Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Forbhreathnú

Príomhchathair: Vaileite

Teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh: an Mháltais, an Béarla

Ballstát de chuid an Aontais: ón 1 Bealtaine 2004

Airgeadra: an euro. Ball den limistéar euro ón 1 Eanáir 2008

Schengen: Ball de limistéar Schengen ón Nollaig 2007

FigiúiríAchar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)

Córas polaitiúil

Poblacht pharlaiminteach ina bhfuil aon teach amháin í Málta ag a bhfuil ceann rialtais, an príomh-aire, agus ceann stáit, an t-uachtarán, a bhfuil ról deasghnách aige den chuid is mó. Tá an tír roinnte ina 5 réigiún. Tá coiste réigiúnach ag gach réigiún agus feidhmíonn an coiste sin mar idirghabhálaí idir an rialtas áitiúil agus an rialtas náisiúnta.

Áit ar léarscáil an Aontais

An trádáil agus an geilleagar

Seo na hearnálacha is mó a bhí i ngeilleagar Mhálta in 2020: an riarachán poiblí, an chosaint, an t-oideachas, sláinte an duine agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta (18.3%), gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla; gníomhaíochtaí seirbhísí riaracháin agus tacaíochta (17.3%) agus an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, seirbhísí iompair, cóiríochta agus bia (14.0%).

Is go tíortha laistigh den Aontas a thrádáiltear 50% d’easpórtálacha Mhálta (an Ghearmáin 17%, an Fhrainc 9% agus an Iodáil 7%), agus maidir le heaspórtálacha go háiteanna lasmuigh den Aontas, téann 6% díobh go Singeapór agus an oiread céanna go Hong Cong.

Ó thaobh iompórtálacha de, tagann 57% ó Bhallstáit an Aontais (an Iodáil 20%, an Ghearmáin agus an Fhrainc 7%), agus maidir le hiompórtálacha ó lasmuigh den Aontas, tagann 8% ón tSín agus ón Ríocht Aontaithe.

Málta san Aontas Eorpach

Parlaimint na hEorpa

Tá 6 Fheisire ag Málta i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.

Oifig Pharlaimint na hEorpa i Málta

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas Mhálta i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.

Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.

Na tréimhsí a mbeidh an uachtaránacht faoi chúram Mhálta lena linn:

Eanáir-Meitheamh 2017

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais

An Coimisiún Eorpach

Is í Helena Dalli an Coimisinéir atá ainmnithe ag Málta chuig an gCoimisiún Eorpach agus cúraimí Comhionannais uirthi.

Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.

Ionadaíocht an Choimisiúin i Málta

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

5 ionadaí ag Málta ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.

Coiste Eorpach na Réigiún

5 ionadaí ag Málta ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d'ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.

Buanionadaíocht chuig an Aontas Eorpach

Bíonn Málta i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aige sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid Mhálta chuig an Aontas’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas.

Buiséid agus Maoiniú

Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann Málta?

Déantar an méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu.
Níl sé d’aidhm ag buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine. 

Figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:

Tionscadail i Málta a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach

An t-airgead a d’íoc Málta isteach i mbuiséad an Aontais Eorpaigh, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, cuir i gcás, déanamh bóithre, maoiniú do thaighdeoirí agus cosaint an chomhshaoil.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas chun tairbhe do Mhálta.