Skip to main content
Gníomhaireacht dhíláraithe

An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)

Logo of European Border and Coast Guard Agency (Frontex)

Forbhreathnú

  • Ról: Cuidíonn Frontex leis na Ballstáit agus le Tíortha a mbaineann Schengen leo a dteorainneacha seachtracha a bhainistiú. Cuidíonn sé freisin le rialuithe teorann ar fud an Aontais a chomhchuibhiú. Cuireann an ghníomhaireacht saineolas agus tacaíocht theicniúil ar fáil chun an comhar idir na húdaráis teorann sna Ballstáit a éascú.
  • Stiúrthóir: Fabrice Leggeri
  • Bliain a bunaithe: 2004
  • Líon foirne: 315
  • Buiséad: EUR 250 milliún
  • Suíomh: Vársá (An Pholainn)
  • Suíomh gréasáin: Frontex

A ndéanann sé

Le blianta beaga anuas tá méadú as cuimse tar éis teacht ar an líon imirceach agus dídeanaithe atá ag iarraidh teacht isteach san Aontas Eorpach. Is í an tír a bhfuil teorainn sheachtrach aici, agus an tír sin amháin, atá freagrach as an teorainn sin a rialú. Ach féadann Frontex tacaíocht theicniúil bhreise a chur ar fáil do na Ballstáit atá faoi bhrú mór ó thaobh na himirce de.

Chun an méid sin a chur i gcrích déanann sé imlonnú trealaimh theicniúil speisialta (e.g. aerárthaí agus báid) agus foirne gardaí teorann sainoilte a chomhordú.

Comhordaíonn Frontex oibríochtaí muirí (e.g. sa Ghréig, san Iodáil agus sa Spáinn) agus oibríochtaí ag teorainneacha talún chomh maith, sa Bhulgáir, sa Rómáin, sa Pholainn agus sa tSlóvaic, mar shampla. Ina theannta sin cuireann sé seirbhísí ar fáil ag roinnt mhaith aerfort ar fud na hEorpa.

Tá roinnt réimsí freagrachta ag Frontex , atá leagtha síos i mbunús dlí na heagraíochta.

Ar na freagrachtaí sin tá:

  • Anailís riosca - is ar bhonn anailís riosca a ghníomhaíonn Frontex. Déanann Frontex na rioscaí do shlándáil theorainneacha an Aontais a mheasúnú. Baineann sé úsáid as patrúin agus treochtaí chun pictiúr a chruthú den imirce neamhrialta agus de ghníomhaíochtaí coiriúla, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine, ag na teorainneacha seachtracha. Comhroinneann an ghníomhaireacht na torthaí leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún agus baineann sí úsáid astu í féin agus gníomhaíochtaí á bpleanáil aici.
  • Comhoibríochtaí - comhordú a dhéanamh ar imlonnú foirne a bhfuil sainoiliúint orthu agus trealaimh theicniúil (aerárthaí, soithí, agus trealamh rialaithe teorann/faireachais) chuig limistéir teorann seachtraí ina mbíonn gá le cúnamh breise.
  • Mearfhreagairt - má bhíonn Ballstát faoi bhrú ollmhór ag an teorainn sheachtrach, is é sin go háirithe má thagann líon mór daoine ar an láthair nach náisiúnaigh as na Ballstáit iad, déanfaidh Frontex imlonnú Fhoirne Garda Teorann Eorpacha a chomhordú.
  • Taighde - saineolaithe ar rialú teorann agus lucht taighde agus lucht tionsclaíochta a thabhairt le chéile lena chinntiú go bhfreastalaíonn na teicneolaíochtaí nua ar riachtanais na n-údarás rialaithe teorann.
  • Oiliúint - comhchaighdeáin oiliúna a fhorbairt do na húdaráis teorann chun an t-oideachas a chuirtear ar ghardaí teorann san Aontas agus i dtíortha a mbaineann Schengen leo a chomhchuibhiú (sé sin, a thabhairt i gcomhréir le chéile). Is é is aidhm don chomhchuibhiú sin a chinntiú go gcuirfear caighdeáin rialaithe teorann aonfhoirmeacha i bhfeidhm gach áit san Aontas ina dtrasnaíonn taistealaithe teorainn sheachtrach. Cuidíonn sé sin le gardaí teorann as tíortha éagsúla oibriú go héifeachtúil le chéile agus iad i mbun comhoibríochtaí a ndéanann Frontex comhordú orthu.
  • Comhoibriú maidir le daoine a chur ar ais - forbairt a dhéanamh ar dhea-chleachtais maidir le himircigh a chur ar ais agus oibríochtaí um chur ar ais a chomhordú (ach is iad na tíortha féin a chinneann cé a chuirfear ar ais).
  • Eolas a chomhroinnt - córais faisnéise a fhorbairt agus a oibriú lenar féidir faisnéis a mhalartú go pras idir na húdaráis teorann.

