An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne | An tAontas Eorpach
Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais EorpaighSuíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union
European Institute for Gender Equality (EIGE) logo

Forléargas

  • Ról: taighde neamhspleách a dhéanamh agus dea-chleachtas a chomhroinnt chun comhionannas inscne a chur chun cinn agus deireadh a chur le hidirdhealú inscnebhunaithe
  • Stiúrthóir: Carlien Scheele
  • Bliain a bunaithe: 2010
  • Baill foirne: 50
  • Suíomh: Vilnias na Liotuáine
  • Suíomh Gréasáin: An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne

An méid a dhéanann sí

Mar an ghníomhaireacht um chomhionannas inscne san Aontas Eorpach, déanaimid an méid seo a leanas:

  • Taighde a dhéanamh, sonraí maidir le comhionannas inscne a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu agus dearcadh trasnach againn
  • Modhanna a fhorbairt chun staidreamh inscne agus bailiúcháin sonraí a fheabhsú
  • Ár gcuid sonraí agus eolais inchomparáide iontaofa a chur in iúl trí chur chuige misneachbhunaithe
  • Staid an chomhionannais inscne a thomhas ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon
  • Uirlisí modheolaíochta a fhorbairt agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil don phríomhshruthú inscne i mbeartais uile an Aontais agus sna beartais náisiúnta uile
  • Comhoibriú le hinstitiúidí an Aontais; na Ballstáit; eagraíochtaí idirnáisiúnta; eagraíochtaí neamhrialtasacha; eagraíochtaí um chomhdheiseanna; ollscoileanna agus saineolaithe; ionaid taighde; comhpháirtithe sóisialta agus comhlachtaí gaolmhara; na meáin agus ár gcomhghníomhaireachtaí san Aontas
     

Tá an méid seo a leanas ar na seirbhísí a chuireann EIGE ar fáil:

 

Cé a bhaineann tairbhe as?

Seo cuid den mhéid a bhíonn idir lámha ag EIGE ina fheidhm mar an lárionad eolais Eorpach ar chomhionannas inscne:

  • Cabhrú le hinstitiúidí an Aontais agus leis na Ballstáit cinntí eolasacha fianaisebhunaithe a dhéanamh ina gcuirtear gné na hinscne san áireamh.
  • Eolas faoin gcomhionannas inscne a lárú ar mhaithe le heagraíochtaí den tsochaí shibhialta, an lucht acadúil, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhpháirtithe sóisialta.
  • Spreagadh a thabhairt do dhuine ar bith ar suim leis an comhionannas inscne.

Tuilleadh eolais

Nuacht agus imeachtaí EIGE

EIGE – Poist

Teagmháil

An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne

Ainm
An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne
Suíomh gréasáin
https://eige.europa.eu/
Seoladh ríomhphoist
Uimhir ghutháin
+370 5 215 7400
Seoladh poist

Gedimino pr. 16
01103 Vilnias An Liotuáin
An Liotuáin

Na meáin shóisialta