Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
  • Gníomhaireacht dhíláraithe

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust)

Eurojust logo

Forléargas

  • Ról: cuidíonn sé leis na húdaráis náisiúnta comhoibriú le chéile chun comhrac a chur ar an sceimhlitheoireacht agus ar choireacht eagraithe thromchúiseach a bhaineann le níos mó ná Ballstát amháin
  • Stiúrthóir Riaracháin: Vincent Jamin
  • Comhaltaí: Coláiste Eurojust, ar a bhfuil comhalta náisiúnta amháin ó gach tír
  • Bliain a bhunaithe: 2002
  • An líon foirne: 270
  • Láthair: An Háig (an Ísiltír)
  • Suíomh gréasáin: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust)

Éascaíonn Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) an comhordú agus an comhar breithiúnach idir na húdaráis náisiúnta trí thacaíocht phraiticiúil a thabhairt d’ionchúisitheoirí sa chomhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí trasteorann agus na sceimhlitheoireachta.

An méid a dhéanann sé

Cuidíonn Eurojust le Ballstáit an Aontais an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe thromchúiseach a chomhrac trí roinnt seirbhísí a chur ar fáil, ar nós:

  • imscrúduithe agus ionchúisimh a bhaineann le dhá Bhallstát ar a laghad a chomhordú
  • cúnamh a thabhairt chun coinbhleachtaí dlínse a réiteach
  • éascaíocht a dhéanamh do dhréachtú agus do chur i bhfeidhm ionstraimí dlí de chuid an Aontais, ar nós barántas gabhála Eorpach, orduithe imscrúduithe Eorpacha agus orduithe nó deimhnithe sócmhainní a choigistiú agus a chalcadh.

Chuige sin, déanann Eurojust an méid seo:

  • reáchtálann sé cruinnithe comhordaithe
  • cuidíonn sé chun foirne comhpháirteacha imscrúduithe a bhunú agus a mhaoiniú
  • eagraíonn sé lárionaid chomhordaithe ina stiúrtar laethanta gníomhaíochta comhpháirtí i gcoinne líonraí coiriúla san fhíor-am
  • óstálann sé Ionchúisitheoirí Idirchaidrimh ó thríú tíortha agus coinníonn sé líonra domhanda Pointí Teagmhála a chuireann rochtain ar fáil ar dhlínsí ar fud an domhain.

Ina cheann sin, tá sé ina óstach ag rúnaíochtaí na n-eintiteas seo: an Gréasán Breithiúnach Eorpach; Líonra na Saineolaithe Náisiúnta maidir le Foirne Comhpháirteacha Imscrúdaithe; agus an Líonra maidir le cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh a imscrúdú agus a ionchúiseamh (an Líonra um Chinedhíothú). Ina theannta sin, tacaíonn Eurojust leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach um Chibearchoireacht, le grúpaí fócais ionchúisitheoirí speisialaithe maidir le smuigleáil imirceach agus maidir le gáinneáil ar dhaoine, agus cuireann sé roinnt clár agus tionscadal i bhfeidhm, amhail an Clár Digiteach um Cheartas Coiriúil, an Lárionad Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh Choir an Fhogha faoin Úcráin (ICPA), EuroMed Justice, Tionscadal IPC agus WB CRIM JUST.

Cé a bhaineann tairbhe as?

Is iad na húdaráis náisiúnta príomh-chomhpháirtithe Eurojust. Tugann Eurojust ionchúisitheoirí, údaráis forfheidhmithe an dlí agus gníomhairí eile le chéile agus cuireann sé ar a gcumas dóibh an choireacht thromchúiseach trasteorann agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Ar deireadh thiar, is iad saoránaigh an Aontais a bhaineann tairbhe as a chuid oibre, nó cuidíonn an obair sin chun Eoraip níos sábháilte a thógáil ar mhaithe le chách.

Tuilleadh eolais

Maidir le Eurojust

Preaseisiúintí

Foilseacháin

Poist

Teagmháil

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil

Ainm
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil
Suíomh gréasáin
https://www.eurojust.europa.eu/
Seoladh ríomhphoist
infoateurojust [dot] europa [dot] eu
Uimhir ghutháin
+31 70 412 50 00
Uimhir facs
+31 70 412 50 05
Seoladh poist

Johan de Wittlaan 9
2517 JR An Háig
An Ísiltír