Forléargas
- Ról: Déanann ECHA an tsláinte agus an comhshaol a chosaint trína chuid oibre ar mhaithe le sábháilteacht cheimiceach
- Stiúrthóir: Sharon McGuinness
- Bliain a bhunaithe: 2007
- An líon foirne: thart ar 600
- Láthair: Heilsincí, an Fhionlainn
- Suíomh Gréasáin: ECHA
Cuireann an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) úsáid shábháilte ceimiceán chun cinn. Cuireann sé reachtaíocht cheannródaíoch an Aontais maidir le ceimiceáin i bhfeidhm, rud a théann chun tairbhe do shláinte an duine, don chomhshaol agus don nuálaíocht agus don iomaíochas san Eoraip.
Gníomhaíochtaí
- cuidíonn sí le comhlachtaí reachtaíocht ar leith de chuid an Aontais maidir le ceimiceáin agus táirgí bithicíde a chomhlíonadh:
- oibriú i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le páirtithe leasmhara chun úsáid shábháilte ceimiceán a chur chun cinn
- eolas faoi cheimiceáin agus a n-úsáid shábháilte a chur ar fáil trí bhunachar sonraí uathúil atá saor in aisce
- oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus le rialtais de chuid an Aontais chun substaintí ar cúis imní iad a aithint agus chun cinntí a dhéanamh maidir le bainistiú riosca ar leibhéal an Aontais
Cé a bhaineann tairbhe as?
- Ní bhíonn an phobal i gcoitinne ná an comhshaol chomh mór sin i mbaol a nochta do cheimiceáin ghuaiseacha agus baineann siad taitneamh as táirgí atá níos sábháilte. Is féidir le tomhaltóirí ceisteanna a chur faoi cheimiceáin ghuaiseacha sna táirgí a cheannaíonn siad.
- Baineann oibrithe agus úsáideoirí eile ceimiceán tairbhe as eolas níos fearr faoi na guaiseanna a bhaineann leis na ceimiceáin a láimhseálann siad agus faoi iad a úsáid go sábháilte.
- Cuidítear le lucht tionsclaíochta an reachtaíocht a chomhlíonadh. Féadann comhlachtaí nuálacha tairbhe a bhaint as an ngá atá ann deireadh a chur leis na substaintí is guaisí.
- Faigheann tíortha atá i mbéal forbartha eolas ar na bealaí is sábháilte chun déileáil le ceimiceáin ghuaiseacha.
Tuilleadh eolais
Teagmháil
An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán
Seoladh Poist P.O.Box 400
00121 Heilsincí
an Fhionlainn
- Ainm
- An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán
- Suíomh gréasáin
- https://echa.europa.eu/en/home
- Uimhir ghutháin
- +358 9 6861 80
- Uimhir facs
- +358 9 6861 8210
- Seoladh poist
Telakkakatu 6
00150 Heilsincí
An Fhionlainn