Skip to main content

Forbhreathnú

Príomhchathair: Stócólm

Teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh: an tSualainnis

Ballstát de chuid an Aontais: ón 1 Eanáir 1995

Airgeadra: Krona na Sualainne (SEK). Tá sé beartaithe ag an tSualainn an euro a ghlacadh a luaithe a shásóidh sí na coinníollacha riachtanacha.

Schengen: Ball de limistéar Schengen ón 25 Márta 2001

FigiúiríAchar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)

Córas polaitiúil

Is monarcacht bhunreachtúil agus daonlathas parlaiminteach í an tSualainn ag a bhfuil ceann rialtais, an príomh-aire, agus ceann stáit, an monarc. Tá cumhacht feidhmiúcháin ag an rialtas. Níl ach aon teach amháin sa Pharlaimint agus is ag an teach sin atá an chumhacht reachtach. Is stát aonadach í an tSualainn, atá roinnte ina 20 cúige agus ina 290 bardas.

Áit ar léarscáil an Aontais

An trádáil agus an geilleagar

Seo na hearnálacha ba mhó i ngeilleagar na Sualainne in 2020: an córas riaracháin phoiblí, gníomhaíochtaí cosanta agus oideachais, sláinte an duine, agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta (21.6%), an tionsclaíocht (17.1%) agus an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, seirbhísí iompair, cóiríochta agus bia (16.6%).

Is go tíortha laistigh den Aontas a thrádáiltear 52% d’easpórtálacha na Sualainne (an Ghearmáin 11%, an Danmhairg 8% agus an Fhionlainn 7%), agus maidir le heaspórtálacha go háiteanna lasmuigh den Aontas, téann 11% díobh chun na hIorua agus 8% chun na Stát Aontaithe.

Ó thaobh iompórtálacha de, tagann 68% ó Bhallstáit an Aontais (an Ghearmáin 18%, an Ísiltír 10% agus an Danmhairg 7%), agus maidir le hiompórtálacha ó lasmuigh den Aontas, tagann 9% ón Iorua agus 6% ón tSín.

An tSualainn san Aontas Eorpach

Parlaimint na hEorpa

Tá 21 Fheisire ag an tSualainn i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.

Oifig Pharlaimint na hEorpa sa tSualainn

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas na Sualainne i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.

Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.

Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na Sualainne lena linn:

Eanáir-Meitheamh 2001 | Iúil-Nollaig 2009 | Eanáir-Meitheamh 2023

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais

An Coimisiún Eorpach

Is í Ylva Johansson an Coimisinéir atá ainmnithe ag an tSualainn chuig an gCoimisiún Eorpach agus cúraimí Gnóthaí Baile uirthi.

Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.

Ionadaíocht an Choimisiúin sa tSualainn

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

12 ionadaí ag an tSualainn ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle uaidh i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.

Coiste Eorpach na Réigiún

12 ionadaí ag an tSualainn ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d'ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.

Buanionadaíocht chuig an Aontas Eorpach

Bíonn an tSualainn i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na Sualainne chuig an Aontas Eorpach’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas.

Buiséid agus Maoiniú

Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann an tSualainn?

Déantar an méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.

Níl sé d’aidhm ag buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine.

Figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:

Tionscadail sa tSualainn a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach

An t-airgead a d'íoc an tSualainn isteach i mbuiséad an Aontais, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, m.sh. déanamh bóithre, maoiniú do thaighdeoirí agus cosaint an chomhshaoil.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas chun tairbhe don tSualainn.