Forbhreathnú
Príomhchathair: Liospóin
Teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh: an Phortaingéilis
Ballstát de chuid an Aontais: ón 1 Eanáir 1986
Airgeadra: an euro. Ball den limistéar euro ón 1 Eanáir 1999
Schengen: Ball de limistéar Schengen ón 26 Márta 1995
Figiúirí: Achar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)
Córas polaitiúil
Poblacht leath-uachtaránachta is ea an Phortaingéil ag a bhfuil ceann rialtais, an príomh-aire, agus ceann stáit, an t-uachtarán, a bhfuil sé de chumhacht aige an príomh-aire agus baill eile de chuid an rialtais a cheapadh. Tá an tír roinnte ó thaobh riaracháin de ina 308 mbardas, atá foroinnte ina 3,092 pharóiste shibhialta. Ó thaobh na hoibríochta de, is iad an bardas, an paróiste sibhialta agus an rialtas náisiúnta amháin a aithnítear mar aonaid riaracháin áitiúla ó thaobh an dlí de.
An trádáil agus an geilleagar
Seo na hearnálacha ba mhó i ngeilleagar na Portaingéile in 2020: an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, seirbhísí iompair, cóiríochta agus bia (20.8%), an córas riaracháin phoiblí, gníomhaíochtaí cosanta agus oideachais, sláinte an duine, agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta (20.7%), agus an tionsclaíocht (17.4%).
Is go tíortha laistigh den Aontas a thrádáiltear 71 % d’easpórtálacha na Portaingéile (an Spáinn 25%, an Fhrainc 14% agus an Ghearmáin 12%), agus maidir le honnmhairí go háiteanna lasmuigh den Aontas, téann 6% díobh chun na Ríochta Aontaithe agus 5% go dtí na Stáit Aontaithe.
Ó thaobh iompórtálacha de, tagann 75% ó Bhallstáit an Aontais (an Spáinn 33%, an Ghearmáin 13% agus an Fhrainc 7%), agus maidir le hiompórtálacha ó lasmuigh den Aontas, tagann 5% ón tSín agus 3% ón Ríocht Aontaithe.
An Phortaingéil san Aontas Eorpach
Parlaimint na hEorpa
Tá 21 Fheisire ag an bPortaingéil i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.
Oifig Pharlaimint na hEorpa sa Phortaingéil
Comhairle an Aontais Eorpaigh
Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas na Portaingéile i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.
Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.
Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.
Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na Portaingéile lena linn:
Eanáir-Meitheamh 1992 | Eanáir-Meitheamh 2000 | Iúil-Nollaig 2007
Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais
An Coimisiún Eorpach
Is í Elisa Ferreira an Coimisinéir atá ainmnithe ag an bPortaingéil chuig an gCoimisiún Eorpach agus cúraimí Comhtháthaithe agus Athchóiriúchán uirthi.
Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.
Ionadaíocht an Choimisiúin sa Phortaingéil
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Tá 12 ionadaí ag an bPortaingéil ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle uaidh i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.
Coiste Eorpach na Réigiún
Tá 12 ionadaí ag an bPortaingéil ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.
Buanionadaíocht chuig an Aontas Eorpach
Bíonn an Phortaingéil i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin "ambasáid na Portaingéile chuig an Aontas Eorpach" agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas.
Buiséid agus Maoiniú
Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann an Phortaingéil?
Déantar an méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.
Níl sé d’aidhm ag buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine.
Figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:
- Buiséad an Aontais Eorpaigh
- Ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh de réir na bliana agus na tíre
Tionscadail sa Phortaingéil a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach
An t-airgead a d'íoc an Phortaingéil isteach i mbuiséad an Aontais, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, m.sh. déanamh bóithre, maoiniú do thaighdeoirí agus cosaint an chomhshaoil.
Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas chun tairbhe don Phortaingéil.