Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
European Labour Authority

Forbhreathnú

  • Ról: Cabhraíonn an tÚdarás Eorpach Saothair (ELA) chun comhar a fheabhsú idir Ballstáit an Aontais, comhordaíonn sé cigireachtaí comhbheartaithe, déanann sé anailís agus measúnú riosca maidir le saincheisteanna a bhaineann le soghluaisteacht lucht saothair trasteorann agus déanann sé idirghabháil i ndíospóidí idir Ballstáit an Aontais
  • Stiúrthóir Feidhmiúcháin: Cosmin Boiangiu 
  • Bunaithe: 2019
  • Líon foirne: 144 faoi 2024
  • Suíomh gréasáin: An tÚdarás Eorpach Saothair (ELA)

Cad a dhéanann sé?

Cuireann an tÚdarás Eorpach Saothair obair oiriúnaitheach éifeachtach chun cinn, rud a chabhraíonn le réitigh a fháil ar na dúshláin a dtugtar aghaidh orthu sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán. Déanann an tÚdarás Eorpach Saothair an méid seo a leanas:

  • cabhraíonn sé chun a chinntiú go bhforfheidhmeofar rialacha an Aontais maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na gcóras slándála sóisialta ar bhealach cothrom simplí éifeachtach
  • déanann sé níos éasca é do dhaoine aonair agus gnólachtaí tairbhe a bhaint as an margadh aonair
  • cabhraíonn sé le húdaráis na mBallstáit comhoibriú le chéile le go bhforfheidhmeofar rialacha ar bhealach níos éifeachtaí.

Bunaíodh an tÚdarás Eorpach Saothair an 31 Iúil 2019. Táthar ag súil leis go mbeidh sé i bhfeidhm ina iomláine faoi 2024.

Cé a bhaineann tairbhe as?

  • Daoine Aonair
  • Gnólachtaí
  • Eagraíochtaí Eorpacha, réigiúnacha agus náisiúnta

Teagmháil

an tÚdarás Eorpach Saothair (ELA)

Ainm
an tÚdarás Eorpach Saothair (ELA)
Suíomh gréasáin
https://www.ela.europa.eu/ga
Na meáin shóisialta