Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Forléargas

Córas polaitiúil

Poblacht leath-uachtaránachta is ea an Rómáin ag a bhfuil uachtarán atá ina cheann stáit, agus príomh-aire atá ina cheann rialtais. Tá feidhmeanna feidhmiúcháin ag an rialtas agus ag an uachtarán araon.

Tá an tír roinnte ina 41 chontae agus bardas Bhúcairist. Tá gach contae á riar ag comhairle contae, a bhfuil gnóthaí áitiúla faoina cúram, agus ag maor atá freagrach as gnóthaí náisiúnta a riar ar leibhéal an chontae.

An trádáil agus an geilleagar

Tá OTI per capita na Rómáine, is é sin €26,800, faoi bhun mheán an Aontais (€35,500). Sin 1.6 % d’OTI an Aontais san iomlán.

(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir le OTI per capita agus OTI)

(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir le heaspórtálacha agus iompórtálacha)

An Rómáin san Aontas

Buiséid agus Maoiniú

Cá mhéad a íocann an Rómáin don Aontas agus cá mhéad a fhaigheann sí uaidh?  

Is é buiséad an Aontais an uirlis lena chinntiú gur fórsa daonlathach síochánta rathúil iomaíoch í an Eoraip. Baineann an tAontas úsáid as a bhuiséad chun a thosaíochtaí agus a thionscadail mhóra a mhaoiniú, rudaí nach bhféadfadh an chuid is mó de thíortha an Aontais a mhaoiniú ina n-aonar.    

Is mó na buntáistí a bhaineann le ballraíocht an Aontais ná méid ranníocaíochtaí bhuiséad an Aontais, agus is iomaí sampla de sin atá ann. Baineann na Ballstáit uile tairbhe as a bheith rannpháirteach sa Mhargadh Aonair, as cur chuige comhroinnte i leith na ndúshlán coiteann a bhaineann leis an imirce, leis an sceimhlitheoireacht agus leis an athrú aeráide, agus as gnóthachain nithiúla amhail bonneagar iompair níos fearr, seirbhísí poiblí nuachóirithe agus digitithe agus cóir leighis cheannródaíoch.   

An méid atá le híoc ag gach tír san Aontas isteach i mbuiséad an Aontais, déantar é a ríomh ar bhealach cothrom. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.  

Ní tabhairt agus glacadh atá i gceist le buiséad an Aontais; is éard atá i gceist leis rannchuidiú le chéile chun háit níos fearr a dhéanamh den Eoraip agus den domhan do chách.    

Caiteachas bhuiséad an Aontais agus ioncam de réir tíre in aghaidh na bliana  

Tionscadail sa Rómáin a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach 

Cuidíonn an t-airgead i mbuiséad an Aontais le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, e.g. chun bóithre a thógáil, maoiniú a thabhairt do thaighdeoirí agus an comhshaol a chosaint.   

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann maoiniú ón Aontas chun tairbhe don Rómáin agus faoi chistí téarnaimh i do thír nó i do réigiún féin.