Cathain is féidir leat seanairgeadra a mhalartú
Is féidir leat do sheanairgeadra náisiúnta a mhalartú saor in aisce le linn na tréimhse aistrithe go dtí an euro i do thír. I dtíortha áirithe tá teorann leis an tréimhse seo, i dtíortha eile níl aon teorainn léi.
Ón airgeadra náisiúnta go dtí an euro
Le linn phróiseas an aistrithe go dtí an euro, tarraingíonn an banc ceannais náisiúnta an t-airgeadra náisiúnta siar as cúrsaíocht de réir a chéile. Bíonn “tréimhse déchúrsaíochta” ann, ina mbíonn an euro agus an t-airgeadra náisiúnta araon i gcúrsaíocht mar airgead dlítháirgthe. Le linn na tréimhse sin, cabhraíonn miondíoltóirí le deireadh a chur leis an seanairgeadra trí shóinseáil a thabhairt in euro, agus is féidir le daoine an seanairgeadra a mhalartú ar euro sna bainc.
Airgeadra a mhalartú i mbainc mhiondíola
Is féidir an seanairgeadra a mhalartú ar euro sna bainc mhiondíola le linn na tréimhse déchúrsaíochta, agus uaireanta ar feadh tréimhse is faide ná sin. D’fhéadfadh teorainneacha ama a bheith ann, áfach, agus d’fheadfadh sé go ngearrfaí táillí as an malartú tar éis dhul in éag na teorann sin. D’fhéadfadh srian a bheith ann freisin ar na méideanna is féidir a mhalartú.
Airgeadra a mhalartú sna bainc cheannais
Is féidir an seanairgeadra a mhalartú sa bhanc ceannais ar feadh tréimhse i bhfad níos faide. Dála na mbanc miondíola, d’fhéadfadh an banc ceannais srian a chur le méid gach idirbhirt. Tá seans ann nach mbeidh tú in ann airgid tirim atá an-sean a mhalartú.
Na tréimhsí malairte sna Ballstáit
| Banc ceannais náisiúnta | Nótaí bainc go dtí | Boinn go dtí |
|---|---|---|
| an Ostair | Gan teorainn | Gan teorainn |
| an Bheilg | Gan teorainn | Imithe in éag in 2004 |
| an Chróit | Gan teorainn | 31 Nollaig 2025 |
| an Chipir | Imithe in éag in 2017 | Imithe in éag in 2009 |
| an Eastóin | Gan teorainn | Gan teorainn |
| an Fhionlainn | Imithe in éag in 2012 | Imithe in éag in 2012 |
| an Fhrainc | Imithe in éag in 2012 | Imithe in éag in 2005 |
| an Ghearmáin | Gan teorainn | Gan teorainn |
| an Ghréig | Imithe in éag in 2012 | Imithe in éag in 2004 |
| Éire | Gan teorainn | Gan teorainn |
| an Iodáil | Imithe in éag in 2012 | Imithe in éag in 2012 |
| an Laitvia | Gan teorainn | Gan teorainn |
| an Liotuáin | Gan teorainn | Gan teorainn |
| Lucsamburg | Gan teorainn | Imithe in éag in 2004 |
| Málta | Imithe in éag in 2018 | Imithe in éag in 2010 |
| an Ísiltír | 1 Eanáir 2032 | Imithe in éag in 2007 |
| an Phortaingéil | Imithe in éag in 2022 | Imithe in éag in 2002 |
| an tSlóivéin | Gan teorainn | Imithe in éag in 2016 |
| an tSlóvaic | Gan teorainn | Imithe in éag in 2013 |
| an Spáinn | Imithe in éag in 2020 | Imithe in éag in 2020 |