Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Forléargas 

Córas polaitiúil

Poblacht uachtaránachta is ea an Chipir. Is é an t-uachtarán an ceann stáit agus an ceann rialtais. Nuair a fuair an Chipir ballraíocht san Aontas, tháinig sí isteach ann mar oileán atá deighilte de facto ach is cuid den Aontas an t-oileán iomlán. Is saoránaigh den Aontas Eorpach iad baill de Phobal Turcach na Cipire ar an mbonn gur saoránaigh de thír san Aontas – Poblacht na Cipire – iad, cé go bhfuil cónaí orthu ar chuid den oileán nach bhfuil faoi smacht an rialtais. Tá dlí an Aontais ar fionraí i réimsí nach bhfeidhmíonn rialtas na Cipire (Rialtas na Poblachta) rialú éifeachtach orthu. Tá dhá theanga oifigiúla sa Chipir: Gréigis agus Tuircis; is í an Ghréigis amháin atá ina teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh.

An trádáil agus an geilleagar

Tá OTI per capita na Cipire, is é sin €33,400, faoi bhun mheán an Aontais (€35,500). Sin 0.2% d’OTI an Aontais san iomlán.  

(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir le OTI per capita agus OTI)   

(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir le heaspórtálacha agus iompórtálacha)   

An Chipir san Aontas Eorpach  

Buiséid agus Maoiniú

Cá mhéad a íocann an Chipir don Aontas agus cá mhéad a fhaigheann sí uaidh?  

Is é buiséad an Aontais an uirlis lena chinntiú gur fórsa daonlathach síochánta rathúil iomaíoch í an Eoraip. Baineann an tAontas úsáid as a bhuiséad chun a thosaíochtaí agus a thionscadail mhóra a mhaoiniú, rudaí nach bhféadfadh an chuid is mó de thíortha an Aontais a mhaoiniú ina n-aonar.    

Is mó na buntáistí a bhaineann le ballraíocht an Aontais ná méid ranníocaíochtaí bhuiséad an Aontais, agus is iomaí sampla de sin atá ann. Baineann na Ballstáit uile tairbhe as a bheith rannpháirteach sa Mhargadh Aonair, as cur chuige comhroinnte i leith na ndúshlán coiteann a bhaineann leis an imirce, leis an sceimhlitheoireacht agus leis an athrú aeráide, agus as gnóthachain nithiúla amhail bonneagar iompair níos fearr, seirbhísí poiblí nuachóirithe agus digitithe agus cóir leighis cheannródaíoch.   

An méid atá le híoc ag gach tír san Aontas isteach i mbuiséad an Aontais, déantar é a ríomh ar bhealach cothrom. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.  

Ní tabhairt agus glacadh atá i gceist le buiséad an Aontais; is éard atá i gceist leis rannchuidiú le chéile chun háit níos fearr a dhéanamh den Eoraip agus den domhan do chách.    

Caiteachas bhuiséad an Aontais agus ioncam de réir tíre in aghaidh na bliana  

Tionscadail sa Chipir a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach   

Cuidíonn an t-airgead i mbuiséad an Aontais le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, e.g. chun bóithre a thógáil, maoiniú a thabhairt do thaighdeoirí agus an comhshaol a chosaint.   

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann maoiniú ón Aontas chun tairbhe don Chipir agus faoi chistí téarnaimh i do thír nó i do réigiún féin.