Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Do shonraí pearsanta a chosaint

An oibríocht phróiseála: Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide – Foirmeacha Aiseolais ó Úsáideoirí

Rialaitheoir Sonraí: Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Straitéis & Cumarsáid Chorparáideach, An tAonad dar teideal “Cumarsáid Ghréasáin Europa”

Tagairt taifid: DPR-EC-01064

Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Anseo thíos tá an t-eolas maidir le próiseáil sonraí a bhaineann le Foirmeacha Aiseolais ó Úsáideoirí, próiseáil a dhéanann Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide sa Choimisiún Eorpach agus a haonad dar teideal “Cumarsáid Ghréasáin Europa”.

Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Bailíonn An tAonad dar teideal “Cumarsáid Ghréasáin Europa” in Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide (an ‘Rialaitheoir Sonraí’ anseo feasta) aiseolas ó úsáideoirí maidir le suíomhanna roghnaithe de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus leis an suíomh gréasáin idirinstitiúideach europa.eu, aiseolas a bhaineann le hábhar na suíomhanna sin nó lena fheidhmiúla atá siad, d’fhonn cumarsáid ar líne an Choimisiúin Eorpaigh a fheabhsú agus seirbhís ar líne níos fearr a chur ar fáil d’úsáideoirí/saoránaigh.

Is féidir aiseolas a chur ar fáil go hanaithnid, ach tá sé de rogha agat a bheith páirteach agus cead a thabhairt tuilleadh eolais a fháil mar aon le toiliú a thabhairt teagmháil a dhéanamh leat le haghaidh soiléirithe.

I gcás ina roghnaíonn tú a bheith páirteach, déantar do chuid sonraí a bhailiú trí “EU Survey” (rud a óstáiltear ar fhreastalaithe an Choimisiúin) agus a chóipeáil de láimh ar scarbhileog ina dhiaidh sin, scarbhileog a stóráiltear ar thiomántán comhroinnte ar líonra na hArd-Stiúrthóireachta oibriúcháin.

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:

- tá toiliú tugtha ag an ábhar sonraí a shonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch sonrach amháin nó níos mó.

Tá sé sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, go háirithe Airteagal 5(1) de.

Is cúram é eolas a choinneáil leis an bpobal trí chumarsáid ar líne a eascraíonn as sainchumais an Choimisiúin Eorpaigh ar an leibhéal institiúideach mar a fhoráiltear in Airteagal 58(2) (d) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2018/1046 an 18 Iúil 2018 i ndáil leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?

Tá sé de rogha agat a bheith páirteach agus cead a thabhairt tuilleadh eolais a fháil mar aon le teagmháil a dhéanamh leat le haghaidh soiléirithe agus tuilleadh eolais.

I gcás ina roghnaítear a bheith páirteach ní bhailímid ach sonraí atá riachtanach ar mhaithe le tuilleadh teagmhála, mar atá: ainm agus seoladh ríomhphoist.

Cá fhad a choinnímid do shonraí pearsanta?

Ní choinnítear sonraí pearsanta ach a fhad is gá gníomhaíochtaí leantacha a dhéanamh i bhfianaise an aiseolais a chuirtear ar fáil trí na foirmeacha ar líne i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta, agus ní choinnítear iad ar feadh tréimhse níos faide ná 2 bhliain ón dáta a chuirtear isteach an t-aiseolas.

Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh nó sin ar fhreastalaithe ceann de na conraitheoirí atá aige faoi Chreatchonradh PO/2016/20/A5. Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise a úsáideann an Coimisiún Eorpach.

Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi cheangal clásal conarthach ar leith maidir le próiseáil ar bith a dhéantar ar do chuid sonraí thar ceann an Choimisiúin, agus tá siad faoi cheangal oibleagáidí rúndachta a thagann as trasuí an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí sna Ballstáit (Rialachán ‘RGCS’ (AE) 2016/679).

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, agus leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go mbeadh rochtain neamhúdaraithe orthu, bearta lena gcuirtear san áireamh an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, tá cead rochtana ar na sonraí a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála sin.

Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta d'fhostaithe an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú de réir an phrionsabail “ar bhonn riachtanas eolais”. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe reachtúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

Is féidir le fostaithe de chuid conraitheoirí atá i gceannas Tástálacha Seirbhísí Gréasáin thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh do shonraí pearsanta a rochtain freisin.

Ní thabharfar an t-eolas a bhailímid d'aon tríú páirtí eile, seachas a mhéid is gá nó chun na críche is gá chun an dlí a chomhlíonadh.

Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a scriosadh agus an ceart chun srian a chur ar phróiseáil do shonraí pearsanta. I gcás inarb infheidhme, tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála agus tá an ceart chun iniomparthacht sonraí agat.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d'iarratas.

Sonraí teagmhála

An Rialaitheoir Sonraí

Na sonraí pearsanta sin a dhéanann suíomh gréasáin Europa agus a fhoshuíomhanna a stóráil, más mian leat iad a fhíorú, a athrú nó a scriosadh, is féidir dul i dteagmháil le hAonad Cumarsáide Gréasáin Europa in Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide.

Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin

Féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICERatec [dot] europa [dot] eu (DATA-PROTECTION-OFFICER[at]ec[dot]europa[dot]eu)) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (edpsatedps [dot] europa [dot] eu (edps[at]edps[dot]europa[dot]eu)) (i.e. gearán a dhéanamh leis) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.

Tuilleadh eolais

Foilsíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí a ndearnadh doiciméadú orthu agus ar tugadh fógra dó ina leith. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: https://ec.europa.eu/dpo-register.

Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil leis: DPR-EC-01064.