Is siombail den Aontas Eorpach í bratach na hEorpa agus, ar bhonn níos leithne, is siombail í d’fhéiniúlacht na hEorpa chomh maith. Le himeacht aimsire, tá sí ar an tsiombail is aitheanta anois d’fhéiniúlacht na hEorpa.
Siombalachas agus eilimintí grafacha
Ciorcal na réaltaí óir
- Aontacht, dlúthpháirtíocht agus síocháin i measc mhuintir na hEorpa
An Uimhir 12
- Siombail na foirfeachta agus na hiomláine
- Ní bhaineann an uimhir le líon na mBallstát
Dathanna
- Réaltaí óir ar spéir ghorm
Stair bhratach na hEorpa
8 Nollaig 1955
Ghlac Comhairle na hEorpa, eagraíocht idirnáisiúnta um chearta an duine atá neamhspleách ar an Aontas Eorpach, an bhratach den chéad uair.
11 Aibreán 1983
Mhol Parlaimint na hEorpa go mbainfeadh na Comhphobail Eorpacha (CEE), réamhtheachtaithe an Aontais, úsáid as an mbratach.
28-29 Meitheamh 1985
Ghlac an Chomhairle Eorpach dearadh bhratach na hEorpa mar lógó oifigiúil ag CEE.
29 Bealtaine 1986
Ardaíodh bratach na hEorpa den chéad uair lasmuigh d’fhoirgneamh an Berlaymont, ceanncheathrú an Choimisiúin Eorpaigh.
Samhain 2015
Eisíodh bonn comórtha euro chun 30 bliain de bhratach an Aontais a cheiliúradh.