Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
  • Gníomhaireacht dhíláraithe

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)

European Public Prosecutor’s Office logo

Forbhreathnú

  • Ról: coireanna in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais
  • An Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach: Laura Codruța Kövesi
  • I bhfeidhm ó: 2021
  • Suíomh: Lucsamburg
  • Suíomh Gréasáin: Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

Is oifig ionchúisimh phoiblí neamhspleách de chuid an Aontais Eorpaigh í Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE). Féachann sí le buiséad an Aontais a chosaint agus coireanna in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais a thabhairt chun breithiúnais. 

Cad a dhéanann OIPE?

Déanann OIPE imscrúduithe agus gníomhartha ionchúisimh agus feidhmíonn sé feidhmeanna ionchúisitheora i gcúirteanna inniúla na mBallstát atá rannpháirteach.

Láimhseálann OIPE ‘cionta CLA’, mar a thugtar orthu, a liostaítear i dTreoir (AE) 2017/1371. Ina measc sin tá: 

  • calaois CBL trasteorann a bhfuil damáistí iomlán dar luach €10 milliún ar a laghad i gceist leo
  • calaois chaiteachais agus chustaim
  • éilliú a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais, nó ar dóichí go ndéanfadh sé dochar dóibh
  • míleithreasú a dhéanann oifigeach poiblí ar chistí an Aontais nó ar shócmhainní an Aontais
  • sciúradh airgid
  • cionta ar bith eile atá nasctha go dlúth le ceann de na catagóirí thuasluaite

Déanann OIPE cionta a ionchúiseamh freisin i dtaca le rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil – más dírithe ar chion CLA a dhéanamh atá an rannpháirtíocht sin.

Comhdhéanamh

Tá dhá leibhéal in OIPE: an leibhéal lárnach agus an leibhéal díláraithe (náisiúnta).

  • Ag an leibhéal lárnach tá an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach, 22 Ionchúisitheoir Eorpach (is Leas-Phríomh-Ionchúisitheoirí beirt acu sin), an Stiúrthóir Riaracháin agus an fhoireann tacaíochta.
  • Is iad an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach agus na hIonchúisitheoirí Eorpacha a dhéanann suas Coláiste OIPE. I dteannta a chéile déanann siad cinntí i dtaca le cúrsaí straitéiseacha agus glacann siad rialacha nós imeachta inmheánacha.
  • Tá leibhéal díláraithe OIPE comhdhéanta de na hIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha sna Ballstáit atá rannpháirteach. Faoi láthair tá 24 Bhallstát rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe.

Conas a oibríonn OIPE?

Déantar gach coir a thuairiscítear do OIPE a fhíorú agus a chlárú sa Chóras Bainistíochta Cásanna agus ina dhiaidh sin sanntar d’Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach í. I gcás ina gcuirtear tús le himscrúdú, is é an tIonchúisitheoir Tarmligthe Eorpach a dhéanann an t-imscrúdú ó thús deireadh, le tacaíocht ó imscrúdaitheoirí airgeadais OIPE agus anailísithe cáis, chomh maith le seirbhísí náisiúnta póilíneachta, custaim agus cánach.

Déanann Dlísheomraí Buana OIPE monatóireacht ar na gníomhaíochtaí a dhéanann na hIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha. I ngach Dlísheomra Buan (15 cinn acu atá ann san iomlán) tá triúr Ionchúisitheoirí Eorpacha ó thíortha seachas an ceann lena mbaineann an t-imscrúdú. Leis sin cruthaítear sraith bhreise neamhspleáchais.

Ag deireadh an imscrúdaithe déantar an cás a thriail os comhair na gcúirteanna náisiúnta. 

Tusa agus OIPE

Má tá foras amhrais ann go ndearnadh cion coiriúil in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais, ní mór duit é sin a thuairisciú do OIPE. Ní gá duit fianaise thacaíochta a sholáthar mura bhfuil sí ar fáil. Féadfaidh gach saoránach den Aontas Eorpach, gach duine nach saoránach den Aontas Eorpach é agus gach eintiteas dlítheanach coir a thuairisciú do OIPE, in aon teanga oifigiúil de chuid an Aontais, tríd an bhfoirm ghréasáin Coir a Thuairisciú.

Tuilleadh eolais

Comhaltaí

Nuacht

Poist le OIPE

Coir a thuairisciú

Teagmháil

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

Ainm
Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
Suíomh gréasáin
https://www.eppo.europa.eu/ga
Seoladh poist

11 Avenue John F. Kennedy
1855 Lucsamburg
Lucsamburg

Na meáin shóisialta