Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Logo of European Environment Agency

Forléargas

  • Ról: Is é EEA mol eolais na hEorpa don chomhshaol, don aeráid agus don inbhuanaitheacht.
  • Stiúrthóir: Leena Ylä-Mononen
  • Comhpháirtithe: Tíortha san Aontas, an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Tuirc
  • Bliain a bhunaithe: 1990 (ag feidhmiú ó bhí 1994 ann)
  • An líon foirne: 300
  • Láthair: Cóbanhávan
  • Suíomh gréasáin: An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil

Is gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh í an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) a chuireann eolas agus sonraí ar fáil chun tacú le spriocanna comhshaoil agus aeráide na hEorpa. I gcomhar lena líonra comhpháirtíochta, Eionet, cuireann EEA cinnteoirí agus an pobal ar an eolas faoi staid chomhshaol na hEorpa, faoin athrú aeráide agus faoi shaincheisteanna inbhuanaitheachta níos leithne.

Gníomhaíochtaí

Sainítear príomhchúraimí EEA i rialachán bunaidh an Aontais agus áirítear orthu: 

  • tacú le forbairt beartas agus le príomhphróisis dhomhanda;
  • saineolas anailíseach a chur ar fáil;
  • bonneagar tuairiscithe éifeachtúil a sholáthar agus a chothabháil le haghaidh sreafaí sonraí náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Cé a bhaineann tairbhe as?

Is iad seo a leanas príomhpháirtithe leasmhara EEA:

  • an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus institiúidí eile de chuid an Aontais
  • rialtais agus údaráis náisiúnta eile sna Ballstáit
  • eagraíochtaí neamhrialtasacha, ionadaithe gnó agus meithleacha machnaimh
  • pobail eolaíochta agus acadúla

Is é an pobal i gcoitinne lucht úsáideora mór freisin. Tá sé mar aidhm ag an nGníomhaireacht an pobal a chur ar an eolas faoi shaincheisteanna comhshaoil agus athraithe aeráide.

Tuilleadh eolais

Liostáil le nuashonruithe agus leis an nuachtlitir

Teagmháil

An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil

Ainm
An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil
Suíomh gréasáin
https://www.eea.europa.eu/
Uimhir ghutháin
+ +45 33 36 71 00
Uimhir facs
+45 33 36 71 99
Seoladh poist

Kongens Nytorv 6
1050 København K
An Danmhairg

Na meáin shóisialta