimh na húdaráis teorann ná aon ghníomhaíocht choiriúil a bhrath go tapa gan moill a chur ar phaisinéirí. Tá ETIAS – córas um údarú taistil do náisiúnaigh atá saor ó cheanglas víosa – á chur chun feidhme ag Frontex in éineacht le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais agus le 30 tír Eorpach, lena neartaítear slándáil inmheánach an Aontais a thuilleadh agus lena gcinntítear trasnuithe teorann gan stró do thaistealaithe. 
 

Teagmháil

Frontex

Ainm
Frontex
Suíomh gréasáin
https://frontex.europa.eu/ga/
Uimhir ghutháin
+48 22 205 95 00
Uimhir facs
+48 22 205 95 01
Seoladh poist
Plac Europejski 6, 00-844 Vársá, An Pholainn
Na meáin shóisialta