Forbhreathnú
Príomhchathair: Ríge
Teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh: an Laitvis
Ballstát de chuid an Aontais: ón 1 Bealtaine 2004
Airgeadra: an euro. Ball den limistéar euro ón 1 Eanáir 2014
Schengen: Ball de limistéar Schengen ón 21 Nollaig 2007
Figiúirí: Achar na tíre - daonra - olltáirgeacht intíre (OTI) per capita i gcaighdeán cumhachta ceannaigh (CCC)
An córas polaitiúil
Poblacht pharlaiminteach í an Laitvia ag a bhfuil ceann rialtais, an príomh-aire, a roghnaíonn comhairle na n-airí, agus ceann stáit, an t-uachtarán, a bhfuil ról deasghnách aige den chuid is mó agus a ainmníonn an príomh-aire. Bíonn an rialtas faoi réir fhormheas na Parlaiminte i rith gach téarma. Tá an tír fo-roinnte ina 110 mbardas leibhéal amháin agus ina 9 gcathair. Tá a gcomhairle cathrach agus a riarachán bardasach féin acu sin.
An trádáil agus an geilleagar
Seo na hearnálacha ba mhó i ngeilleagar na Portaingéile in 2020: an trádáil mhórdhíola agus mhiondíola, seirbhísí iompair, cóiríochta agus bia (23.1%), an córas riaracháin phoiblí, gníomhaíochtaí cosanta agus oideachais, sláinte an duine, agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta (18.1%), agus an tionsclaíocht (15.4%).
Is go tíortha laistigh den Aontas a thrádáiltear 62% d’easpórtálacha na Laitvia (an Liotuáin 15%, an Eastóin 11%, agus an Ghearmáin 7%), agus maidir le heaspórtálacha go háiteanna lasmuigh den Aontas, téann 13% díobh chun na Rúise agus 5% chun na Ríochta Aontaithe.
Ó thaobh iompórtálacha de, tagann 76% ó Bhallstáit an Aontais (an Liotuáin 17%, an Ghearmáin agus an Pholainn 10 %, agus maidir le hiompórtálacha ó lasmuigh den Aontas, tagann 6% ón Rúis agus 2% ón mBealarúis.
An Laitvia san Aontas Eorpach
Parlaimint na hEorpa
Tá 8 bhFeisire ag an Laitvia i bParlaimint na hEorpa. Seo roinnt eolais faoi na Feisirí sin.
Oifig Pharlaimint na hEorpa sa Laitvia
Comhairle an Aontais Eorpaigh
Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Bíonn ionadaithe as rialtas na Laitvia i láthair go rialta ag cruinnithe na Comhairle. Ní hiad na hionadaithe céanna a bhíonn i láthair ag gach cruinniú – tá sin ag brath ar an réimse beartais.
Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Ní uachtarán buan amháin (fearacht Uachtaráin an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.
Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.
Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na Laitvia lena linn:
Eanáir-Meitheamh 2015
Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Uachtaránacht reatha Chomhairle an Aontais
An Coimisiún Eorpach
Is é Valdis Dombrovskis, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Gheilleagar a Fhóireann do Dhaoine, an Coimisinéir atá ainmnithe ag an Laitvia chuig an gCoimisiún Eorpach.
Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin.
Ionadaíocht an Choimisiúin sa Laitvia
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Tá 7 n-ionadaí ag an Laitvia ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta sna Ballstáit.
Coiste Eorpach na Réigiún
Tá 7 n-ionadaí ag an Laitvia ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d'ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.
Buanionadaíocht chuig an Aontas Eorpach
Bíonn an Laitvia i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na Laitvia chuig an Aontas Eorpach’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go bhfuil leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn go héifeachtach san Aontas Eorpach.
Buiséid agus Maoiniú
Cá mhéad a íocann agus a fhaigheann an Laitvia?
Déantar an méid atá le híoc ag gach tír de chuid an Aontais Eorpaigh a ríomh ar bhealach cothrom, de réir na n-acmhainní atá ag gach tír ar leith. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.
Níl sé d’aidhm ag buiséad an Aontais Eorpaigh an rachmas a athdháileadh, ach cuirtear béim ar riachtanais mhuintir na hEorpa ina n‑iomláine.
Figiúirí faoi bhuiséad, ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh:
Tionscadail sa Laitvia a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach
An t-airgead a d'íoc an Laitvia isteach i mbuiséad an Aontais Eorpaigh, úsáidtear é le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, m.sh. déanamh bóithre, maoiniú do thaighdeoirí agus cosaint an chomhshaoil.
Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann an maoiniú ón Aontas Eorpach chun tairbhe don Laitvia.