Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Gníomhaireacht dhíláraithe

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA)

European Union Agency for Asylum - Logo

Léargas

  • Ról: Tacú le húdaráis náisiúnta na mBallstát an Comhchóras Eorpach Tearmainn a chur chun feidhme trí chuidiú oibríochtúil agus teicniúil a chur ar fáil.
  • Stiúrthóir Feidhmiúcháin: Nina Gregori
  • Bliain a bhunaithe: 2022
  • An líon foirne: 500+
  • Láthair:  Vaileite Mhálta
  • Suíomh gréasáin: EUAA


Is gníomhaireacht dhíláraithe de chuid an Aontais í Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) a chuireann oiliúint agus tacaíocht oibríochtúil agus theicniúil ar fáil d’údaráis náisiúnta na mBallstát. Cuidíonn sé sin leo dlí an Aontais maidir leis an tearmann a chur chun feidhme agus teacht le chéile níos fearr a chothú i ndáil le nósanna imeachta um thearmann agus le dálaí glactha.

An méid a dhéanann sé

Cuireann Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann réimse leathan de thacaíocht oibríochtúil agus theicniúil ar fáil do na Ballstáit. D’fhonn teacht le chéile níos fearr a chothú maidir leis na cleachtais tearmainn agus ghlactha ar fud an Aontais, i gcomhréir le hardchaighdeáin an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn (CEAS), is féidir leis an nGníomhaireacht an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • feidhm a bhaint as cuidiú oibríochtúil go mear le haghaidh na mBallstát a bhfuil brú orthu i ngeall ar chúrsaí imirce 
  • leas a bhaint as Díorma buan Cúltaca um Thearmann ina bhfuil 500 oifigeach náisiúnta a bhíonn ar fáil don Ghníomhaireacht agus ar féidir feidhm a bhaint astu go mear in áit ar bith ar fud an Aontais
  • curaclam oiliúna leathan um thearmann a fhorbairt le haghaidh na n-oifigeach náisiúnta chun a chuspóir a bhaint amach, arb é an cuspóir sin a bheith mar chomhlacht creidiúnaithe an Aontais le haghaidh cúrsaí cosanta idirnáisiúnta
  • cearta bunúsacha na n-iarrthóirí tearmainn a chosaint tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • ‘Oifigeach um Chearta Bunúsacha’ a cheapadh
    • sásra gearán a chur ar bun
    • an ról atá ag eagrú na sochaí sibhialta agus Eagraíochtaí Neamhrialtasacha a neartú
  • feabhas a chur ar an gcomhordú le tíortha tionscnaimh agus idirthurais tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • oifigigh idirchaidrimh a cheapadh i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad
    • oibriú leis na húdaráis i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad chun acmhainneacht tearmainn agus ghlactha a fhorbairt atá i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.


Amhail ón 31 Nollaig 2023 tosóidh an Ghníomhaireacht ag déanamh monatóireachta ar an dóigh a gcuireann na Ballstáit dlí an Aontais chun feidhme maidir le cleachtais tearmainn agus ghlactha. Tosófar ag tarraingt suas moltaí chun na heasnaimh a leigheas ar an lá a dhéanfar Rialachán Bhaile Átha Cliath a ionadú nó a nuashonrú ar bhealach eile.


Cé dó a ndéantar tairbhe?

Na daoine is mó dá ndéantar tairbhe ná na hoifigigh agus na cleachtóirí atá ag obair le húdaráis náisiúnta na mBallstát agus atá freagrach as an méid seo a leanas:

  • iarratais ar thearmann agus ar chosaint idirnáisiúnta a mheasúnú agus a bhainistiú
  • dálaí glactha leormhaithe a chinntiú.

Ina theannta sin, is í an Ghníomhaireacht a ullmhaíonn agus a sholáthraíonn faisnéis neamhchlaonta do shainghrúpaí agus don phobal mór maidir le staid an tearmainn agus na himirce san Aontas.
 

Tuilleadh eolais

An scéal is déanaí

Preaseisiúintí

Poist

Rialachán EUAA

Teagmháil

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA)

Ainm
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA)
Suíomh gréasáin
https://www.euaa.europa.eu/
Seoladh ríomhphoist
infoateuaa [dot] europa [dot] eu
Uimhir ghutháin
+356 22487500
Seoladh poist
Winemakers Wharf, Málta MRS 1917, Málta
Na meáin shóisialta