Iad sin a bhaineann leas as

Trasnaíonn thart ar 700 milliún duine teorainneacha seachtracha na hEorpa gach bliain.

Gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a bhrath gan cur as do thaistealaithe eile, tá sin ar ceann de na dúshláin is mó atá roimh Frontex.

Is mó an tábhacht a bhaineann le teorainneacha seachtracha toisc nach mbíonn rialuithe teorann buana idir tíortha Schengen. Braitheann tíortha Schengen ar cháilíocht na seiceálacha agus an fhaireachais teorann a dhéantar i mBallstáit eile.

D'fhéadfaí carr a goideadh san Iodáil a thiomáint gan chosc an tslí go léir go dtí an teorainn idir an Pholainn agus an Úcráin gan limistéar Schengen a fhágáil. D'fhéadfadh taistealaí a bhfuil pas góchumtha aige a shlí a dhéanamh siar ó dheas ón bhFionlainn go dtí an Phortaingéil gan bhac gan toirmeasc. D'fhéadfaí íospartach gáinneála a thagann isteach sa Fhrainc a iompar an tslí go léir ón bhFrainc go dtí an tSualainn.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé ríthábhachtach do na Ballstáit uile teorainneacha seachtracha an Aontais a rialú. Is lárionad teagmhála atá i Frontex anois, agus is eiseamláir é do ghardaí teorann uile na hEorpa. Cinntíonn an ghníomhaireacht go ndéantar faisnéis thábhachtach (maidir le doiciméid ghóchumtha, carranna a goideadh agus lucht gáinneála ar dhaoine, mar shampla) a chomhroinnt go pras leis na húdaráis teorann go léir.

Chun go n-éireoidh leis an gcomhrac in aghaidh na coireachta trasteorann ní leor faisnéis a chomhroinnt ach is gá réitigh fhadtéarmacha a fhorbairt chomh maith. Chuige sin déanann Frontex cláir oiliúna a dhearadh do ghardaí teorann ar fud na hEorpa.

Cuidíonn Frontex le gardaí teorann san Aontas oibriú níos dlúithe i gcomhar le chéile. Comhroinneann siad eolas agus bíonn rochtain acu ar an méid a tharlaíonn ag a dteorainneacha féin agus ag teorainneacha seachtracha an Aontais ar fad. Bíonn deis acu fáil amach faoi na modhanna is déanaí agus na teicneolaíochtaí is déanaí lenar féidir leo caighdeán a gcuid oibre a fheabhsú. Bíonn siad in ann tacú le chéile má bhíonn brú neamhghnách ar theorainn ar leith.

Teagmháil

Ainm
An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)
Suíomh gréasáin
https://frontex.europa.eu/ga/
Uimhir ghutháin
+48 22 205 95 00
Uimhir facs
+48 22 205 95 01
Seoladh poist
Plac Europejski 6, 00-844 Warsaw, An Pholainn
Na meáin shóisialta