Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Aintiún na hEorpa

Tagann séis shiombalach an Aontais Eorpaigh ón Naoú Siansa le Ludwig van Beethoven, nuair a chuir sé ceol le 'Ode to Joy' ('Óid don Aoibhneas') sa bliain 1823, véarsa liriciúil a chum Friedrich von Schiller in 1785.

Is siombal ní hamháin don Aontas Eorpach an t-aintiún, ach siombal don Eoraip ar chiall níos leithne. Cuireann an dán 'Óid don Aoibhneas' fís idéalaíoch Schiller faoi bhráithreachas an chine dhaonna in iúl – fís a bhí ag Beethoven chomh maith.

In 1972, ghlac Comhairle na hEorpa le téama 'Óid don Aoibhneas' le Beethoven mar aintiún. In 1985, ghlac ceannairí an Aontais Eorpaigh leis mar aintiún oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Níl aon fhocail ag dul leis an aintiún; is píosa ceoil amháin atá ann. I dteanga uilechoiteann an cheoil, cuireann an t-aintiún na hidéil Eorpacha in iúl, is é sin an tsaoirse, an tsíocháin agus an dlúthpháirtíocht.

Níl an t-aintiún Eorpach ceaptha ionad aintiúin náisiúnta na mBallstát a ghlacadh. Tá sé ceaptha níos mó chun na luachanna coiteanna eatarthu a cheiliúradh. Seinntear an t-aintiún ag searmanais oifigiúla a bhaineann leis an Aontas Eorpach agus go hiondúil ag gach cineál ócáide a bhfuil blas Eorpach leo.

Éist le hAintiún na hEorpa

Éist le hAintiún na hEorpa